Láithreáin Fholmha

Rinne Comhairle Contae Chiarraí clár láithreán folamh a bhunú de réir riachtanais an Achta um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015. Is é cuspóir an chláir ná láithreáin fholmha laistigh de limistéar feidhmiúcháin Chomhairle Contae Chiarraí a aithint, de réir riachtanais an achta. Beidh láithreáin a thaifeadtar ar an gclár faoi réir na bhforálacha maidir leis an tobhach láithreán folamh a tugadh isteach faoin acht.

Faoi láthair níl aon iontráil sa chlár atá ceangailte. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gcomhairle i láthair na huaire ar láithreáin ar fud an chontae agus sa chás go bhfuil an chomhairle sásta go bhfuil láithreáin ag comhlíonadh riachtanais na reachtaíochta, cuirfear é sin in iúl d’úinéirí maoine agus cuirfear tús leis an bpróiseas a bhaineann le láithreáin a mheas lena n-iontráil ar an gclár (féach an tAcht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015 le sonraí a fháil maidir leis an bpróiseas seo). 

Clár Láithreán Folamh Chomhairle Contae Chiarraí

Tuilleadh Eolais
An Rannóg Pleanála
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Trá Lí,
Co. Chiarraí.
Fón: (066) 718 3582
Ríomhphost: planoff@kerrycoco.ie