Ráiteas Insroichteachta

Tiomantas Chomhairle Contae Chiarraí don Insroichteacht
Tá Comhairle Contae Chiarraí tiomanta dár gcuid seirbhísí go léir a phríomhshruthú. Ciallaíonn sé seo gurb í ár sprioc ná go gcinnteoidh gach Roinn go mbeidh na seirbhísí a bheidh á soláthar agus á mbainistiú acu insroichte ag an bpobal ar fad agus go bhféadfaidh na daoine go léir, is cuma cén cumas atá iontú, teacht ar na seirbhísí san áit chéanna agus ar an gcaoi chéanna.

Is feasach dúinn i gComhairle Contae Chiarraí, fiú nuair atá gach rud is féidir linn déanta againn chun ár gcuid seirbhísí a dhéanamh insroichte, nach leor seo ann féin chun a chinntiú gur féidir le gach duine teacht ar ár gcuid seirbhísí. Dá bhrí sin, tá Oifigeach Rochtana agus Oifigeach Fiosraithe againn, ar féidir le daoine teagmháil a dhéanamh leo má tá tacaíocht shonrach de dhíth orthu nó ar féidir le daoine scéala a chur chucu má tá fadhb acu ó thaobh teacht ar sheirbhísí.
Má tá aon tuairim agat nó más mian leat eolas is dóigh leat is ceart a bheith ar an láithreán a mholadh dúinn, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn ar an nguthán nó trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá anseo thíos:

Oifigeach Rochtana/Fiosraithe
066-7183815
customerservices@kerrycoco.ie

Cuir ríomhphost, le do thoil, chuig webteam@kerrycoco.ie maidir le haon fhadhb ó thaobh insroichteachta a fhéadfaidh a bheith agat.

Acht Míchumais 2005

Déan Teagmháil

Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie