Faisnéis Tithíochta Covid-19

Covid 19 – Sos Íocaíochta Morgáiste d’Iasachtaithe Údaráis Áitiúil
Dheimhnigh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, an tUasal Eoghan Murphy TD, ar an 14 Aibreán 2020, go raibh socruithe staonta bunaithe le haghaidh táirgí morgáiste údaráis áitiúil.  “Táthar i ndiaidh teacht ar chomhaontú anois maidir le bearta chun tacú le hiasachtaithe iasachtaí tithíochta údaráis áitiúil. Cinnteoidh na bearta seo go gcuirfear sos íocaíochta morgáiste de suas le trí mhí ar fáil d’iasachtaithe údaráis áitiúil a bhfuil a leithéid ag teastáil uathu.”  Cuireadh síneadh leis na scéim ar an 26/06/2020, 29/09/2020 agus 27/01/2021, chun 3 shos íocaíochta breise morgáiste a chur san áireamh suas go dtí uasmhéid tréimhse sos íocaíochta morgáiste de 12 mhí.  Ba é an 31 Márta 2021 an Spriocdháta a bhí luaite le hiarratas a dhéanamh ar do chéad Sos Íocaíochta Morgáiste.  Is féidir le haon iasachtaí atá ag baint tairbhe as Sos Íocaíochta Morgáiste faoi láthair, nó a bhain tairbhe as Sos Íocaíochta Morgáiste roimhe seo iarratas a dhéanamh ar Shos Íocaíochta Morgáiste 3 mhí eile suas go dtí tréimhse uasta 12 mhí.  Ní gá Sosanna Íocaíochta Morgáiste a thógáil i ndiaidh a chéile.  Is féidir le hiasachtaithe a bhain tairbhe as Sos Íocaíochta Morgáiste roimhe seo iarratas a dhéanamh ar an dara, tríú nó ceathrú Sos Íocaíochta Morgáiste, más gá sna himthosca, fiú má tá bearna idir Sosanna Íocaíochta Morgáiste curtha i gcrích roimhe sin. Ní mór, áfach, gach Sos Íocaíochta Morgáiste a chur i gcrích ina n-iomláine faoin 31 Márta 2022.

Moltar d’aon iasachtaí a bhfuil deacrachtaí aige/aici teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Chiarraí, Roinn na nIasachtaí Tithíochta a luaithe agus is féidir trí ríomhphost a sheoladh chuig loans@kerrycoco.ie nó trí ghlaoch ar an uimhir 066 7183910.

Féach ar na doiciméid atá le fáil ag na naisc thíos:
Sos Íocaíochta Morgáiste Tosaigh – Foirm Iarratais
Sos Íocaíochta Morgáiste Breise – Foirm iarratais
Foirm Iarratais don Cheathrú Sos Íocaíochta Morgáiste
Ceisteanna Coitianta maidir le Sos Íocaíochta Iasacht Morgáiste  

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie