Comhairle agus Comhairliúchán Réamhphleanála

  • Cuireann an Rannóg Pleanála seirbhís comhairliúcháin réamhphleanála ar fáil saor in aisce.
  • Sula gcuireann tú isteach d’iarratas pleanála, is féidir leat do thograí tosaigh a phlé leis an bpleanálaí limistéir cuí agus comhairle a fháil maidir le ceisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le d’iarratas.
  • Má tá talamh á cheannach agat le haghaidh forbairt bheartaithe, ní mór dearbhú i scríbhinn a chur ar fáil den chomhaontú chun an talamh a cheannach.

Chun leas a bhaint as an tseirbhís seo, déan teagmháil le do thoil leis an Rannóg Pleanála.