Eolas maidir le Covid-19 d’Íocóirí Rátaí
Tarscaoileadh Rátaí Tráchtála COVID 19
Beidh tarscaoileadh eile rátaí tráchtála i bhfeidhm le haghaidh gnóthaí sonraithe sa chéad ráithe de 2021. Tá critéir mhodhnaithe luaite leis an tarscaoileadh 3 mhí seo agus, dá réir sin, is scéim tarscaoilte ar leith, agus neamhspléach atá ann.
Beidh tarscaoileadh trí mhí i bhfeidhm le haghaidh gnóthaí incháilithe agus is éard a bheidh ann creidmheas in ionad rátaí. Tá luach an tarscaoilte cothrom le luach coibhéiseach de 25% den bhille bliantúil rátaí le haghaidh 2021. Beidh an tarscaoileadh i bhfeidhm le haghaidh gnóthaí atá dúnta mar gheall ar shrianta Leibhéal 5, nó gnóthaí a bhfuil tionchar díobhálach ag srianta Leibhéal 5 orthu.
Céard is gá domsa mar íocóir rátaí a dhéanamh chun tairbhe a bhaint as an tarscaoileadh seo?
Ní gá iarratas a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Chiarraí.
Íocfaidh Comhairle Contae Chiarraí tarscaoileadh trí mhí atá cothrom le 25% de luach bhille rátaí 2021 go huathoibríoch le gnóthaí incháilithe agus is éard a bheidh ann creidmheas in ionad rátaí.
Catagóirí eisiata
Táthar ag glacadh leis go bhfuil roinnt íocóirí rátaí ann nach raibh tionchar ag an bpaindéim ar a ngnóthaí, agus ní bheidh na híocóirí rátaí sin incháilithe don tarscaoileadh uathoibríoch.
Féach ar liosta de na catagóirí eisiata
Céard a tharlaíonn má tá mé san áireamh sa chatagóir eisiata ach go raibh tionchar díobhálach ag an bpaindéim orm?
Is féidir le gnóthaí atá san áireamh sna catagóirí eisiata incháilitheacht a lorg ó Chomhairle Contae Chiarraí más féidir a léiriú go raibh tionchar díobhálach ag an bpaindéim ar an ngnó.
Lorgóidh an Chomhairle fianaise dhoiciméadach chun tacú le hincháilitheacht. Sa chás seo, seol iarratas chuig rateswaiver@kerrycoco.ie , roimh an 8 Aibreán 2021.
Nó, is féidir achomhairc agus doiciméid thacaíochta a sheoladh chuig:
An Roinn Ioncaim,
Comhairle Contae Chiarraí,
Halla Cuimhneacháin Thomáis Áis,
Sráid Deiní, Trá Lí,
Co. Chiarraí. V92PVW3
Sonraí Teagmhála:
Ríomhphost: rateswaiver@kerrycoco.ie
Teileafón: 0667162100
Naisc úsáideacha:
- Liosta de gnóthaí incháilithe
- Liosta de catagóirí eisiata
- fianaise dhoiciméadach tacaíochta
Tacaíochtaí Breise Covid-19
Tá Scéim Tacaíochta Srianta Covid (STSC) á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim agus tá eolas le fáil ar a suíomh gréasáin anseo.