Scéim Rannpháirteachais Phobail 2025-2026
Tá Comhairle Contae Chiarraí ag cur fáilte roimh iarratais faoi an scéim thuasluaite.
Spreagann an scéim cur chuige comhpháirteach idir grúpaí d’áitritheoirí áitiúla agus úinéirí talún chun cothabháil a dhéanamh ar bhóithre poiblí, de ghnáth bóithre áitiúla nó cul-de-sac. Beidh an Scéim Rannpháirteachais Phobail bunaithe ar íocaíochtaí pobail idir 10% go 20%.
Tá foirm iarratais agus na sonraí ar fad ar fáil ó Roinn Bóithre agus Iompar, Comhairle Contae Chiarraí, Seomra 115, Áras an Chontae, Rath Teas, Trá Lí , Contae Chiarraí – Uimh fón: 066-7183588 agus táid ar fáil chomh maith ar suíomh idirlín anseo:
Glacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe go hiomlán go dtí an 18 Deireadh Fómhair 2024 agus ba cheart iad a sheoladh go dtí Roinn Bóithre agus Iompar, Comhairle Contae Chiarraí, Seomra 115, Áras an Chontae, Rath Teas, Trá Lí, Contae Chiarraí.
Dein teagmháil linn
An Rannóg Oibríochtaí,
Seomra 115
Áras an Chontae
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183588
r-phost: roads@kerrycoco.ie