FÓGRA BREITHNITHE MAIDIR LE SCÉIM TARSCAOILTE RÁTAÍ

Faoi Alt 15 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019, tá an t-údarás ag comhaltaí tofa údaráis áitiúil scéim a bhunú le haghaidh tarscaoilte rátaí, scéim is gá a fhaomhadh ag cruinniú údaráis áitiúil.

Tá scéim tarscaoilte rátaí don bhliain airgeadais áitiúil 2026 á breith ag Comhairle Contae Chiarraí. Féadtar teacht ar chóip den scéim mholta anseo: Scéim Tarscaoilte Rátaí Tráchtála 2026

Tá sé mar aidhm ag an scéim fás eacnamaíoch a spreagadh agus feidhm a thabhairt do mhaoin folamh arís. Tá sí dírithe ar chomhlachtaí a mhealladh isteach chuig lár bailte agus sráidbhailte ar fud an chontae, go háirithe chucu siúd a bunaíodh le déanaí nó atá ag méadú, agus spreagann sí úsáid a bhaint as maoin folamh, sa chás gur fágadh maoin folamh ar feadh tréimhse leanúnach dhá bhliain.

Cuireann Comhairle Contae Chiarraí fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal maidir leis an dréachtscéim seo.

Cuir do chuid aiseolais in iúl dúinn roimh 5 i.n. ar an 1 Iúil 2025, le do thoil

Sa phost chuig: Aighneachtaí Scéim Tarscaoilte Rátaí, f/ch Rannóg Eacnamaíoch agus Turasóireachta., Halla Ashe, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Déan Teagmháil

Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Ph: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie