Clárú Córas Cóireála Fuíolluisce Tí (DWWTS)
Ní mór go mbeadh gach córas cóireála fuíolluisce tí, cosúil le dabhcha séarachais etc., cláraithe leis an gcóras DWWTS. Tá sonraí an phróisis chlárúcháin le fáil ar an suíomh gréasáin Cosain Ár nUisce, ag an nasc seo a leanas.
https://www.protectourwater.ie/
Oibriú agus Cothabháil Córas Cóireála Fuíolluisce Tí
Ní mór do shealbhóirí tí le córais chóireála fuíolluisce tí aird a thabhairt ar na pointí seo a leanas:
- Ní mór go mbeadh a fhios acu cá bhfuil a gcóras cóireála lonnaithe;
- An córas a oibriú agus a chothabháil i gceart;
- A chinntiú nach bhfuil fuíolluisce á dhoirteadh go díreach in uisce dromchla, cosúil le haibhneacha nó sruthanna, nó go mbíonn cead ag uisce bailiú ar dhromchla na talún;
- A chinntiú go dtreoraítear uiscí dín glana agus uiscí dromchla glana ón gcóras cóireála;
- An sloda a bhaint den chóras ag minicíocht oiriúnach.
Sloda a Bhaint
Ba cheart an sloda a bhaint de Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí ar bhonn rialta chun a chinntiú go n-oibríonn siad go héifeachtach. Braitheann an mhinicíocht a mbaintear an sloda ar chineál agus ar acmhainn stórála an chórais.
Tá treoir le fáil sa tábla seo a leanas faoin minicíocht a mholtar sloda a bhaint as dabhcha séarachais tí (Tag. Cód Cleachtais EPA – Córais Chóireála Fuíolluisce Tí : https://www.epa.ie/publications/compliance–enforcement/waste-water/2021_CodeofPractice_Web.pdf). Ba cheart treoir maidir le minicíocht bainte sloda do chórais chóireála eile a fháil ó mhonaróir an chórais.
Ní cheadaítear ach do chonraitheoir údaraithe a bhfuil cead bailithe dramhaíola reatha agus bailí aige sloda a bhaint agus slodaí fuíolluisce tí a bhailiú. Tá sonraí oibritheoirí ceadaithe ar fáil ó shuíomh gréasáin na hOifige Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola tríd an nasc seo a leanas http://www.nwcpo.ie/permitsearch.aspx agus trí na céimeanna seo a leanas a chur i gcrích:
- Cliceáil ar “Cuardach Tapa” agus roghnaigh an cineál dramhaíola “Sloda a Bhaint as Dabhach Shéarachais”.
- Cliceáil ar “Roghnaigh Contaetha” agus roghnaigh “Contae Chiarraí”.
- Cliceáil an cnaipe “Cuardach” agus ansin roghnaigh an uimhir WCP/tagairt NWCPO (dath gorm) chun rochtain a fháil ar shonraí teagmhála do Bhailitheora Dramhaíola áitiúil.
Cigireachtaí ar Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí
Faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta, tá Comhairle Contae Chiarraí freagrach as cigireachtaí a dhéanamh ar Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí (i.e. dabhcha séarachais etc.) i gContae Chiarraí.
Is baill foirne cigireachta oilte as Comhairle Contae Chiarraí a dhéanann cigireacht ar chórais chóireála fuíolluisce tí. Roghnaítear na teaghaisí a bhfuil cigireacht le déanamh orthu faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta bunaithe ar chur chuige rioscabhunaithe, agus seolann Comhairle Contae Chiarraí fógra i scríbhinn chucu siúd a roghnaítear sula ndéantar an chigireacht. Tá sé inmholta i gcónaí, áfach, cruthúnas céannachta a lorg ó aon duine atá ag iarraidh cigireacht a dhéanamh ag do réadmhaoin.
Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh Comhairle Contae Chiarraí cigireachtaí a dhéanamh ar chórais chóireála fuíolluisce tí chun críocha eile. Mar shampla, d’fhéadfaí cigireachtaí a dhéanamh sa chás go bhfaightear gearán nó tuairisc maidir le córas atá ag mífheidhmiú. Ní thugtar fógra do dhaoine maidir leis na cigireachtaí sin roimh ré, áfach.
Tá sonraí maidir leis an bPlean Náisiúnta Cigireachta, mar aon le comhairle agus le faisnéis faoi chórais chóireála fuíolluisce tí (lena n-áirítear cúnamh deontais a d’fhéadfadh a bheith ar fáil) le fáil ag na naisc seo a leanas:
- An Plean Náisiúnta Cigireachta – https://www.epa.ie/publications/compliance–enforcement/waste-water/national-inspection-plan-for-domestic-waste-water-treatment-systems-2022-2026.php
- DWWTS: Cigireachtaí agus Deisiúcháin – https://www.epa.ie/environment-and-you/waste-water/inspections–repair/#d.en.85596
- DWWTS: Clárú agus Cúnamh Deontais – https://www.gov.ie/en/publication/6cc1e-domestic-waste-water-treatment-systems-septic-tanks/
Scéimeanna Deontais don Chóras Cóireála Fuíolluisce Tí
D’fhéadfadh roinnt scéimeanna deontais náisiúnta a bheith ar fáil chun córais chóireála fuíolluisce tí a fheabhsú (DWWTS), mar seo a leanas:
- Deontas DWWTS faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta – Seans nach mbeidh an scéim cúnaimh deontais seo ar fáil ach do réadmhaoin a ndearnadh cigireacht uirthi faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta, agus ar theip uirthi an próiseas cigireachta a chur i gcrích. Roghnaítear na teaghaisí a bhfuil cigireacht le déanamh orthu faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta bunaithe ar chur chuige rioscabhunaithe.
- Deontas DWWTS do Réimsí Tosaíochta Gníomhaíochta – D’fhéadfadh an scéim seo a bheith ar fáil do réadmhaoin atá lonnaithe laistigh de Réimsí Tosaíochta Gníomhaíochta.
- Deontas DWWTS do Dhobharcheantair le Cuspóir Ardstádais.
Tá na scéimeanna sin á riar ag Comhairle Contae Chiarraí i gContae Chiarraí. Tá téarmaí agus coinníollacha na scéimeanna deontais ar fáil ag an nasc seo a leanas:
https://www.gov.ie/en/publication/6cc1e-domestic-waste-water-treatment-systems-septic-tanks/
Téir I dtreangbháil linn
Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm & 2.00pm – 5.00pm ón Luan go Aoine