Scéim Deontais um Chomhfhorbairt Áite agus Gníomhachtú Pobail 2026
Tá Comhairle Contae Chiarraí tar éis sonraí a fhógairt faoin gcaiteachas €250,000 i dtacaíocht mhaoinithe do thionscadail ar fud an chontae faoi Scéim Deontais um Chomhfhorbairt Áite agus Gníomhachtú Pobail 2026.
Tá na treoirlínte don Scéim Deontais um Chomhfhorbairt Áite agus Gníomhachtú Pobail 2026 leagtha amach chun tacú le tionscadail chruthaitheacha um chomhfhorbairt áite i mbailte agus i sráidbhailte ar fud chontae Chiarraí. Féachann an scéim le cuma, braistint agus eispéireas ár lonnaíochtaí a fheabhsú chun leasa cónaitheoirí agus cuairteoirí araon. Seo a leanas na príomhphointí atá le cur san áireamh agus iarratas á dhéanamh:
Incháilitheacht:
Tá an scéim oscailte do ghnólachtaí, do ghrúpaí pobail agus do ghrúpaí deonacha atá lonnaithe i gCiarraí, sa lonnaíocht ina mbeidh an tionscadal á sheachadadh más féidir. Níl sé beartaithe deontas a bhronnadh ar eagraíochtaí brabúis, ach d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar thionscadail a chuireann eagraíochtaí brabúis isteach má théann siad chun sochair/feabhais an phobail i suíomh ‘saor in aisce’.
Cineálacha na dTionscadal:
Ní mór do thionscadail dul chun tairbhe cuma, braistint agus eispéireas lonnaíochta i gCiarraí. D’fhéadfadh tionscadail féachaint le feabhas a cur ar fheasacht ar bhithéagsúlacht, cultúr agus oidhreacht, e.g. glasú limistéar, dealbha, suiteálacha ealaíon agus limistéir thaitneamhachta ach níl tionscadail teoranta do na téamaí seo.
Méid an Mhaoinithe:
Mar threoir, táthar ag súil go mbeidh tionscadail idir €5,000 agus €15,000.
Seachadadh an Tionscadail:
Rachfar i dteagmháil leis na hiarrthóirí a n-éireoidh leo laistigh de 6 seachtaine ó spriocdháta an iarratais –
15 Bealtaine 2026. Is iad na grúpaí iarrthacha a dhéanfaidh gach tionscadal maoinithe a sheachadadh. Caithfear tionscadail a chur i gcrích faoi dheireadh 2026.
Tá Sonraí faoin Scéim Deontais um Chomhfhorbairt Áite agus Gníomhachtú Pobail 2026 ar fáil ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Chiarraí www.kerrycoco.ie agus táfoirmeacha iarratais ar fáil le líonadh ar line, ar an nasc seo a leanas:
Placemaking and Community Activation Grant Scheme 2026 | Kerry County Council
B’fhéidir go mbeidh ort do scáileán a athnuachan ( brúigh F5) chun eolas nua a fheiceáil ar an suíomh gréasáin.
Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil ná an Aoine 15 Bealtaine 2026
Ba chóir na fiosruithe a chur chuig Oifigeach Ceantar Bardasach trí ríomhphost sna ceantair seo a leanas:
Eamon Cunningham Tralee MD: ecunning@kerrycoco.ie
Matthew Farrell Killarney MD: Matthew.Farrell@kerrycoco.ie
Patricia Greaney Listowel MD: patricia.greaney@kerrycoco.ie
Davina Griffin Kenmare MD: davina.griffin@kerrycoco.ie
Annemarie Lynch Castleisland-Corca Dhuibhne MD: amlynch@kerrycoco.ie
Déan Teagmháil
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Ph: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie