Dó Clós Cúil

Baineann an téarma Dó Chlós Cúil le dó neamhrialaithe dramhaíola. Tagraíonn an téarma freisin do dhó aon dramhaíl i dtinte oscailte, soirn agus gléasanna eile breosla soladach nó faoin aer. Cuimsítear leis dó dramhaíl ghlas agus dó dramhaíola ar fheirmeacha agus ar láithreáin tógála. Tagraíonn an téarma seo freisin d’úsáid gléasanna ar a dtugtar go forleathan dóirí bruscair nó loisceoirí dramhaíl tí.

Bileog Eolais (As Gaeilge)

Cad a tharlaíonn agus muid ag dó?
Féadann plaistigh ina bhfuil PVC (Clóirídí polaivinile) aonocsaíd charbóin, dé-ocsainí agus fúráin chlóirínithe a sceitheadh nuair a dhóitear iad. Ní scriosann an tine ina dhiaidh sin iad agus astaítear san aer a análaímid iad. Féadann impleachtaí tromchúiseacha fadtéarmacha a bheith ag na truailleáin seo.

Méideanna bídeacha de roinnt truailleán a astaítear trí dhó clós cúil táirgí clóirínithe amhail cineálacha áirithe plaistigh agus tuaslagóirí. Is leor iad seo chun dul i bhfeidhm go diúltach ar shláinte.

Féadann siad freisin ár ngairdíní cúil a éilliú nuair a fhrasaíonn siad as an aer agus a thuirlingíonn siad ar an talamh. Ba chóir an cineál neamhrialaithe dó seo a sheachaint ar fad. A lán de na substaintí seo, tá siad an-tocsaineach agus tagann ailse mar thoradh orthu. I measc na dtáirgí a bhféadann PVC a bheith iontu tá:

  • Coimeádáin bhia
  • Pacáistiú cosmaidí agus cógaisíochta
  • Bréagáin páistí
  • Spuaic-chlúdach agus crapclúdach
  • Draeinphíobáin
  • Feadáin vinile srl.

Polaistéiréin agus stéiréin: Úsáidtear iad seo san iomad táirgí pacáistithe amhail cupáin cúir, tráidirí mearbhia, tráidirí feola, coimeádáin bia deilí, foirc agus spúnóga plaistigh, srl. Nuair a dhóitear iad seo, astaíonn siad gáis ar féidir leo dochar a dhéanamh don tseicin súile agus mhúcasach má tá go leor díobh ann.

Adhmaid phéinteáilte: Más péint luaidhe atá i gceist (go háirithe seanphéinteanna) astaíonn an dó múch luaidhe a fhéadann daoine in aice láimhe a análú.

Polúireatáin: le fáil i gcuirtíní, cúir troscáin, greamacháin, clúdaigh bhailchríoch adhmaid srl.

An Dlí
Rialacháin Bainistíocht Dramhaíola (Cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola de Dhó) 2009, mar a leasaíodh.

Tháinig Rialacháin Bainistíocht Dramhaíola (Cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola de Dhó) 2009 i bhfeidhm ar an 29ú Iúil 2009 agus leasaíodh arís iad ar an 29ú Nollaig 2017. Is iad seo a leanas príomhphointí na reachtaíochta:

  • Is cion coiriúil é aon chineál dramhaíola a dhó lena n-áirítear dramhaíl ghairdín amhail tor, scrobarnach, gearrthóga, srl.
  • Is cion coiriúil é aon ghléas a úsáid chun dramhaíl a dhó, amhail “loisceoir dramhaíl tí”, soirn nó tinte oscailte.
  • Ní mór d’úinéir nó áitritheoir tailte nó saoráide gach beart réasúnach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndóitear dramhaíl ar a dtailte ná ina saoráid go mídhleathach.
  • Tá díolúine ann le gur ceadmhach adhmad neamhchóireáilte/neamhéillithe, crainn, gearrthóga, duillí, toim nó ábhar eile den saghas a tháirgtear ó chleachtais talmhaíochta a dhiúscairt de dhó mura bhfuil aon rogha eile ann ach ní mór ar dtús an Dearbhú Reachtúil cuí a chomhlánú.

(Ní bhaineann an díolúine seo ach le dramhaíl a tháirgtear ó chleachtais talmhaíochta. Ní bhaineann sí le duillí/féar/toim i ngairdín tí mar shampla).

Níl an díolúine i bhfeidhm ach amháin mura praiticiúil ná tíosach gach rogha eile, amhail laghdú, athúsáid agus athchúrsáil de stialladh, múiríniú nó slisniú adhmaid.

  • Tá ualach ar an sealbhóir dramhaíola gach modh cóireála dramhaíl ghlas eile nach bhfuil chomh díobhálach don chomhshaol a fhiosrú roimh dhiúscairt de dhó.
  • Ní mór do shealbhóir na dramhaíola ceadaithe a chúr in iúl don údarás áitiúil de Dhearbhú Reachtúil roimh dhó a leithéid de dhramhaíl atá á bheartú. Má dhónn sealbhóirí an dramhaíl cheadaithe gan an fhoirm dearbhú reachtúil a chomhlánú tá an rialachán sáraithe acu.
  • Bíonn coinníollacha diana i bhfeidhm nuair a úsáidtear dó chun dramhaíl ghlas (arna giniúint ag cleachtais talmhaíochta) a dhiúscairt amhail srian ar chur isteach agus sláinte daoine a chosaint agus gan a bheith mar chúis le truailliú comhshaoil.
  • Ón 1ú Eanáir 2018, ní ceadmhach aon dó mura ndéantar iarratas ar Theastas Clárúcháin faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceadúnas agus Clárú Saoráide) 2007, mar a leasaíodh.
  • Is ceadmhach úsáid adhmad neamhchóireáilte, neamhéillithe agus ábhair eile den saghas seo ar bheárbaiciú chun bia a réiteach.
  • Is ceadmhach dramhaíl adhmaid neamhchóireáilte, neamhéillithe agus ábhair eile den saghas seo a dhó ag imeachtaí faoi mar a shocraíonn an t-údarás áitiúil.

 

Ba chóir d’aon fheirmeoir atá ag beartú dramhaíl talmhaíochta a dhó cloí leis an seicliosta sábháilteacht dóiteáin:

  • An gá an dóiteán, dáiríre?
  • An bhfuil d’acmhainn agam an dóiteán a mhúchadh más gá?
  • Ba chóir an dóiteán a shuí breis agus 1 mhíle ó aon choill nó foraois.
  • An bhfuil mé cinnte go mbeidh m’áitreabh féin agus áitreabh mo chomharsan sábháilte?
  • An bhfuil mé cinnte nach cur isteach é an toit ón dóiteán do dhaoine eile, úsáideoirí bóthair agus comharsana go háirithe?
  • Ar chuir mé in iúl do mo chomharsana agus do na húdaráis bhainteacha go bhfuil dóiteán beartaithe agam?
  • An bhfuil go leor cabhrach agus trealaimh ar láimh agam chun an dóiteán atá beartaithe a smachtú?
  • An bhfuil mo dhóthain gléas cumarsáide agam agus na sonraí cuí teagmhála má thagann éigeandáil aníos?
  • Roimh thosú ar an dóiteán rialaithe, cuirfidh mé in iúl don tSeirbhís Dóiteáin go díreach trí ghlaoch ar 999 nó 112 chun a chur in iúl don oibreoir go bhfuil mé le dul i mbun an dóiteáin rialaithe, seoladh an tsuímh a thabhairt agus chun a dhearbhú go nglaofaidh mé ar ais nuair a bheidh an dóiteán caite.

 

Tabhair aird freisin ar reachtaíocht bhainteach eile: Na hAchtanna um Thruailliú Aeir:
Is cion coiriúil é a bheith ina chúis le cur isteach nó le truailliú aeir trí dhramhaíl a dhó.

Na Achtanna um Fhiadhúlra
Is cion coiriúil é do duine (i) aon fhásra atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil saothraithe, agus (ii) aon fhásra atá ag fás in aon fhál nó claí a ghearradh, a thochailt, a dhó nó a scriosadh ar shlí eile, le linn na tréimhse dar tús an 1ú Márta agus dar críoch an 31ú lá Lúnasa in aon bhliain.

Nósanna Imeachta d’fheirmeoirí ar mian leo dramhaíl ghlas, arna giniúint ag cleachtais talmhaíochta, a dhó

Ní mór don iarratasóir foirm iarratais shínithe a chur isteach.

Foirm Iarratais i gcomhair Dramhaíl Ghlas a Dhó

Mótáil mar ghléas bainistithe dramhaíola

Bealach eile chun ábhair adhmadacha a chartar ó thailte talmhaíochta a bhainistiú is ea ábhair a  mhótáil, a shlisniú nó a stialladh. Déantar acmhainn den táirge deiridh ar féidir é a úsáid sa tírdhreachú nó ar chúiseanna garraíodóireachta ar d’áitreabh.

An Réiteach is Fearr
Is é an réiteach is fearr an méid dramhaíola atá le diúscairt a íoslaghdú. Is féidir seo a dhéanamh trí athruithe sna nithe a cheannaímid. Ní mór dúinn uile gearradh anuas ar an méid dramhaíola ar gá dúinn a fháil réidh léi trí sheachaint agus athúsáid.

Athúsáid
Ba chóir dúinn breathnú ar an dramhaíl againn maidir le deiseanna athúsáide. Ba chóir dúinn a fháil amach an bhfuil roghanna tairbheacha athúsáide againn i gcás nithe agus ábhair in-athchúrsála. Mar shampla, coimeádáin fholmha a bheith inchurtha ar ais nó in-athúsáidte.

Athchúrsáil
Athchúrsáil an chéad rogha eile. Ba chóir dúinn an dramhaíl againn a roinnt ina cineálacha éagsúla. Iad sin ar féidir iad a athchúrsáil, .i. gloine agus cannaí deochanna a thabhairt chuig na hionaid fág anseo ag cinntiú go ndéantar seo mar chuid de thuras eile.

Múiríniú sa Bhaile
Foghlaim conas an dramhaíl agat a mhúiríniú sa bhaile. Tá bileog ar fáil inár Rannán Naisc Úsáideacha/Bileoga

Teicstílí
Ba chóir teicstílí agus coisbheart a bhfuil bail mhaith orthu a ní agus a chur i mála ionas go dtig leat iad a athchúrsáil an chéad uair eile a théann tú thart le banc Teicstílí. Glacann roinnt siopaí carthanais an t-ábhar seo freisin. Glaoigh orthu roimh ré chun a fháil amach cén t-ábhar a ghlacann siad.

Páipéar, Plaisteach agus Miotail
Ba chóir duit dul i dteagmháil le d’Údarás Áitiúil chun liosta a fháil de bhailitheoirí ceadúnaithe sula dtabharfaidh tú do dhramhaíl iarmharach d’aon duine lena diúscairt. Ní mór do gach Conraitheoir Bailithe Dramhaíola Ceadúnas Bailithe Dramhaíola a bheith acu má tá siad le glacadh le dramhaíl. Ní mór mionsonraí ar cheadúnais bailithe a fháil ón Oifig Náisiúnta Ceadúnas Bailithe Dramhaíola ar 057 9357428. Is cion coiriúil é do dhramhaíl a thabhairt do chonraitheoir nach bhfuil Ceadúnas Bailithe Dramhaíola acu. Má tá tú in amhras, déan teagmháil lenár Rannóg Comhshaoil.

Teagmhas Dó Clós Cúil a Thuairisciú
Is cion coiriúil é gan cloí leis na rialacháin seo agus d’fhéadfaí fíneálacha suas go dtí €3,000 a ghearradh. Má tá do chomharsa nó duine eile ag dó dramhaíola go mídhleathach, ar mhaithe le do shláinte féin agus leis an timpeallacht, tuairiscigh an teagmhas leis an Líne Gearáin Comhshaol Náisiúnta, uimhir theileafóin glao áitiúil 1850 365 121 nó le Comhairle Contae Chiarraí, Rannóg Comhshaoil trí úsáid na sonraí teagmhála thíos.

Táillí Glaoch amach Seirbhís Dóiteáin
Sa chás go dtuairiscítear teagmhas agus gur gá don tSeirbhís Dóiteáin a bheith i láthair, is tábhachtach a thabhairt do d’aire go bhféadfaí na táillí seo a leanas a ghearradh:

  • Dóiteán Simléir €100.00
  • Cró baile €250.00
  • Eile (talamh srl.) €500.00 san uair (nó cuid di)

Naisc Úsáideacha
Bileog Chonaic Rud? Abair Rud! Dó Rialaithe

Rannóg Comhshaoil
Sr na Mainge., Trá Lí, Co. Chiarraí.
Fón: (066) 7162000
R-phost: Environment@kerrycoco.ie
Ar oscailt:  Uaireanta Oscailte: 9:00 a.m. go 1:00 p.m.

Séanadh: Ní mhaítear sa léirmhíniú seo gur tuairim dhleathach é agus cé gur tugadh cúram a chinntiú go bhfuil ábhar an doiciméid seo úsáideach agus cruinn, ní ghlactar aon fhreagracht as an ábhar, ná as cruinneas na faisnéise atá curtha ar fáil ná as aon chaillteanas ná damáiste a dhéantar go díreach nó go hindíreach má bhíothas ag brath ar úsáid a leithéid d’fhaisnéis. Dála gach ní a bhaineann leis an dlí, is cóir i gcónaí breathnú ar an reachtaíocht bhunaidh.

 

Téir I dtreangbháil linn

Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm  & 2.00pm – 5.00pm  ón Luan go Aoine