Feachtais

Tacaíonn an Oifig Feasachta Timpeallachta le feachtais áitiúla agus náisiúnta éagsúla a eagrú i gcaitheamh na bliana.
I measc na bhfeachtas a bhíonn á reáchtáil againn tá:

Feasacht maidir le Tránna Brataí Goirme
Trínár gclár oideachais maidir le Tránna Brataí Goirme, tacaímid go gníomhach le agus spreagaimid an méid seo a leanas:

  • Rannpháirtíocht i gCóstaí Glana #GlanadhTrá2Nóiméad
  • Smaoinigh Roimh Shruthlú
  • Ár n-aigéin a chosaint ó bhruscar
  • Glanadh suas i ndiaidh do mhadra
  • Rialacha agus fodhlíthe trá a chomhlíonadh

Glasú Féilte
Bíonn féilte agus imeachtaí iontacha ar siúl i gContae Chiarraí. Ainneoin go mbíonn buntáistí sóisialta, airgeadais agus cultúrtha ag baint leo, d’fhéadfadh tionchair shuntasacha a bheith acu ar an timpeallacht freisin.

Sula n-eagraíonn tú imeacht nó féile, smaoinigh ar rudaí éagsúla lena n-áirítear an dramhaíl, fuinneamh agus uisce a chruthóidh d’fhéile, agus conas a d’fhéadfá rudaí mar sin a bhainistiú go héifeachtach.

Má theastaíonn acmhainní maidir le Glasú Féilte uait seiceáil an méid seo a leanas: Acmhainní

An tSeachtain Bithéagsúlachta
Déantar ceiliúradh ar dhúlra agus ar fhiadhúlra na hÉireann ar fud na tíre i rith na Seachtaine Náisiúnta Bithéagsúlachta.

Le cois aird a tharraingt ar thábhacht na bithéagsúlachta, tá sé mar aidhm leis an tSeachtain Náisiúnta Bithéagsúlachta deis a thabhairt do dhaoine taitneamh a bhaint as agus blaiseadh a fháil den dúlra atá le fáil mórthimpeall orainn ar fad.

Tuilleadh eolais: https://biodiversityweek.ie/

An tSeachtain Oidhreachta
I rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta déantar ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha na hÉireann. Tugtar le chéile oibrithe deonacha, grúpaí pobail agus daoine ar spéis leo cúrsaí oidhreachta chun a gcuid taithí, eolais, cultúir agus cleachtas a roinnt lena chéile.
https://www.heritageweek.ie/

Comórtas na mBailte Slachtmhara
Is comórtas náisiúnta é Comórtas na mBailte Slachtmhara atá á reáchtáil ag an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe a thugann deis do shráidbhailte, do bhailte agus do chathracha dul san iomaíocht lena chéile do dhuais iomráiteach – an baile is slachtmhaire in Éirinn. Chomh maith leis sin, mar chuid den chomórtas bronntar raon duaiseanna speisialta cosúil le Duais um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Duais na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tá tuilleadh eolais maidir le comórtas na mBailte Slachtmhara le fáil ar an suíomh gréasáin oifigiúil anseo.

Glantachán an Chontae
Is tionscnamh bliantúil é Lá Glantacháin an Chontae, atá á reáchtáil ag KWD Recycling le tacaíocht ó Chomhairle Contae Chiarraí, a thugann deis do ghrúpaí pobail bailiú le chéile Dé Satharn amháin gach mí Aibreáin chun páirt a ghlacadh i bhfeachtas glantacháin ar fud an chontae.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus más mian leat clárú (is féidir clárú am ar bith i rith na bliana), tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin oifigiúil anseo: http://countycleanup.com/

Glantachán Náisiúnta an Earraigh
Reáchtáiltear feachtas Ghlantachán Náisiúnta an Earraigh de chuid An Taisce i rith mhí Aibreáin agus glacann daoine as ar fud na hÉireann páirt i nglantacháin áitiúla. Is é an aidhm atá le Glantachán Náisiúnta an Earraigh aird a tharraingt ar fhreagracht phearsanta as bruscar agus aird a tharraingt ar cheisteanna a bhaineann le bruscar agus le dramhaíl.

Más mian leat clárú do Ghlantachán Náisiúnta an Earraigh tabhair cuairt ar: https://nationalspringclean.org/

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie