Feithiclí Príobháideacha

Tá na rátaí reatha Mótarchánach le fáil ar www.motortax.ie

Teastóidh an méid seo a leanas uait chun cáin a chur ar fheithicil nua:
• Foirm Iarratais RF100 a bheidh le fáil ó dhíoltóir mótarfheithiclí nó Ionad NCT. Cinntigh go bhfuil an fhoirm comhlánaithe go hiomlán agus go bhfuil sonraí clárúcháin agus árachais curtha ar fáil (ní gá duit na doiciméid seo a sheoladh ar aghaidh).
• Táille chuí
Teastóidh an méid seo a leanas uait chun mótarcháin a athnuachan:
• Foirm Athnuachana – úsáid Foirm RF100B nó RF100A. Cinntigh go bhfuil an fhoirm comhlánaithe go hiomlán agus go bhfuil sonraí maidir le do chumhdach Polasaí Árachais curtha ar fáil (ní gá duit na doiciméid seo a sheoladh ar aghaidh).
• Táille chuí

Chun mótarcháin a athnuachan i ndiaidh athrú sonraí i d’fheithicil, beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:
• Foirm Athraithe Sonraí RF111, comhlánaithe go hiomlán agus sonraí árachais agus athnuachana curtha ar fáil
• Doiciméid thacaíochta maidir le hathrú sonraí, e.g. litir ó gharáiste ag deimhniú athrú innill, Ceadúnas Tacsaí, fianaise ar stádas díolmhaithe, etc.
• Deimhniú Cláraithe Feithicle
• Táille chuí

Chun mótarcháin a athnuachan i ndiaidh athrú úinéireachta d’fheithiclí a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 1993, beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:
• Foirm Athraithe Sonraí RF200 comhlánaithe go hiomlán ag díoltóir agus ag ceannaitheoir
• Foirm Athnuachana RF100A comhlánaithe go hiomlán le sonraí árachais agus athnuachana curtha ar fáil
• Logleabhar
• Táille Chuí

Chun mótarcháin a athnuachan i ndiaidh athrú úinéireachta d’fheithiclí a cláraíodh i ndiaidh an 1 Eanáir 1993, beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:
1. Foirm Athnuachana RF100A comhlánaithe go hiomlán le sonraí íocaíochta árachais agus athnuachana
2. Táille chuí

TABHAIR FAOI DEARA: Ní mór duit a chinntiú go seolann tusa nó díoltóir na feithicle an Deimhniú Cláraithe Feithicle chuig An Roinn Iompair chun na sonraí úinéireachta a nuashonrú ar an ríomhchóras náisiúnta de bhrí nach féidir leat cáin a chur ar fheithicil go dtí go bhfuil an fheithicil cláraithe i d’ainm. Molann an Oifig Mótarchánach go gcoimeádann agus go seolann díoltóir feithicle an Deimhniú Cláraithe Feithicle ar aghaidh de bhrí gur ar son a leasa é nach mbeadh a (h)ainm luaite leis an bhfeithicil – fad is atá a (h)ainm luaite leis an bhfeithicil, tá siad faoi dhliteanas mótarcháin a íoc agus aon phionóis / aon chionta eile a bhaineann leis an bhfeithicil a íoc.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie