Feithiclí Díolmhaithe

Teastóidh an méid seo a leanas uait chun cáin a chur ar fheithicil nua:
• Foirm Chomhlánaithe RF100 ó dhíoltóir mótarfheithiclí nó Ionad NCT
• Fianaise maidir le Stádas Díolmhaithe e.g. Deimhniú do Thiománaithe faoi Mhíchumas, nó Deimhniú comhlánaithe Foirm RF3 lena ndearbhaítear úsáid shonrach aon aicme dhíolmhaithe feithicle eile – d’fhéadfaí doiciméid thacaíochta maidir le hábhar na Foirme Dearbhaithe a lorg.

Teastóidh an méid seo a leanas uait chun cáin a chur ar fheithicil nach raibh díolmhaithe ó cháin roimhe seo:
Foirm RF111 Athraithe Sonraí comhlánaithe – chun an stádas a athrú go dtí díolmhaithe agus comhlánaithe go hiomlán le sonraí athnuachana freisin
• Fianaise maidir le Stádas Díolmhaithe e.g. Deimhniú do Thiománaithe faoi Mhíchumas, nó Dearbhú comhlánaithe Foirm RF3 lena ndearbhaítear úsáid shonrach aon aicme díolmhaithe feithicle eile – d’fhéadfaí doiciméid thacaíochta maidir le hábhar na Foirme Dearbhaithe a lorg.

Tá na feithiclí úsáide sonraí seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas mótarcháin a íoc:
• Feithiclí faoi úinéireacht an Stáit
• Feithiclí taidhleoireachta
• Feithiclí díolmhaithe faoi na Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus um Phaisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Cánach), 1994 (I.R. Uimh. 353 de 1994), [Seoltar iarratais ar stádas díolmhaithe chuig Na Coimisinéirí Ioncaim, Cúil Seannach, Co. Mhuineacháin – teileafón 1890 60 60 61.]
• Feithiclí (lena n-áirítear aon rothar ar a bhfuil forbhall chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil) nach bhfuil an meáchan iontu níos mó ná 400 cileagram gan ualach curtha in oiriúint do agus in úsáid ag easláin
• Feithiclí atá in úsáid go heisiach le haghaidh iompair (cibé acu trí charráiste nó tarraingt) bád tarrthála agus an fhearais atá orthu nó an trealamh a úsáidtear chun cúnamh a thabhairt le beatha agus maoin a shábháil sa chás go dtarlaíonn longbhriseadh agus anacair ar muir
• Feithiclí atá in úsáid go heisiach chun críocha tarrthála sléibhe is pluaise
• Feithiclí atá in úsáid go heisiach chun críocha cuardaigh agus tarrthála faoi uisce
• Feithiclí atá in úsáid go heisiach le haghaidh iompair (cibé acu trí charráiste nó tarraingt) innealra tógála bóithre atá tógtha mar chuid d’fheithicil den chineál sin nó atá ceangailte go seasta d’fheithicil den chineál sin, nach bhfuil aon ualach ar iompar acu seachas earraí agus ábhair a úsáidtear chun críche innealra tógála bóithre agus nach n-úsáidtear le haghaidh aon chríche eile seachas tógáil nó deisiú bóithre, [i.e. Rollóir Bóithre, Feithicil Marcála Bóithre, Spraeire Tarra]
• Cairteacha bruscair, meaisíní scuabtha nó meaisíní uisce a úsáidtear go heisiach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh
• Otharcharranna, rollóirí bóithre nó innill dóiteáin
• Feithiclí atá á gcoimeád ag údarás áitiúil agus atá in úsáid go heisiach chun críche a seirbhíse briogáid dóiteáin.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie