Cóid Iompair & Eitice

Fostaithe na Comhairle & Comhaltaí Tofa
Tá Comhairle Chiarraí tiomanta d’fhorfheidhmiú a dhéanamh ar na croíchuspóirí i leith an Rialtais Áitiúil in Éirinn atá leagtha amach go soiléir sa cháipéis “Tús Áite a Thabhairt do Dhaoine – Clár Gníomhaíochta don Rialtas Áitiúil Éifeachtach”. Airítear leo seo an tseirbhís phoiblí ar an leibhéal áitiúil, ceannaireacht a thabhairt i leith na forbartha geilleagraí, sóisialta agus pobail, éifeachtúlacht, luach ar airgead, ionadaíocht a dhéanamh do shaoránaigh agus do phobail, cuntasacht.

Tá na cuspóirí seo leabaithe ag an gComhairle seo ina Plean Corparáideach, agus tá na cuspóirí leathnaithe ag an gComhairle, trí leagan amach a dhéanamh ar a Bunluachanna atá mar bhonn agus mar thaca ag na gníomhaíochtaí go léir de chuid Chomhairle Contae Chiarraí. Léirítear sna Bunluachanna seo an chaoi a gcaithimid le daoine, an chaoi a gcuirimid seirbhísí ar fáil agus an chaoi a bpléimid leis an bpobal agus le heagraíochtaí eile trí:

  • Faoi Thiomáint an Fheabhais agus Feabhsú Leanúnach
  • Meas, Macántacht agus Ionracas
  • Dírithe ar an Saoránach
  • Ceannaireacht Shibhialta agus Comhar Sibhialta
  • Dea-Rialachas

Tá léirithe i mBunluach an Dea-Rialachais de chuid Chomhairle Contae Chiarraí “go bhfuilimid freagrach ar mhodh cuntasach trédhearcach as ár gcinntí go léir agus as ár ngníomhartha go léir agus tá ár bhfeidhmíocht oscailte don scrúdú inmheánach agus don scrúdú seachtrach”.

Reachtaíocht
Faoi Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, táthar ag súil leis go n-iompróidh Fostaithe na Comhairle agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chiarraí iad féin ar na caighdeáin is airde agus go mbeidh freagracht orthu cloí leis an iompar eitice is airde agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu. Leagtar amach i gCuid 15  den Acht Rialtais Áitiúil creat eitice dóibh siúd a fhónann sna húdaráis áitiúla, cibé acu mar bhall foirne nó mar chomhalta tofa é. Cuirtear dualgas reachtúil faoin gcreat seo ar fhoireann na Comhairle agus ar oifigigh na Comhairle, agus ar na comhairleoirí, caighdeáin chuí a chothabháil maidir le hionracas, iompar agus aird a thabhairt ar leas an phobail.

http://www.irishstatutebook.ie/eli/2001/act/37/section/166/enacted/en/html#part15

Cóid Iompair
D’fhonn cúnamh a chur ar fáil don fhoireann agus do na comhairleoirí na caighdeáin seo a chothabháil, tá Cóid Iompair foilsithe, ina bhfuil léiriú déanta ar na saincheisteanna nach foláir dóibh cuimhneamh orthu agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, agus ar na caighdeáin nach foláir dóibh a chomhlíonadh. Thairis sin, ceanglaítear ar na comhaltaí tofa go léir agus ar fhostaithe uile na Comhairle Dearbhuithe Bliantúla Leasa a dhéanamh, agus ní foláir do chomhaltaí tofa ráitis a sholáthar freisin ina léireofar a Síntiúis Pholaitiúla Bhliantúla, agus ní foláir dóibh ráitis a sholáthar ina léireofar comhlíonadh an dlí agus comhlíonadh an Chóid Iompair ina gcuid gnóthaíochta leis an gComhairle freisin.
Mar a cheanglaítear faoi Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, tá Clár Eitice i bhfeidhm ag Comhairle Contae Chiarraí chun an Creat Eitice a chur i ngníomh. Cothabháiltear na Dearbhuithe Eitice i gClár, ar féidir le haon duine den phobal é a iniúchadh, ach é sin a iarraidh. Tá na Cóid Iompair do Chomhairleoirí agus d’Fhostaithe ar fáil anseo thíos:

Déan Teagmháil

Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie