PAEP 2023-29 Comhairliúchán Pobail
LEADER 2023-27 / PAEP 2023-29 Comhairliúchán Pobail
Roinn do thuairimí faoin gcéad chlár LEADER eile
Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí ar LEADER 2023-2027 ar siúl
Agus an Clár LEADER nua ag tosú níos déanaí i mbliana, tá Coiste Forbartha Áitiúil Chiarraí ag lorg tuairimí an phobail ar cad iad na réimsí, dar leo, ar cheart dóibh leas a bhaint as an maoiniú arna chionroinnt ag an gclár.
Tá LEADER ag feidhmiú in Éirinn agus trasna ballstáit an AE le breis is 30 bliain anuas agus sa tréimhse sin, tá scéim a thosaigh amach mar chlár forbartha tuaithe trialach sa bhliain 1991, tar éis athrú ina chuid lárnach i bhforbairt tuaithe in Éirinn agus ar fud na hEorpa.
Le triocha bliain anuas, tá infheistíocht ón gclár Leader tar éis tacú le réimse leathan de thograí nuálaíocha agus inbhuanaithe atá tar éis níos mó post agus beochta a thabhairt do phobail tuaithe ar fud an chontae, ar fud na hÉireann agus ar fud an AE.
Leis an gcéad Chlár LEADER eile ag tosú níos déanaí i 2023 agus ag dul ar aghaidh go dtí 2027, tá ionchur ón bpobal á lorg ag Coiste Forbartha Áitiúil Chiarraí maidir leis na réimsí ar cheart do Chlár LEADER tacú leo, dar leo.
Beidh tuairimí an phobail ríthábhachtach chun tograí agus gníomhartha a aithint, a chabhróidh le Ciarraí a bheith ina chontae níos beoga ó thaobh an gheilleagair de, níos cuimsithí go sóisialta agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Mar chuid den straitéis chomhairliúcháin phoiblí, beidh roinnt cruinnithe poiblí ar siúl in áiteanna straitéiseacha ar fud an chontae, ag tosú Dé Máirt 27 Meitheamh.
- Dé Máirt, 6 Iúil: Halla CYMS, Chill Orglan 7-9i.n.
- Dé Céadaoin 28 Meitheamh: Leabharlann Chathair Saidhbhín 7-9i.n.
- Déardaoin 29 Meitheamh: Leabharlann Chill Airne 7-9i.n.
- Dé Luain 3 Iúil: Rose Hotel, Trá Lí 7-9i.n.
- Dé Máirt 4 Iúil: Ionad Acmhainní Teaghlaigh Lios Tuathail 7-9i.n.
- Dé Céadaoin 5 Iúil: Benners Hotel, An Daingean 7-9i.n.
- Seimineár gréasáin ar líne Dé Luain 3 Iúil 5.30 go 6.30i.n. ar Kerrycoco.ie
- Dé Déardaoin 6 Iúil: : Halla CYMS Chill Orglan 7-9i.n.
Chomh maith leis sin, tá áis chomhairliúcháin ar líne ar fáil thíos a ligean don phobal a dtuairimí a chur in iúl ar líne:
Tá Coiste Forbartha Áitiúil Chiarraí ag tabhairt cuireadh do mhuintir an phobail freastal ar sheimineár gréasáin mar chuid dár gcomhairliúchán poiblí ar chlár LEADER 2023-2027 (féach nasc thíos). Beidh sé seo ar siúl Dé Luain 3 Iúil ó 5:30 go 6:30 i.n.
Cláraigh don seimineár gréasáin
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt freisin do mhuintir an phobail a dtuairimí a chur in iúil trínár suirbhé a chomhlánú (nasc thíos)
Bígí ann agus roinn do thuairimí ar cá háit ar cheart maoiniú LEADER a leithdháileadh, nó déan teagmháil leis an Roinn Pobail ar 066 7183680 nó seol ríomhphost chuig community@kerrycoco.ie
Tá an suirbhé dúnta.
Déan Teagmháil
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie