Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2021

Breac Chuntas

Foirm um Léiriú Spéise

Tá “léirithe spéise” á lorg ag Comhairle Contae Chiarraí ó ghrúpaí/eagraíochtaí ar mhaith leo tionscadail ábhartha a chur faoi bhráid na Comhairle lena meá don Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2021. D’fhorbair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an scéim seo le tacaíocht a chur ar fáil do bhearta chun sráidbhailte agus bailte uirbeacha a athnuachan ar fud na hÉireann.

Is iad na bearta a dtabharfar tacaíocht dóibh faoi Scéim Athnuachana mBailte agus na Sráidbhailte 2021 ná an méid seo a leanas:

  • Tabhairt faoi lárionaid bailte a bhfuil foirgnimh tréigthe iontu a athnuachan
  • Foirgnimh fholmha a thiontú ina spásanna pobail agus spásanna cianoibre
  • Tacú le hÚdaráis Áitiúla chun feachtais nuálaíocha margaíochta a chur le chéile a bheadh dírithe ar oibrithe cianda a mhealladh chun a gcontae
  • Infheistíocht a dhéanamh i spásanna glasa, páirceanna agus áiseanna fóillíochta
  • Éadain siopaí agus sráid-dreach ar phríomhshráideanna a fheabhsú agus a uasghrádú
  • Tionscadail a chuirfidh leis an ngeilleagar oíche agus a chuirfidh beocht le lárionaid bailte

Ag an staid luath seo, tá Comhairle Contae Chiarraí ag iarraidh an leibhéal féideartha spéise a mheas agus tuairim a fháil i dtaobh na gcineálacha tograí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoin scéim.

Déanfar measúnú ar gach léiriú spéise faoi na tosaíochtaí atá sainithe in Imlíne na Scéime.

Ní mór do ghrúpaí/eagraíochtaí a bhfuil suim acu sa scéim Foirm Léirithe Spéise a chomhlánódh agus í a chur ar ais ar an ríomhphost chuig community@kerrycoco.ie nó tríd an bpost go: An Roinn Pobail agus Turasóireachta, Comhairle Contae Chiarraí, Foirgnimh Contae, An Ráth Theas, Trá Lí, Co. Chiarraí faoin 5 a chlog, Dé hAoine 11 Meitheamh 2021, ar a dhéanaí. 

Tá an spriocdháta seo leagtha síos le hiarratais a bhreithniú agus a mheas sula ndéanfaidh an tÚdarás Áitiúil na hiarratais dheiridh a chur chuig an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe faoin 16 Iúil 2021.

Déan teagmháil, le do thoil, le hoifig do cheantair bhardasaigh féin má bhíonn aon cheist agat nó cuir scéala ar an ríomhphost chuig community@kerrycoco.ie

Tabhair do d’aire:

  • Ní fhéadfar aon síneadh ama a chur leis an spriocdháta faoi chúinse ar bith
  • Is próiseas iomaíoch é seo mar go bhfuil teorann leis an líon iarratas is féidir le Comhairle Contae Chiarraí a chur chuig an Roinn.
  • Níl aon chinnteacht go gcuirfear iarratas ar aghaidh chuig an Roinn lena mheá agus iarratas tar éis a bheith faighte ag Comhairle Contae Chiarraí. Cuirfidh an tÚdarás Áitiúil iarratasóirí ar an eolas má éiríonn lena dtionscadal dul chomh fada leis an gCéim Iarratais.
Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680