Dramhaíl Ghuaiseach Tí

Is earraí guaiseacha iad go leor earraí tí atá in úsáid gach lá agus ba cheart táirgí fágtha agus pacáistíocht a dhiúscairt i gceart agus NÍOR CHEART a leithéid de dhramhaíl a chur isteach i do bhosca bruscair riamh de bhrí go bhfuil an dramhaíl seo tocsaineach agus go gcruthaíonn sí guais shuntasach sláinte agus timpeallachta.

 Samplaí de Dhramhaíl Ghuaiseach Tí:

  • Aerasóil
  • Ceallraí
  • Oibreáin ghlantacháin e.g. tuarthóir, biotáille bhán
  • Creimnigh
  • Feadáin solais fhluaraisigh
  • Luibhicídí
  • Péinteanna Olabhunacha/caolaitheoirí péinte/vearnaisí
  • Lotnaidicídí
  • Dramh-ola innill

Diúscair dramhaíl ghuaiseach tí ag d’Ionad Fóntas Poiblí áitiúil (nasc chuig IFP). Déan cinnte go ndéanann tú teagmháil le d’Ionad Fóntas Poiblí (IFP) roimh ré chun a chinntiú go nglacfar leis an gcineál dramhaíola atá agat. Cinntigh go gcuirtear an Dramhaíl Ghuaiseach Tí ar fad ar fáil sa choimeádán bunaidh.

Phéint uiscebhunach

Má tá phéint uiscebhunach fágtha sa channa ní mór duit a chinntiú go bhfuil an phéint sin crua sula ndéanann tú an canna a dhiúscairt sa chóras dramhaíola ginearálta. Chun a chinntiú go bhfuil an phéint crua, is féidir leat cruaiteoir péinte a cheannach, nó min sáibh, gaineamh nó ithir a chur isteach sa channa, agus an claibín a leagan taobh leis go dtí go n-éiríonn an phéint soladach agus tirim.

Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL)

Is éard atá i gceist le DTLL aon rud atá cumhachtaithe ag ceallra nó plocóid. Ná cuir DTLL nó ceallraí úsáidte isteach sa bhosca bruscair ginearálta. Is féidir leat do sheanfheistí DTLL a thabhairt chomh fada le haon cheann d’Ionaid Fóntas Poiblí Chomhairle Contae Chiarraí nó glacfaidh do mhiondíoltóir leictreachais le seanearraí nuair a cheannaíonn tú rud éigin nua. Níl aon táille le híoc chun earraí a dhiúscairt.

Chomh maith leis sin, soláthraíonn Ardán Athchúrsála na hEorpa (ERP) bailiúcháin saor in aisce ag suíomhanna ar fud Chiarraí chun deis a thabhairt do bhaill den phobal earraí atá le hathchúrsáil a dhiúscairt.  Má theastaíonn eolas uait faoi imeachtaí a bheidh á reáchtáil go luath, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin ERP www.erp-recycling.org/ie.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le dramhaíl ghuaiseach cliceáil ar an dá nasc seo a leanas:

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie