Margaíocht, Díol, Dáileadh agus Úsáid Breoslaí Soladacha Tí i gContae Chiarraí.

1. Cúlra:

Is le reachtaíocht náisiúnta a phléitear le margaíocht, díol, dáileadh agus úsáid breoslaí soladacha tí: Rialacháin An Achta um Thruailliú Aeir (Margaíocht, Díol, Dáileadh agus Dó Breoslaí Sainiúla).

Leagtha amach sna rialacháin tá na caighdeáin íosta ghinearálta maidir le breoslaí soladacha tí, amhail an cion sulfair ceadaithe srl. Lena chois sin, tugadh isteach leis na rialacháin cosc ar mhargaíocht, díol, dáileadh agus úsáid gual biotúmanach (gual deatúil ina bhfuil cion ard sulfair) i gceantair uirbeacha ina bhfuil daonra breis agus 10,000.

Dá réir, tháinig Limistéir Deataigh Ísil (ceantair ina bhfuil an cosc i bhfeidhm) i bhfeidhm i gceantar Thrá Lí agus ceantar Chill Airne ar an 1ú Meán Fómhair, 2020.

Is é príomhaidhm na rialachán sláinte an phobail a chosaint trí shubstaintí a thruaillíonn an t-aer a laghdú, amhail cáithníní míne a ghintear ó dhó breoslaí soladacha tí.

I dtéarmaí caighdeáin ghinearálta a bhaineann le breoslaí soladacha biotúmanacha a sholáthraítear ar fud na tíre, ní mór nach rachaidh cion sulfair thar 0.7% de réir meáchain agus ní mór go gcomhlíonfaidh an breosla an caighdeán náisiúnta ábhartha amhail SWiFT 7.

Ba chóir a thabhairt do d’aire, áfach, go bhfuil srianta níos déine i gceist i Limistéir Deataigh Ísil agus go háirithe ag ceannaithe breosla, siopaí, garáistí, réamhchúirteanna srl, tá cosc ar mhargaíocht, díol agus/nó dáileadh breoslaí coiscthe sna limistéir seo. Chomh maith leis sin, tá cosc ar shealbhóirí tí agus ar ghnólachtaí breoslaí coiscthe a dhó laistigh de na limistéir seo. Tá tuilleadh mionsonraí a bhaineann le Limistéir Deataigh Ísil breactha thíos.

2. Gníomhaíochtaí Coiscthe laistigh de Limistéir Deataigh Ísil :

  • Cosc ar mhargaíocht, díol agus dáileadh breoslaí ar leith (gual biotúmanach nó breosla soladach eile ina bhfuil cion sulfair níos mó ná 2% de mheáchan ar bhonn tirim saor ó luaithreach) laistigh den Limistéar Deataigh Ísil (Nóta: is féidir na breoslaí seo a leanas a dhíol agus a dháileadh faoi láthair laistigh den limistéar ar leith – táirgí guail atá “saor ó dheatach”, móin agus adhmad neamhchóireáilte);
  • Cosc ar dhó breoslaí ar leith laistigh den limistéar (.i. ní ceadmhach gual biotúmanach a dhó in áitribh phríobháideacha laistigh de Limistéir Deataigh Ísil).
  • Ní mór málaí breoslaí gan deatach a mhargaítear, a dhíoltar nó a dháiltear laistigh den limistéar a shéalú agus is gá an fógra seo a leanas a chur orthu (le cois ainm agus seoladh an duine a phacáil an mála agus an lógó bainteach SWiFT 7”) priontáilte ar an mála:

“BREOSLA FAOFA – Comhlíonann a bhfuil sa mhála Rialacháin an Achta um Thruailliú Aeir  ”

  • Féadann soláthraithe breoslaí soladacha atá lonnaithe sna limistéir seo breoslaí sainithe a stóráil laistigh den limistéar agus breoslaí den saghas seo a iompar tríd an limistéar faoi réir riachtanais shainiúla ar leith.
  • Nuair is mála é an t-aonad díolacháin gual biotúmanach, ní mór an mála a shéalú agus ní mór d’oibreoir málaí atá cláraithe leis an GCC an táirge atá i gceist a chur i málaí.

Monatóireacht agus Forfheidhmiú :

Is í Comhairle Contae Chiarraí an t-údarás monatóireachta agus forfheidhmiúcháin i leith na rialachán atá i gceist i gContae Chiarraí do Limistéar Deataigh Ísil Chill Airne agus Thrá Lí araon. Tá roinnt roghanna forfheidhmiúcháin ann chun plé le sáruithe na reachtaíochta, lena n-áirítear eisiúint Fógraí Pionóis Sheasta (tá réimse pionós ann ó €250 go €1,000, ag brath ar an sárú) agus, ar deireadh, ionchúiseamh sna cúirteanna.

4. Conclúid :

Tá mionsonraí ar Limistéir Deataigh Ísil i gContae Chiarraí ar fáil trí Chomhairle Contae Chiarraí agus ar shuíomhanna gréasáin bainteacha an rialtais (féach an nasc thíos). Maidir leis seo, ba chóir a shonrú go bhfuil mapa idirghníomhach ar líne ar shuíomh gréasáin na roinne a chuireann ar chumas sealbhóirí tí a sheiceáil an bhfuil siad lonnaithe laistigh den limistéar, bunaithe ar a Eircode:

(https://dcenr.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index.html?id=feee728a0ee1427d9a3973a090a9f292)

Rannóg Comhshaoil,
Comhairle Contae Chiarraí.

 

Téir I dtreangbháil linn

Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm  & 2.00pm – 5.00pm  ón Luan go Aoine