Scéim deontais féilte agus imeachtaí rannpháirtíochta 2025

Scéim deontais féilte agus imeachtaí rannpháirtíochta 2025
Tá Comhairle Contae Chiarraí ag fáiltiú roimh iarratais ar Chlár Maoinithe na bhFéilte & na nImeachtaí Rannpháirtíochta Réigiúnacha 2025. Is é an aidhm atá leis an tionscnamh seo tacú le féilte agus imeachtaí a thacaíonn le turasóireacht i gContae Chiarraí, a spreagann cuairteoirí baile agus idirnáisiúnta, a mhéadaíonn líon na n-oícheanta aíochta, a chuireann dlús le fás eacnamaíoch áitiúil, agus a fheabhsaíonn eispéireas cuairteoirí.

Conas Iarratas a Dhéanamh
Táthar ag fáiltiú anois roimh iarratais ar Chlár Maoinithe na bhFéilte & na nImeachtaí Rannpháirtíochta Réigiúnacha 2025, á mhaoiniú ag Fáilte Éireann. Tá Comhairle Contae Chiarraí tiomanta do thacú le himeachtaí a thugann léargas ar na nithe uathúla is díol spéise atá le fáil sa chontae agus a thacaíonn le fás turasóireachta inbhuanaithe.

Príomhdhátaí
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar líne 5:00 p.m. ar an Luain, an 17 Feabhra 2025.
Sonraí Teagmhála
Má theastaíonn tuilleadh sonraí nó cúnamh uait, bain úsáid as na sonraí teagmhála seo a leanas:
• Ríomhphost: tourismoffice@kerrycoco.ie
• Teileafón: (066) 7183591

An tAonad Turasóireachta
Comhairle Contae Chiarraí
Halla Cuimhneacháin Ashe,
Trá Lí, Co. Chiarraí

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta