Mótarcháin

Tá Oifig Mótarchánach Chiarraí oscailte don phobal ó 9.30 go 3.30 Luan go hAoine, am lóin san áireamh. Bíonn an Oifig dúnta ar laethanta saoire bainc agus poiblí.
Is féidir iarratais a chur isteach tríd an bPost nó tríd an mBosca Poist atá suite i halla an fhoirgnimh. Déanfar iarratais a phróiseáil chomh luath agus is féidir agus seolfar ar ais chugat iad tríd an bpost.
Ná cuir airgead tirim le d’iarratais le do thoil mar ní ghlacann Oifig Mótarchánach Chiarraí aon fhreagracht as airgead tirim a chuirtear le hiarratais. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le Cárta Creidmheasa, Seic, Ordú Poist nó Dréacht Bainc.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig Mótarchánach Chiarraí ar an bhfón ag 066 7122300 nó trí ríomhphost go dtí mótarchánach@kerrycoco.ie Is féidir Foirmeacha Mótarchánacha a íoslódáil ag www.motortax.ie
Tá an Seirbhís Mótarchánach Ar Líne (www.motortax.ie) á oibriú ag an Roinn Iompair i Sionainn agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 0818 411412 (10am go 1pm) nó trí ríomhphost go dtí mótartax@transport.gov.ie
Níl aon bhaint againn a thuilleadh le heisiúint na gCeadúnas Tiomána agus tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.ndls.ie
Sonraí Teagmhála
An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie