Próiseas Iarratais Pleanála
Faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2018, forchuirtear oibleagáid cead pleanála a fháil le haghaidh forbartha, de réir mar a shainmhínítear faoin reachtaíocht phleanála. Tá an próiseas iarratais pleanála leagtha amach sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2019. Glactar le hiarratais tríd an bpost nó ag an gcuntar poiblí sa Rannóg Pleanála ag Ceanncheathrú na Comhairle. Déantar iarratais a mheas de réir na bhforálacha reachtúla agus ag féachaint do phleanáil agus forbairt chuí an limistéir agus d’fhorálacha Phlean Forbartha an Chontae.
Is feidhm de chuid an Phríomhfheidhmeannaigh é an cinneadh foirmiúil a dhéanamh maidir le hiarratais, ag féachaint do thuarascálacha réitithe ag foireann riaracháin agus theicniúil na Comhairle. Is féidir leis an iarratasóir nó le tríú páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh den Chomhairle nó i gcoinne aon choinníoll a cheanglaítear le cinneadh. Tá an achomharc seo le déanamh chun an Bhord Pleanála, laistigh de cheithre seachtaine.
Tá comhaid phleanála ó 2015 ar aghaidh le fáil ag Áras an Chontae agus is féidir iad a scrúdú ag an gcuntar poiblí. Stóráiltear comhaid ó bhlianta roimhe sin go seachtrach, ach is féidir iad a ordú ach glaoch ar an oifig agus de ghnáth bíonn siad ar fáil le scrúdú laistigh de thrí lá oibre. Tá táille aisghabhála €15 in aghaidh an chomhaid le híoc do chomhaid ó 2010 nó aon bhliain roimhe sin.
Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh ag an gcuntar poiblí ar na bealaí seo a leanas: Airgead Tirim / Seic / Dréacht Bainc / Ordú Poist / Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair.
Déan Teagmháil Linn
Seomra 13,
Roinn Pleanála
An Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Fón: 066/7183582
Facs: 066/7120328
Rphost: plan@kerrycoco.ie
Cuardaigh Pleanáil
Foirmeacha
- Foirm Iarratais maidir le Cruinniú Réamhphleanála
- Foirm Iarratais Pleannala
- Fógra Laithreáin
- Fógra Laithreáin – Eolas Breise
- An tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 Dearbhú faoi Alt 74 (4)
- Foirm Iarratais maidir le Díolúine faoi Alt 10 (6)(a)
- Foirm Ghearáin um Fhorfheidhmiú Pleanála
- Foirm Threithrithe Suímh
- Cód Cleachtais GCC
- Foirm chun Treimhse a Fhadu
- Foirm chun Treimhse a Fhadu a Thuilleadh
- Foirm Iarratais le haghaidh Deimhniú Díolúine ó Alt 96
- Meabhrán Míniúcháin maidir le Deimhniú Díolúine ó Alt 96
- Foirm Um Eastáit Tithíochta A Thógáil Ar Láimh
- Foirm Iarratais faoi Alt 57 (Déanmhas Chosanta)
- Foirm Iarratias Alt 5
- Foirm 15 - Cúram tí agus ligean gearrthéarmach.
- Foirm 16 - Ligean gearrthéarmach 90 lá.
- Foirm 17 - Deireadh bliana le haghaidh ligean gearrthéarmach.
- Foirm 18 - Forbairtí Cónaithe ar Scála Mór (FCSM)
- Foirm 19 - Forbairtí Cónaithe ar Scála Mór (FCSM)