Salú ag madraí

Is cion faoi Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997, (arna leasú), gan glanadh suas i ndiaidh do mhadra má shalaíonn do mhadra áit phoiblí. Is núis shuntasach agus guais sláinte fhéideartha é salú ag madraí a fhágtar ar chosáin, ar bhóithre, i bpáirceanna poiblí agus i limistéir phoiblí eile. 

Is cion faoi Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997, é teip glanadh suas i ndiaidh do mhadra agus d’fhéadfaí fíneáil ar an láthair, €150, a eisiúint don chiontóir, nó ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil suas le €3,000.

  • Ní mór duit salú ag madraí a phiocadh suas agus a chur i mbosca bruscair nuair a bhíonn tú in áiteanna poiblí.
  • Ná déan dearmad: Cuir i Mála agus Cuir i mBosca Bruscair!

Ar aon dul le Fodhlíthe maidir le Reiligí 2018 Chomhairle Contae Chiarraí, níl sé ceadaithe aon mhadra a thabhairt isteach i Reiligí Chomhairle Contae Chiarraí (seachas madraí treorach agus madraí cuidithe).

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie