Pórtha Srianta
Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí, 1998, tá na pórtha seo a leanas sainaitheanta mar phórtha a d’fhéadfadh a bheith contúirteach, dá bhrí sin, ní mór go mbeadh béalóg ar na pórtha seo i gcónaí nuair a bhíonn siad in áiteanna poiblí, ar shlabhra/ar iall atá sách láidir agus nach bhfuil níos faide ná 2m agus á rialú ag duine atá níos sine ná 16 bhliain d’aois atá in ann an madra a rialú:
- Tarbh-bhrocaire Meiriceánach
- Tarbh-bhrocaire Sasanach
- Tarbh-bhrocaire Staffordshire
- Tarbhmhaistín
- Pinséir Dobermann
- Sípéir Gearmánach (Alsáiseach)
- Dronnach Róidéiseach
- Rótvaidhléir
- Aicíte Sheapánach
- Tósa Seapánach
Chomh maith leis sin, cuimsítear gach madra den chineál ar a dtugtar Iallmhadra go coitianta, agus gach tréithchineál nó crosphór nó cineál madra eile a bhfuil cur síos déanta air sna Rialacháin um Rialú Madraí, 1998.
Téir I dtreangbháil linn
Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm & 2.00pm – 5.00pm ón Luan go Aoine