Conas íocaíocht a dhéanamh

Ar líne ag www.motortax.ie

Is seirbhís shlán é Mótarcháin Ar Líne atá á soláthar ag an Roinn Iompair, a chuireann ar chumas custaiméirí mótarchánach cáin a chur ar a bhfeithiclí ar líne trí úsáid a bhaint as Uimhir PIN atá sonraithe ar a bhfógra maidir le hathnuachan mótarchánach RF100B a sheolann an Roinn Iompair chuig custaiméirí.

Go hiondúil is féidir cáin a chur ar fheithiclí ar líne trí úsáid a bhaint as na 6 dhigit dheireanacha de d’uimhir Deimhniú Cláraithe Feithicle mar an PIN a theastaíonn chun an tseirbhís ar líne a úsáid. Tá an uimhir seo (a thosaíonn leis an litir C) le fáil ag an gcúinne in uachtar ar thaobh na láimhe deise de do Dheimhniú Cláraithe Feithicle.
Sa chás go bhfuil cáin á cur ar fheithicil nua nó iompórtáilte den chéad uair, is ionann an PIN agus na 6 charachtar dheireanacha d’uimhir fonnaidh d’fheithicle mar atá priontáilte ar d’Fhoirm RF100. Ba cheart go mbeadh d’Fhoirm RF100 faighte agat ó do dhíoltóir mótarfheithiclí nó ón NCTS.
Mura bhfuil ríomhaire agat sa bhaile, is féidir leat do mhótarcháin a athnuachan ar líne trí úsáid a bhaint as rochtain Idirlín atá ar fáil i do leabharlann áitiúil.
Mura bhfuil tú in ann do PIN a aimsiú nó má tá aon cheist eile agat maidir leis an tseirbhís chánach ar líne, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair ag an uimhir 0818 411 412

Tríd an bpost nó go pearsanta
Tá 3 fhoirm ann ar féidir leat iad a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar mhótarcháin:

  1. RF100 – seo an fhoirm a fhaigheann tú ó do dhíoltóir mótarfheithiclí nó ón Ionad NCT nuair a cheannaíonn tú feithicil nua nó nuair a iompórtálann tú feithicil. Úsáidtear an fhoirm seo má tá cáin á cur ar fheithicil den chéad uair agus ní chun mótarcháin a athnuachan.
  2. RF100A – is foirm bhán athnuachana mótarchánach é seo
  3. RF100B – is foirm ríomhghinte athnuachana é seo a eisíonn an Roinn Iompair agus a sheoltar chugat tríd an bpost nuair atá do cháin ar tí dul in éag (agus d’fhéadfadh go mbeadh PIN ann chun cead a thabhairt duit cáin a chur ar d’fheithicil ar líne).

Is féidir leat do rogha modh íocaíochta a úsáid – dréacht bainc, seic, Ordú Poist nó Airgid, nó roinn shonraí an Chárta Chreidmheasa a chomhlánú ar an bhfoirm. Ná seol airgead tríd an bpost.
Is féidir leat do mhótarcháin a athnuachan am ar bith i rith na míosa a rachaidh do dhiosca mótarchánach reatha in éag, agus is féidir leat íoc le hairgead agus le cárta creidmheasa, seic / Dréacht Bainc, nó Ordú Poist / Airgid más mian leat chomh fada le d’Oifig Mótarchánach áitiúil.
Ba cheart go mbeadh seiceanna iníoctha le ‘Oifig Mótarchánach Chiarraí’.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie