Íocaíocht Fíneálacha Páirceála

Úsáid an nasc thíos chun do fhíneáil sheasta a íoc. Treorófar thú chuig suíomh gréasáin (triú páirtí) chun an íocaíocht a dhéanamh.
Beidh Uimhir Thagartha an ticéid agus uimhir chláraithe d’fheithicle ag teastáil chun an íocaíocht a dhéanamh.
Má bhíonn aon deacracht agat íoc ar líne, seol sonraí na faidhbe chuig trafficfines@kerrycoco.ie
Ar chúiseanna cosanta sonraí agus ar mhaithe le slándáil, ná seol sonraí do chárta creidmheasa ná do chárta dochair trí ríomhphost chuig an seoladh seo.
Is féidir leat íoc go pearsanta in aon oifig de chuid Chomhairle Contae Chiarraí, tríd an bpost nó ar an teileafón.

Íoc Fíneáil Pháirceála

Fíordheimhniú Láidir Custaiméara – Ceanglais Nua maidir le hÍocaíochtaí Ar Líne – éigeantach ón 1 Eanáir 2021

Faoi Threoir 2 an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2), tá sé riachtanach anois Fíordheimhniú Láidir Custaiméara (SCA) a úsáid le haghaidh gach idirbhirt leictreonaigh chun calaois ar líne a laghdú. Dá bharr sin, iarrtar ar sholáthraithe íocaíochta ar líne faisnéis bhreise faoi shealbhóir an chárta. Seoltar an fhaisnéis sin chuig banc shealbhóir an chárta chun an t-idirbheart a fhíordheimhniú le linn an phróisis íocaíochta. Mar thoradh air sin, cuireadh leathanach breise leis an bpróiseas íocaíochta do fhíneálacha tráchta chun na sonraí seo a bhailiú, mar shampla seoladh billeála, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin.

Déanfaidh banc shealbhóir an chárta an fhaisnéis a chuirtear isteach a fhíorú lena chinntiú go bhfuil an cárta á úsáid ag an sealbhóir ceart. Má bhíonn aon deacracht agat d’íocaíocht a údarú, déan teagmháil le do bhanc, mar d’fhéadfadh sé go mbeadh gá do shonraí sealbhóra an chárta a úasdátú leo.

Go raibh maith agat

Dein teagmháil linn

An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm