Fodhlíthe Trá Chomhairle Contae Chiarraí 2013

Ag baint leas as na cumhachtaí a tugadh dóibh i gCuid 19 den Acht
Rialtais Áitiúil, 2001 agus gach aon chumhacht eile cumasaithe thar a
ceann san déanann Comhairle Contae Chontae Chiarraí (ar a dtugtar “an
Chomhairle” as seo amach) na Fodhlíthe seo a leanas.

1. Luaitear na Fodhlíthe seo mar na Fodhlíthe Trá Chomhairle Contae
Chiarraí 2013.

2. Beidh feidhm leis na fodhlíthe seo ar na tránna a shonraítear sna
Sceidil agus sna Léarscáileanna atá leis na Fodhlíthe seo seachas ar
bhóithre phoiblí agus i gcarrchlóis phoiblí ar na suímh úd.

3. Beidh feidhm leis na Fodhlíthe seo ar an Aoine 21 Meitheamh 2013.

4. Leis seo beidh na Fodhlíthe (Leasú) Trá Chomhairle Contae Chiarraí,
2007 déanta 21 Bealtaine 2007 arna aisghairm le héifeacht ó
21/06/2013

5. Léirmhíniú
Ar fud na bhFodhlíthe, seachas riachtanas comhthéacs eile, beidh brí
faoi seach mar a leanas leis na focail agus leis na téarmaí seo, is é sin
le rá:

(a) Ciallaíonn “Duine Údaraithe” aon fhostaí de chuid na Comhairle
nó aon duine sainithe ag an gComhairle chun críocha na
bhFodhlíthe seo.

(b) Ciallaíonn “Trá” imeall trá agus gach aon trá, banc, aill, trá
ghainimh, dumhach agus gach aon limistéar teorantach léi sin
maraon leis na huiscí imeall trá fad 300 méadar i dtreo na farraige
ón leibhéal uisce is ísle.

(c) Ciallaíonn “Toiliú na Comhairle” cead scríofa ón gComhairle.

(d) Ciallaíonn “Comhairle” Comhairle Contae Chiarraí.

(e) Ciallaíonn “Imeall Trá” an grinneall agus talamh na farraige agus
gach aon abhainn thaoide agus inbhear taoide agus gach aon
chaol, góilín agus cuan na farraige nó a leithéid d’aon abhainn nó
inbhear, laistíos de bharr lán gnáth-thaoide nó taoide meánach.

(f) Cuimsíonn “Capall” asal agus miúil.

(g) Ciallaíonn “Clár Eitleoige” clár le cabhair eitleoige a úsáidtear le
haghaidh snámh toinne is a ligeann don oibritheoir seoladh feadh
tonnta chomh maith le síos orthu.

(h) Ciallaíonn “Núis” cur isteach míréasúnta ar éinne nó clampar nó
ciapadh maidir lena c(h)earta a fheidhmiú.

(i) Ciallaíonn “Feithicil Easbhóthair” aon fheithicil inneallghluaiste nó
rothar troitheán a dearadh, a cuireadh in oiriúint nó a úsáidtear go
hiomadúil don taisteal easbhóthair, bugaithe trá agus cuadrothair
san áireamh.

(j) Tá an brí céanna le “Ceadúnas” is atá le “Toiliú na Comhairle” ag
(c) anso thuas.

(k) Ciallaíonn “Clár Seoil” clár agus seol ceangailte dó a ligeann don
oibritheoir seoladh feadh tonnta chomh maith le síos orthu.

(l) Ciallaíonn “Séasúr an tSamhraidh” míonna Bealtaine, Meithimh,
Iúil, Lúnasa agus Meán Fómhairr.

(m) Ciallaíonn “Clár Snámh Toinne” clár a úsáidtear don snámh toinne
a bhaineann leas as fuinneamh na dtonn mar mhodh tiomána.

(n) Cuimsíonn “Snámh” ar snámh, lapadáil, iascaireacht nó a bheith
sa bhfarraige ar shlí eile chun fóillíochta.

6. Caithfidh gach éinne déanamh de réir aon agus nó gach ordú a
fhaightear ó dhuine údaraithe.

7. Gnímh Thoirmiscithe

Ní dhéanfaidh éinne ar aon cheann de na tránna a shonraítear i
Sceideal a hAon de na Fodhlíthe seo:

(a) Núis ná aon iompar ná gníomhaíocht a d’fhéadfadh núis a
tharraingt;

(b) Toirmeasc, bac a chur ná cur isteach ar dhuine údaraithe maidir le
forálacha na bhFodhlíthe seo a chur i bhfeidhm;

(c) Cur isteach nó clampar a tharraingt ar, ná díobháil d’aon
dumhach, fásra nó aon fhearas, struchtúr, áis, pláta eolais, clár,
nó comhartha a sholáthraíonn aon duine nó comhlacht údaraithe
uirthi.

(d) Aon fheithicil (inneallghluaiste nó eile) nó aon rothar troitheán a
chur ná a fhágaint mar a gcruthófaí bac, gortú, baol, ciapadh nó
ceataí d’éinne nó díobháil don trá nó d’aon mhaoin, go toilteanach
nó go míchúramach.

(e) Ach amháin le Toiliú na Comhairle roimh ré, nó toiliú aon
chomhlact reachtúil eile a bheidh údaraithe chun a leithéid de
ghníomhachtaí a ceadú :-

(i) Aon airteagal, tráchtearra, rud nó seirbhís ar bith (teagasc
san áireamh) a dhíol, a fhruiliú, a thairiscint ná a nochtadh le
díol nó le fruiliú ar luaíocht airgeadaíochta nó ar aon slí eile.

(ii) Aon airteagal, tráchtearra, rud nó seirbhís ar bith (teagasc
san áireamh) a sholáthar ná a sheachadadh, san áireamh tá
cúinsí mar a gcuireadh tús leis an ngnóthas díolta, fruilithe
nó tairiscint le díol nó le fruiliú ar shuíomh eile seachas ar an
dtrá trí chumarsáid leictreonach faoi bhrí an Acht um
Thráchtáil Leictreonach 2000 (san áireamh tá aon leasú,
aisgharm nó athachtú nó a leithéid eile de sin), agus mar a
leantar nó mar a gcríochnaítear an gnóthas sin ar an dtrá trín
airteagal, tráchtearra, rud nó seirbhís a sholáthar nó a
sheachadadh.

(f) Teagasc snámh toinne nó gníomhaíochtaí spórt uisce eile a
dhíol, a sholáthar ná ar aon slí eile a thairiscint le díol nó le
soláthar ó thrá, nó ó limistéar sínte léi, gan cheadúnas bailí a
bheith faighte roimh ré ón gComhairle agus an ghníomhaíocht a
stiúradh de réir coinníollacha a leithéid de cheadúnas agus de réir
na gcoinníollacha eisithe ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann,
agus an creidiúnú riachtanach de chuid Cumann Uisce Snámh na
hÉireann agus/nó aon chomhlacht eile aitheanta ag an
gComhairle chun a leithéid de chaighdeáin a eisiúint. Maidir leis
sin tá sé riachtanach go mbeidh aon eagraíocht chreidiúnaithe
mar bhall den Chumann Idirnáisiúnta Snámh Toinne.
Beidh sé riachtanach freisin go mbeidh polasaithe cuí um chosaint
leanaí agus cleachtais seiceála an Gharda a chomhlíonann
riachtanais reachtúla na hÉireann i bhfeidhm ag an eagraíocht
chreidiúnaithe.

8. Rialú Capall
Cinnteoidh daoine a bheidh i bhfeighil capaill ar aon trá atá ar an liosta
i Sceideal a hAon an méid seo a leanas :-
(i) É a bheith i gcónaí faoi smacht;
(ii) Nach bhfuil sé ina chúis chiaptha, bhaoil ná núise ag éinne a
bhaineann úsáid as an dtrá;

(iii) Nach ligtear dó dul ar aon chuid den dtrá mar a bhfuil dumhcha,
ach amháin le cead scríofa na Comhairle nó aon chomhlacht
reachtúil eile a bheidh údaraithe chun a leithéid de ghníomhaíocht a
ceadú agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a leithéid de chead.
(Ní bhaineann an Fodhlí seo le capaill a choimeádann An Garda Síochána
agus a bhíonn in úsáid go hiomlán ag fostaí nó ag ball den Gharda Síochána i
mbun dualgais).

9. Carbháin, Campáil 7rl.
Ní chuirfidh ná ní choimeádfaidh éinne carbhán, carbhán gluaiste,
puball ná aon áitreabh eile cónaithe ar aon chuid de na tránna atá ar
an liosta i Sceideal a Dó de na Fodhlíthe seo gan toiliú na Comhairle
agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a leithéid de chead.

10. Feithiclí (Srianta)
Ní thiomáinfidh, ní bhrúfaidh chun cinn, ní sháfaidh, ní pháirceálfaidh
ná ní fhágfaidh éinne gluaisteán ná feithicil eile inneallghluaiste ar na
tránna atá ar an liosta i Sceideal a Trí de na Fodhlíthe seo (seachas i
limistéar a bheidh ainmnithe ag an gComhairle nó ag comhlacht
reachtúil eile chuige sin) gan toiliú na Comhairle nó aon chomhlacht
eile a bheidh údaraithe chun a leithéid de ghníomhaíocht a ceadú agus
faoi réir téarmaí agus coinníollacha a leithéid de chead.
Ní chuirfidh an fhoráil seo srian le húinéirí ná le háitritheoirí áitreabh a
bheith ag síneadh le trá mar a mbíonn cearta saoráide seanbhunaithe
uirthi siúd ná ní chuirfidh sí srian lena cumhachta reachtúla á
gcleachtadh ag aon Áisínteacht.
(Ní bhainfidh an Fodhlí seo le feithicil á hoibriú ag an gComhairle ná ag
a gníomhairí, ag Coimisinéir na nOibreacha Poiblí, ag an nGarda
Síochána, ag na Fórsaí Cosanta ná ag aon seirbhís aitheanta tarrthála.

11. Feithiclí Easbhóthair
Ní thiomáinfidh, ní bhrúfaidh chun cinn, ní sháfaidh, ní pháirceálfaidh
ná ní fhágfaidh éinne aon fheithicil easbhóthair atá ar an liosta i
Sceideal a Ceathair de na Fodhlíthe seo gan toiliú na Comhairle, nó
aon chomhlacht eile a bheidh údaraithe chun a leithéid de
ghníomhaíocht a ceadú agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a
leithéid de chead.
Ní chuirfidh an fhoráil seo srian le húinéirí ná le háitritheoirí áitreabh a
bheith ag síneadh le trá mar a mbíonn cearta saoráide seanbhunaithe
uirthi siúd ná ní chuirfidh sí srian lena cumhachta reachtúla á
gcleachtadh ag aon Aisínteacht.
(Ní bhainfidh an Fodhlí seo le feithicil á hoibriú ag an gComhairle ná ag
a gníomhairí, ag Coimisinéir na nOibreacha Poiblí, ag an nGarda
Síochána, ag na Fórsaí Cosanta ná ag aon seirbhís aitheanta tarrthála.

12. Cláir Shnámh Toinne, Cláir Eitleoige agus Cláir Sheoil
Ní dhéanfaidh éinne snámh gaoithe ar chlár seoil ná snámh eitleoige
ar chlár eitleoige ná snámh toinne ar chlár snámh toinne i ngiorracht do
lucht snámha.

13. Cead a Dhiúltú
Féadfaidh an Chomhairle cead a dhiúltú d’aon chríoch a luaitear sna
Fodhlíthe seo má mheasann siad, agus ceann á thógaint de cháil an
iarratasóra, nádúr an ghníomhaíocht atá i gceist, caighdeán na n-earraí
nó na seirbhísí a sholáthraítear, an creidiúnú riachtanach, an líon
daoine ag a bhfuil ceadúnais faoi láthair den aicme céanna agus/nó
compord agus cóir cuairteoirí chun na trá, nár chóir ceadúnas a
bhronnadh.

14. Ceadúnais
(a) Féadfaidh an Chomhairle ceadúnas a bhronnadh mar is rogha
leo féin amháin, faoi réir pé coinníollacha a mheasfaidh siad a
bheith cuí, chun cuid no codanna den trá a úsáid chun críoch
dhíolta, fhruilithe nó chun aon airteagal, tráchtearra nó rud ar
bith a thairiscint le díol.

(b) Féadfar ceadúnas a bhronnadh go ceann pé tréimhse a
chinnteoidh an Chomhairle.

(c) Féadfaidh an Chomhairle, trí fhógra scríofa, téarmaí agus
coinníollacha a leithéid de cheadúnas a aisghairm, a athrú, a
leasú nó a theorannú.

(d) Ní bhainfidh ceadúnas bronnta ag an gComhairle freagracht ná
dliteanas pearsanta d’aon duine/daoine ar a bronnadh a leithéid
de chead maidir le haon ghníomh nó faillí coiriúil,
mídhlisteanach, neamhdhlíthiúil nó faillitheach ar a bhféadfaí a
leithéid de dhuine/dhaoine a agairt nó a chúiseamh am ar bith.

(e) Agus ceadúnas bronnta ag an gComhairle, ní mheasfar ar aon
slí an Chomhairle, a gcuid oifigeach ná fostaithe a lua le ná a
tharraingt isteach i bhfreagracht ná i ndliteanas maidir le haon
ghníomh nó faillí déanta ag aon duine/daoine ar a bronnadh a
leithéid de chead nó ag a sherbhísigh nó ag a ghníomhairí.

(f) Deanfar iarratas ag an gComhairle ar cheadúnas ar a laghad 15
lá roimis an chead lá ar a mbeidh sé ar intinn gabháil den
ghníomhaíocht lena mbaineann an t-iarratas.

(g) Caithfidh éinne a iarrann ceadúnas ar an gComhairle pé eolas a
iarrtar ar an bhfoirm iarratais a sholáthar don Chomhairle
maraon le haon eolas eile dá leithéid a fhéadfaidh an
Chomhairle a iarraidh chun a gcuid dualgas agus feidhmeanna
faoi na Fodhlíthe seo a chur i bhfeidhm.

(h) Íocfaidh iarratasóirí taille iarratais ar cheadúnas in aghaidh gach
suíomh ar a bhféadfar an tseirbhís a soláthar:-

i. Gníomhaíochtaí Spórt Uisce €250 per annum agus €150
ar cheadúnas breise
ii. Aon Ghníomhaíocht eile €100 per annum

Agus ceadúnas bronnta, féadfar dualgas a bheith ar an iarratasóir €250 a íoc
leis an gComhairle chun a leithéid de chostais a bheadh ar an gComhairle
maidir le cigireacht, monatóireacht agus/nó forfheidhmiú an cheadúnais a
ghlanadh.

(i) Tá ceart forchoimeádta ag an gComhairle aon iarratas a dhiúltú.

15. Coireanna
(a) Féadfaidh Duine Údaraithe nó ball den Gharda Síochána
gníomhú go hoiriúnach chun na Fodhlíthe seo a chur i bhfeidhm.

(b) Éinne a sháraíonn foráil na bhFodhlíthe seo nó a thoirmisceann
nó a bhacann nó a dhiúltaíonn géilleadh d’iarratas duine
údaraithe nó ball den Gharda Síochána a dhéantar i gcúrsa
géilliúllacht d’fhorálacha na bhFodhlíthe seo a fhorfheidhmiú,
beidh an duine sin ciontach i gcoir agus freagrach ar chiontú
achomair i bhfíneáil faoi bhun €1500.

(c) Má bhíonn cúis réasúnta ag duine údaraithe nó ag ball den
Gharda Síochána lena chreidiúint go sáraíonn nó gur sháraigh
éinne foráil na bhFodhlíthe seo, nó go bhfuiltear ag gníomhú
chun go mbristear téarmaí ceadúnais bhronnta faoi na Fodhlíthe
seo, féadfaidh sé/sí Fógra a sheirbheáil ar a leithéid de dhuine
ag rá nach mbunófar ionchúiseamh na sáraithe sin má dhéantar
íocaíocht €50.00 leis an gComhairle laistigh de lá is fiche ó
dháta seirbheála an Fhógra.

(d) Féadfaidh duine údaraithe nó ball den Gharda Síochána iarraidh
ar éinne a bhfuil an cuma air/uirthi go bhfuil nó go raibh sé/sí ag
sárú foráil na bhFodhlíthe seo staonadh óna leithéid de ghníomh
agus féadfar éinne a dhiúltaíonn géilleadh dona leithéid
d’achainí a chur faoi chois.

(e) Má mheasann duine údaraithe nó ball den Gharda Síochána go
bhfuil nó go raibh coir lena mbaineann na Fodhlíthe seo á
dhéanamh ag éinne, féadfaidh sé/sí ainm agus seoladh an
duine sin a éileamh agus má dhiúltaítear don éileamh úd nó má
thugann an duine ainm agus seoladh atá lochtach nó
míthreorach beidh an duine úd ciontach i gcoir. Má mheasann
Ball den Gharda Síochana go bhfuil nó go raibh coir lena
mbaineann an chuid seo á dhéanamh ag éinne, féadfaidh an
ball an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(f) Féadfaidh duine údaraithe nó ball den Gharda Síochána Fíneáil
Ar an Láthair a eisiúint de dheasca na bhFodhlíthe seo a shárú
nó de dheasca aon cheadúnas nó coinníoll(acha) aon
cheadúnais bhronnta faoi na Fodhlíthe seo a bhriseadh.

(g) Ní dhéanfaidh aon rud atá laistigh de ná a dhéantar faoi
fhorálacha na bhFodhlíthe seo cearta agus leas an stáit san
imeall trá a dhochrú ná ní chuirfidh sé isteach go díobhálach
orthu, ná ní choiscfidh feidhmiú aon chearta poiblí air siúd, ná ní
dhéanfaidh aon cheart, cumhacht ná pribhléid infheidhmithe go
dleathach ag éinne ins, thar nó maidir leis an imeall trá a
dhochrú ná ní chuirfidh sé isteach go díobhálach orthu.

16. Sceidil
Meastar go gcuimsíonn tagairt do na tránna atá ar na liostaí sna sceidil
atá leis seo na limistéir a aithnítear ar na léarscáileanna atá ceangailte
leis na Fodhlíthe seo.

SCEIDEAL A hAON
An MhuirÍoch/Gallaras Doire Fhionáin
Áth an Chaisle Dún Séan
Baile na nGall An Fhianait
Baile an Sceilg Formhaoil
Baile an Bhuinneánaigh Thuaidh Cuas an Fheirtéaraigh
Baile an Bhuinneánaigh Theas An Gabhlán
Baile Uí Thaidhg Inse
Baile Uí Dhuinn/Bréanainn Trá na hUíne
Trá na Beanna Na Cealla
Bearrúin Cill Chuimín
Béal Bán Cill Seanaigh
Béal/Leitir An Chill Mhór
An Bhinn Bhán Cinn Aird /Béal Trá Bige
Ceapach Chlocha Trá Fada (Baile an Bhuinneánaigh)
An Cheapaigh An Machaire Beag
Carraig Áithe An Mhin Aird Thiar
Caisleán Ghriaire/Dr. na Trínse An Rinn Rua
Cill Mhuire Ros Beithe
Na Clocha Dubha/Trá Thiar (Machairí) An Sráidbhaile
An Cloichear An Gleann
Com Dhíneoil Tráigh an Fhíona
Coonanna Trá na Sasanach
Cuan Cromtha Fionntrá
Trá Chora Locha/Faiche Mór An Coireán
An Cromán An Trá Bán (Cathair Saidhbhín)
Doire Mór An Trá Bán (An Siopa Dubh)

SCEIDEAL A DÓ (Carbháin/Campáil)
Baile an Sceilg An Fhianait
Baile an Bhuinneánaigh Thuaidh Inse
Baile an Bhuinneánaigh Theas Na Cealla
Baile Uí Thaidhg Cill Seanaigh
Trá na Beanna An Machaire Beag
Caisleán Ghriaire/ Dr. na Trínse Ros Beithe
Na Clocha Dubha/Trá Thiar (Machairí) Fionntrá
Trá Chora Locha /Faiche Mór An Trá Bán (Cathair Saidhbhín)
Doire Fhionáin

SCEIDEAL A TRÍ (Feithiclí – Ginearálta)
An Mhuiríoch / Gallaras Com Dhíneoil
Áth an Chaisle Doire Mór
Baile na nGall Doire Fhionáin
Baile an Sceilg An Fhianait
Baile an Bhuinneánaigh Thuaidh Inse
Baile an Bhuinneánaigh Theas Trá na hUíne
Baile Uí Thaidhg Na Cealla
Trá na Beanna An Machaire Beag
Béal Bán Ros Beithe
Ceapach Chlocha Tráigh an Fhíona
Carraig Áithe Fionntrá
Caisleán Ghriaire/ Dr. na Trínse An Trá Bán (Cathair Saidhbhín)
An Cloichear An Trá Bán ( An Siopa Dubh)

SCEIDEAL A CEATHAIR (Feithiclí – Easbhóthair)
An Mhuiríoch Trá Chora Locha /Faiche Mór
Áth an Chaisle Doire Mór
Baile na nGall Doire Fhionáin
Baile an Sceilg An Fhianait
Baile an Bhuinneánaigh Thuaidh Inse
Baile an Bhuinneánaigh Theas Trá na hUíne
Baile Uí Thaidhg Na Cealla
Trá na Beanna Cill Seanaigh
Béal Bán Trá Fada (Baile an Bhuinneánaigh)
Béal/Leitir An Machaire Beag
Ceapach Chlocha Ros Beithe
Carraig Áithe An Sráidbhaile
Caisleán Ghriaire/ Dr. na Trínse Tráigh an Fhíona
Na Clocha Dubha/Trá Thiar (Machairí) Fionntrá
An Cloichear An Trá Bán (Cathair Saidhbhín)
Com Dhíneoil An Trá Bán (An Siopa Dubh)

Déanta faoi Shéala Oifigiúil Chomhairle Contae Chiarraí

DÁTAITHE AN___________________ LÁ SEO_________________, 2013

I LÁTHAIR nuair a greamaíodh Séala Oifigiúil Chomhairle Contae Chiarraí.

AN MÉARA NÓ FOSTAÍ AINMNITHE _________________________

Fodhlíthe Trá Chomhairle Contae Chiarraí 2013.pdf

Téir I dtreangbháil linn

Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm  & 2.00pm – 5.00pm  ón Luan go Aoine