Forbairtí Cónaithe ar Scála Mór (FCSM)

Gheall Clár an Rialtais – ‘Ár dTodhchaí Chomhroinnte’, nach sínfí na socrúcháin bainteach leis an bhForbairt Straitéiseach Tithíochta (FST) amach sa tréimhse tar éis a ndáta éaga de 25 Feabhra 2022. Geallann Gníomh 12.3 de ‘Thithíocht do Chách’ go dtabharfar isteach próiseas nua pleanála d’Fhorbairtí Cónaithe ar Scála Mór mar mhalairt ar an bpróiseas FST. Is é príomhfheidhm an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasaithe) (Forbairt Chónaithe ar Scála Mór) 2021 ná an próiseas pleanála dhá chéim a thabhairt ar ais, le cinní maidir le hiarratais sa réimse Forbairtí Cónaithe ar Scála Mór á ndéanamh ag an údarás pleanála áitiúil ar an gcéad dul síos arís, le cead achomhairc chuig an mBord Pleanála ina dhiaidh sin. Sa tslí seo, comhlíonfar na gealltanais thuasluaite i gClár an Rialtais agus ‘Tithíocht do Chách’.