Conas is féidir liom mo rátaí a íoc?

Tá na roghanna íocaíochta seo a leanas ar fáil:

  • Tríd an bPost – Ba cheart go mbeadh Seiceanna, Dréachtaí Bainc nó Orduithe Poist iníoctha le Comhairle Contae Chiarraí agus á seoladh ar aghaidh chuig An Roinn Ioncaim, Halla Cuimhneacháin Thomáis Áis, Sráid Deiní, Trá Lí, Co. Chiarraí,V92 PVW3.  Cinntigh go bhfuil d’Ainm, Seoladh agus Uimhir Chuntais Custaiméara sonraithe go soiléir ar gach Seic, Dréacht Bainc nó Ordú Poist.
  • Go pearsanta trí chuairt a thabhairt ar aon oifig de chuid Chomhairle Contae Chiarraí.

Tá íocaíochtaí leictreonacha slán, níos tapa, níos saoire agus níos áisiúla. Tá raon roghanna íocaíochta leictreonaí á soláthar ag Comhairle Contae Chiarraí agus tá an t-eolas cuí sonraithe thíos.

  • Trí Chárta Dochair – Déan teagmháil leis an Roinn Rátaí ag an uimhir (066) 7162100.
  • Ríomhaistriú Airgid (EFT) / Aistriú Creidmheasa Bainc – déan socrú go díreach le do bhanc. Féach ar na sonraí bainc thíos.
  • Dochar Díreach – Comhlánaigh an fhoirm cheangailte Sainordú Dochair Dhírigh
  • Buanordú – Seachtainiúil, coicísiúil nó míosúil. Íoslódáil Foirm an Buanordaithe – Déan teagmháil le Roinn Rátaí Chomhairle Contae Chiarraí roimh ré chun teacht ar chomhaontú maidir le méid an Bhuanordaithe. Ní mór duit an fhoirm chomhlánaithe a chur ar fáil do do bhanc.

Sonraí Bainc Chomhairle Contae Chiarraí

Banc Banc na hÉireann
  Sráid an Chaisleáin
  Trá Lí
  Co. Chiarraí
   
Uimhir Chuntais        30617300
Cód Sórtála 905838
Cód Aitheantais Bainc BOFIIE2D
IBAN   IE75 BOFI 9058 3830 6173 00
Uimhir Chláraithe Cuideachta 0563711D
Uimhir CBL 0925208I

Tabhair faoi deara, ní mór d’Uimhir Chuntais Ráta mar atá le feiceáil ar do Bhille Rátaí a shonrú mar an tagairt atá le feiceáil nuair a dhéantar aon chineál íocaíochta. Cinntigh go n-íoctar an méid iomlán atá dlite ar fad faoi dheireadh na bliana.

Cuntais Thar Téarma

Tionscnófar imeachtaí dlí i ndáil le cuntais atá neamhíoctha.

Fiosrúcháin

Déan teagmháil leis an Roinn Ioncaim, Comhairle Contae Chiarraí ag an uimhir (066) 7162100 nó seol ríomhphost chuig revenue@kerrycoco.ie

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine, 9:00 a.m. go 5:00 p.m.

 

Dein teagmháil linn

An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm