Iarratais ar mhaoiniú CLÁR 2024

Tá sonraí faoi chlár CLÁR 2024 fógartha ag an uasal Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Cuireann CLÁR maoiniú ar fáil do thograí infreastruchtúir ar scála beag i gceantair tuaithe a bhfuil leibhéil shuntasacha laghdaithe daonra iontu.  Tá CLÁR mar chuid den Chlár Infheistíochta Forbartha Tuaithe Thionscadal Éireann 2040 de chuid an Rialtais.

Is iad na bearta atá le maoiniú faoi chlár CLÁR 2024 ná:

Beart 1:
Áiseanna & Conláistí Pobail a Fhorbairt
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid na Roinne Pobail,
Ealaíon & Cultúir i gComhairle Contae Chiarraí go díreach ar ríomhphost chuig:
community@kerrycoco.ie
Dáta deiridh: Dé hAoine, 17ú Bealtaine, 2024

Beart 2:
Beart Iompair Soghluaisteachta, Cúram Ailse, Céad Fhreagróir an Phobail agus Béilí ar Rothaí
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid na Roinne go díreach ar CLAR@DRCD.gov.ie
Dáta deiridh: Dé Céadaoin, 5 Meitheamh, 2024

Beart 3:
‘Ár nOileáin’
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid na Roinne go díreach ar CLAR@DRCD.gov.ie
Dáta deiridh: Dé Céadaoin, 19 Meitheamh, 2024

Amlínte do Bheart 1:
Ba chóir iarratais a chur faoi bhráid na Roinne Pobail, Ealaíon & Cultúir i gComhairle Contae Chiarraí roimh an dáta deiridh le haghaidh gearrliostaithe, agus sa chás go roghnaítear iad, le haghaidh aighneacht ar aghaidh mar iarratas maoinithe chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Ní dhéanfar iarratais dheireanacha a mheas. Tá an próiseas iomaíoch mar gheall go bhfuil teorainn ar líon na n-aighneachtaí ar féidir le Comhairle Contae Chiarraí a chur faoi bhráid na Roinne.

Maidir le tograí atá rathúil le maoiniú a fháil, ní mór iad a chur i gcrích agus a tharraingt anuas faoin 30 Aibreán, 2026.

Ní mór gach iarratas a chomhlánú ina iomláine agus ní mór gach doiciméadacht riachtanach a chur isteach leis an iarratas atá le meas. Mura gcuirtear gach eolas agus doiciméadacht riachtanach ar fáil cuirfear bac ar ghrúpaí a mheas.

Ba chóir iarratais maidir le Beart 2 agus Beart 3 a chur faoi bhráid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail go díreach ar CLAR@DRCD.gov.ie roimh an dáta deiridh mar atá leagtha amach thuas.

Tá íosmhéid ranníocaíocht airgid ag teastáil ó na Grúpaí Pobail faoi gach beart. Féach ar Bhreac-chuntas Scéim CLÁR 2024 le haghaidh gach beart chun níos mó sonraí a fháil.

Déan teagmháil le d’Oifig Ceantar Bardasach áitiúil le do chuid ceisteanna le do thoil. Mar mhalairt air sin, déan teagmháil leis an Roinn Pobail, Ealaíon & Cultúir ar (066) 7183680 nó ar ríomhphost ar community@kerrycoco.ie

Comhlíonann na sonraí pearsanta a bhailítear riachtanais an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, 2016, agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2003. Tá fógraí príobháideachta aonair le haghaidh gach rannóige/seirbhíse ar fáil ag www.kerrycoco.ie

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680