Iarratas ar Theastas Díolúine do Bhulaí Ollmhór
Iarratas ar Theastas Díolúine do Bhulaí Ollmhór
Faigh eolas ar an tslí le hiarratas a dhéanamh ar Theastas Díolúine do mhadra Bulaí Ollmhór ó Chomhairle Contae Chiarraí.
Ón 1 Deireadh Fómhair 2024, beidh rialacháin i bhfeidhm a chuirfidh cosc ar iompórtáil, ar phórú, ar dhíol agus ar úinéirí nua a fháil do mhadraí Bulaí Ollmhór. Beidh ar úinéirí ar mian leo a madra Bulaí Ollmhór a choinneáil iarratas ar Theastas Díolúine a dhéanamh chuig a nÚdarás Áitiúil roimh an 1 Feabhra 2025. Tabharfaidh sé seo cead dóibh a madra a choinneáil ar áitreabh faoi leith go deireadh a shaoil.
Bainfidh an teastas seo go sonrach leis an madra agus leis an úinéir, agus beidh sonraí air maidir le ceadúnas an mhadra, a mhicrishlis, a shonraí neodraithe, a aois agus a chur síos. Beidh sonraí an úinéara ar an teastas chomh maith.
Is féidir le húinéirí i gceantar feidhme Chomhairle Contae Chiarraí na foirmeacha riachtanacha agus na treoirlínte a ghabhann leo a íoslódáil thíos.
Aguisín 1.1 – Foirm Iarratais ar Theastas Díolúine – an Fhoirm Amháin
Aguisín 1.2 – Iarratas ar Theastas Díolúine – Treoirlínte Amháin
Aguisín 2 – Foirm Dearbhaithe Tréidliachta ar Stádas Neodraithe
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an gcosc ar mhadraí Bulaí Ollmhór anseo https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/1ba1d-cosc-ar-mhadrai-den-mhianach-bulai-ollmhor/
Téir I dtreangbháil linn
Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm & 2.00pm – 5.00pm ón Luan go Aoine