Feithiclí Eile

Cáin a chur ar Mhótarcharbháin / Veain Champála den chéad uair:
Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)

I ndáil le Mótarcharbháin / Veaineanna Campála, ní mór an fheithicil a chur ar fáil d’Oifig Mótarchánach Chiarraí lena hiniúchadh roimh cháin a chur ar an bhfeithicil.

Athnuachan cánach ar Mhótarcharbháin / Veaineanna Campála
• Foirm RF100BRF100A comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)
• Tá DRA bailí ó Ionad Tástála Údaraithe ag teastáil le haghaidh iarratas Mótarcharbhán/Veaineanna Campála sna himthosca seo a leanas:
Ní mór mótarcharbháin a thástáil 4 bliana i ndiaidh an chéad chlárúcháin, agus uair amháin gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Nuair atá an fheithicil 10 mbliana d’aois, ní mór tástáil a dhéanamh gach bliain

Cáin a chur ar fheithiclí Tarrthála den chéad uair:
Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)
• Ní mór feithiclí tarrthála a thabhairt chomh fada leis an Oifig Mótarchánach lena n-iniúchadh roimh cháin a chur orthu.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie