Iarratais ar mhaoiniú CLÁR 2025

Tá sonraí faoi chlár CLÁR 2025 fógartha ag an Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Cuireann CLÁR maoiniú ar fáil do thograí infreastruchtúir ar scála beag i gceantair tuaithe a bhfuil leibhéil shuntasacha laghdaithe daonra iontu.
Is iad na bearta atá le maoiniú faoi chlár CLÁR 2025 ná:

Beart 1: Forbairt Saoráidí & Taitneamhachtaí Pobail
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid, i bhformáid Word, na Roinne Pobail, Ealaíon & Cultúir i gComhairle Contae Chiarraí go díreach ar ríomhphost chuig: community@kerrycoco.ie
Dáta deiridh: Aoine, 9ú Bealtaine, 2025

Beart 2: Soghluaisteacht, Cúram Ailse, Céadfhreagróirí Pobail agus Iompar do Bhéilí ar Rothaí
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid na Roinne go díreach ar CLAR@DRCD.gov.ie
CLÁR-Funding for Small-Scale Rural Projects
Dáta deiridh: Aoine, 23ú Bealtaine, 2025

Beart 3: Ár nOileáin Bheo’
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid na Roinne go díreach ar CLAR@DRCD.gov.ie
CLÁR-Funding for Small-Scale Rural Projects
Dáta deiridh: Aoine, 13ú Meitheamh, 2025

Amlínte do Bheart 1 (Aoine 9ú Bealtaine, 2025):
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid na Roinne Pobail, Ealaíon & Cultúir i gComhairle Contae Chiarraí roimh an dáta deiridh le haghaidh gearrliostaithe, agus sa chás go roghnaítear iad, le haghaidh aighneacht ar aghaidh mar iarratas maoinithe chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha. Tá an próiseas iomaíoch mar gheall go bhfuil teorainn ar líon na n-aighneachtaí ar féidir le Comhairle Contae Chiarraí a chur faoi bhráid na Roinne.
Ní mór tionscadail a n-éiríonn leo maoiniú a fháil, a chur i gcrích agus a tharraingt síos laistigh de 18 mí ó dháta an fhógra maoinithe.

Ní mór gach iarratas a chomhlánú ina iomláine agus ní mór gach doiciméadacht riachtanach a chur isteach leis an iarratas atá le meas. Mura gcuirtear gach eolas agus doiciméadacht riachtanach ar fáil cuirfear bac ar ghrúpaí a mheas.

Tá íosmhéid ranníocaíocht airgid ag teastáil ó na Grúpaí Pobail (10% faoi Bheart 1). Féach ar CLÁR 2025 – Achoimre ar Scéim le haghaidh gach beart chun níos mó sonraí a fháil.

Déan teagmháil le d’Oifig Ceantar Bardasach áitiúil le do chuid ceisteanna le do thoil.
Mar mhalairt air sin, déan teagmháil leis an Roinn Pobail, Ealaíon & Cultúir ar (066) 7183680 nó ar ríomhphost ar community@kerrycoco.ie

Comhlíonann na sonraí pearsanta a bhailítear riachtanais an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, 2016, agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018. Tá fógraí príobháideachta aonair le haghaidh gach rannóige/seirbhíse ar fáil ag www.kerrycoco.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680