Na Rialacháin maidir le Breoslaí Soladacha 2022

Tháinig rialacháin náisiúnta nua maidir le breoslaí soladacha i bhfeidhm ar 31 Deireadh Fómhair 2022. Leis na hathruithe nua seo, bainfear na breoslaí soladacha a dhéanann an truailliú is mó den mhargadh, rud a chosnóidh an tsláinte phoiblí agus an comhshaol.

Baineann na rialacháin le gach díolachán breoslaí soladacha lena n-úsáid in áitribh intíre agus in áitribh cheadúnaithe ar fud an Stáit agus clúdaíonn siad díolacháin mhiondíola, díolacháin ar líne agus meáin eile, díolacháin ó dhoras go doras etc.

Faoin gcóras rialála nua, ní bheidh ach “Breoslaí Soladacha Ceadaithe” ar fáil anois lena gceannach sa Stát agus ní mór do na breoslaí sin critéir shonraithe astaíochtaí a chomhlíonadh.

Tá sonraí na rialachán nua ar fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/e3da2-air-quality

 

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie