Feithiclí Earraí

Tá na Rátaí Mótarchánach d’Fheithiclí Earraí bunaithe ar mheáchan gan ualach na feithicle.

Teastóidh an méid seo a leanas uait chun mótarcháin ar d’fheithicil earraí a athnuachan:
1. Foirm RF100BFoirm RF100A Athnuachana Comhlánaithe
2. Táille chuí

Teastóidh an méid seo a leanas uait chun cáin a chur ar fheithicil earraí den chéad uair:
• Foirm Iarratais RF100 má tá an fheithicil nua nó iompórtáilte – beidh an fhoirm seo ar fáil ón díoltóir mótarfheithiclí má tá an fheithicil nua nó, ón Ionad NCT má tá an fheithicil iompórtáilte.

Foirm Iarratais RF111 má tá an fheithicil tiontaithe chuig feithicil earraí agus ní mór go mbeadh Foirm um Fhógra Tiontaithe etc. faoi iamh – féach ar eolas maidir le feithicil a thiontú anseo.
• Duillín Meáchain ó Dhroichead Meáite Údaraithe mura bhfuil meáchan gan ualach á thaispeáint ar Fhoirm RF100 nó má tá athrú i gceist i gcomparáid leis an uair ar cláraíodh an fheithicil.
• Foirm Dhearbhaithe Earraí Amháin d’fheithiclí faoi 3,500 kg – agus fianaise dhoiciméadach.
• Táille chuí

Chun mótarcháin a athnuachan i ndiaidh athrú úinéireachta feithicil earraí, beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:
• Foirm Athraithe Úinéireachta RF200 comhlánaithe go hiomlán ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir le haghaidh feithiclí a cláraíodh ar dtús roimh an 1/1/1993 NÓ Deimhniú Cláraithe Feithicle comhlánaithe ina iomláine ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir d’fheithiclí a cláraíodh i ndiaidh an 1/1/1993
• Foirm Athraithe Sonraí RF111 má tá aon mionsonraí feithicle athraithe ag an úinéir nua. Má tá leantóir ar leith leis an bhfeithicil, beidh duillín meáchain ag teastáil – ba cheart an fheithicil a mheá leis an leantóir is troime a bheidh in úsáid léi.
• Foirm Athnuachana RF100A comhlánaithe go hiomlán le sonraí íocaíochta árachais agus athnuachana
• Foirm Dhearbhaithe Earraí Amháin d’fheithiclí faoi 3,500 kg.
• Fianaise dhoiciméadach (féach thíos)
• Táille Chuí

FOIRM DHEARBHAITHE EARRAÍ AMHÁIN:
D’fhonn cáiliú chun cáin a chur ar fheithicil ag ráta earraí, ní mór go mbeadh an fheithicil in úsáid díreach le haghaidh ghnó nó cheird an úinéara, agus ní féidir an fheithicil a úsáid am ar bith chun críocha sóisialta, teaghlaigh nó caitheamh aimsire. Ní mór don úinéir Foirm Dhearbhaithe Earraí Amháin a chomhlánú i Stáisiún de chuid an Gharda Síochána chun é seo a dheimhniú:
• Cáin á cur den chéad uair ar fheithicil earraí éadroma nua
• Athrú úinéireachta feithicil earraí troma

Fianaise Dhoiciméadach
I gcás – Cuideachta/Duine Féinfhostaithe/Trádálaí Aonair:
• Deimhniú Árachais Tráchtála Bunaidh in ainm an úinéara chláraithe. Is féidir fostaithe eile a liostú ar an árachas mar thiománaithe ainmnithe. Sa chás go bhfuil fostaithe liostaithe mar thiománaithe ainmnithe ar an árachas, tá sé riachtanach deimhniú i scríbhinn a thabhairt gur fostaithe iad. Sa chás go bhfuil an tiománaí liostaithe níos mó ná uair amháin ar an árachas, tá sé riachtanach deimhniú i scríbhinn a thabhairt go dtagraíonn na hainmneacha seo don tiománaí céanna.
• Litir dheimhnithe bhunaidh ó na Coimisinéirí Ioncaim ag deimhniú go bhfuil tú cláraithe leo. (Níl sé seo riachtanach más cuideachta theoranta atá i gceist.)Ní mór go mbeadh na sonraí seo a leanas le fáil sa litir dheimhnithe ó na Coimisinéirí Ioncaim:
(1) d’ainm agus do sheoladh,
(2) d’uimhir chláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim,
(3) do stádas leis na Coimisinéirí Ioncaim e.g. Féinfhostaithe/Trádálaí Aonair etc.,
(4) do ghnó/do ghairm.
(Ní leor tréad-uimhir, uimhir ealta nó deimhniú imréitigh cánach.)

Sonraí Teagmhála: Na Coimisinéirí Ioncaim, Clárúcháin an Iardheiscirt, Teach na hAbhann, Cé Charlotte, Luimneach.
Uaireanta Oscailte: Luan – Aoine 9.15am – 4.00pm.
Teil: 1890 368 378 – Roghnaigh an Rogha “Clárúchán”.

I gcás – Fostaí/Oibrí ÍMAT:
• Deimhniú Árachais Tráchtála Bunaidh in ainm an úinéara chláraithe. Ní féidir aon tiománaí eile a liostú ar an árachas. Sa chás go bhfuil tú liostaithe níos mó ná uair amháin ar an árachas, tá sé riachtanach deimhniú i scríbhinn a thabhairt go dtagraíonn na hainmneacha seo duit.
• Litir dheimhnithe bhunaidh sínithe ag d’fhostóir. Ní mór go mbeadh na sonraí seo a leanas luaite sa litir oifigiúil ó d’fhostóir:
(1) d’ainm agus do sheoladh,
(2) d’uimhir PPS,
(3) d’uimhir chláraithe feithicle,
(4) tá tú faoi cheangal ag d’fhostóir d’fheithicil earraí a úsáid chun críocha oibre,
(5) úsáid na feithicle,
(6) gnó d’fhostóra,
(7) uimhir chláraithe d’fhostóra.

Tabhair faoi deara, go mb’fhéidir go mbeadh tuilleadh eolais agus / nó doiciméad ag teastáil nuair a sheoltar d’iarratas ar aghaidh agus nuair a bheidh athbhreithniú déanta ag an oifig seo air.

TÁSTÁIL FEITHICLE:
Níl aon cheanglas ann níos mó go mbeadh Ráiteas Pas nó Deimhniú Ródacmhainneachta á chur ar fáil ag úinéir don Oifig Mótarchánach de bhrí go bhfuil sonraí tástála feithicle á nuashonrú ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Bíonn pointí pionóis le fáil mar thoradh ar fheithicil (car) a thiomáint gan deimhniú tástála bailí (NCT). Ní mór, áfach, do gach feithicil earraí tástáil bhliantúil ródacmhainneachta a dhéanamh in Ionad Tástála Feithiclí Tráchtála, beag beann ar conas atá cáin curtha ar an bhfeithicil. Áirítear anseo feithiclí cosúil le veaineanna cairr agus feithiclí 4×4 tiontaithe le haghaidh úsáid earraí.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi thástáil feithiclí tráchtála, déan teagmháil le Roinn Tástála Feithiclí Tráchtála an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag an uimhir 091 872600, cvtadmin@rsa.ie nó ag www.rsa.ie

DUILLÍN MEÁCHAIN
De bhrí go bhfuil rátaí mótarchánach d’fheithiclí earraí bunaithe ar mheáchan gan ualach, ní mór é seo a dheimhniú ar Dhuillín Meáchain a bheidh eisithe ag Droichead Meáite Údaraithe a bheidh ceaptha chun na críche seo ag údarás áitiúil. Teastaíonn Duillín Meáchain nuair a chuirtear cáin ar fheithicil den chéad uair, i ndiaidh aon athruithe a dhéanamh ar an bhfeithicil, nó d’fhéadfaí a leithéid a lorg am ar bith de rogha na hOifige Mótarchánach. Ní mór go mbeadh an meá ar fad chun críocha Mhótarcháin Chiarraí á dhéanamh ag droichead meáite atá ceadaithe agus ceaptha ag Mótarcháin Chiarraí:

Droichid Meáite Údaraithe: Féach anseo

Tabhair faoi deara: Nuair a bhíonn aonad altach á mheá den chuid uair, nó i ndiaidh gach athrú úinéireachta, ní mór é a mheá leis an leantóir is troime a bheidh á tharraingt i rith na tréimhse cánach.

Feithiclí Seirbhíse Poiblí
Cáin a chur ar Fheithiclí PSV/Busanna Scoile den chéad uair:
• Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)
• I ndáil le Feithiclí PSV agus Busanna Scoile, ní mór go mbeadh Ceadúnas Bailí PSV, nó Airteagal 60 i gcás Busanna Scoile, leis an iarratas.

Athnuachan Feithiclí Seirbhíse Poiblí
• Foirm Athnuachana comhlánaithe go hiomlán RF100B, nó RF100A má tá riaráistí nó tréimhse neamhúsáide i gceist
• Ceadúnas bailí Hacnaí, Limisín nó Tacsaí eisithe ag an gCoimisiún um Rialáil Tacsaithe nó Airteagal 60 i gcás Busanna Scoile
• Táille Chuí

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie