Iasacht um Cheannach agus Athchóiriú Tí de chuid an Údaráis Áitiúil

Is fairsingiú ar an Iasacht um Cheannach Tí de chuid an Údaráis Áitiúil atá san Iasacht um Cheannach agus Athchóiriú Tí de chuid an Údaráis Áitiúil, tacóidh sí leis an gceannach agus leis an athchóiriú araon ar áiteanna cónaithe is incháilithe fén nDeontas reatha chun Maoin Fholamh a Athfheistiú. Fairsingítear san Iasacht um Cheannach agus Athchóiriú Tí cineálacha agus líonta na n-áiteanna cónaithe is incháilithe fé rialacha iasachtúcháin morgáiste reatha an Údaráis Áitiúil. Cuirtear ar fáil san Iasacht um Cheannach agus Athchóiriú Tí tacaíocht ó thaobh áiteanna cónaithe neamh-ináitrithe a cheannach agus a athchóiriú.

Is féidir teacht ar shonraí iomlána den Iasacht um Cheannach agus Athchóiriú Tí de chuid an Údaráis Áitiúil, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta, ar https://purchaseandrenovationloan.ie

Conas iarratas a dhéanamh:
Ní mór d’iarratasóirí foirm iarratais maidir le hIasacht um Cheannach agus Athchóiriú Tí de chuid an Údaráis Áitiúil a líonadh – tá an fhoirm le fáil anso – agus í a chur thar n-ais go dtí: 

Rannóg na nIasachtaí,
Roinn na Tithíochta,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Trá Lí, Contae Chiarraí.

Guthán:  066 7183910
Ríomhphost: loans@kerrycoco.ie

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie