Clár Féilte agus Imeachtaí Rannpháirtíochta do Chontae Chiarraí 2022

Tá áthas ar Chomhairle Contae Chiarraí glao oscailte ar mhaoiniú a fhógairt faoi Chlár Imeachtaí Réigiúnacha agus Imeachtaí Rannpháirtíochta Fáilte Éireann 2022.

Treoirlínte 2022
Foirm Iarratais 2022

Tá sé mar aidhm ag an gClár Imeachtaí Féile & rannpháirtíochta tacú le Féilte agus Imeachtaí Rannpháirtíochta a spreagfaidh turasóireacht intíre agus a chabhróidh le heispéireas na gcuairteoirí i gCiarraí a fheabhsú. Le breithniú a dhéanamh ar mhaoiniú faoin gClár seo, ní mór d’Imeachtaí Rannpháirtíochta 800 oíche do chuairteoirí nó d’oícheanta leaba turasóireachta ar a laghad a ghiniúint i lóistín íoctha. Ní mór d’imeachtaí féilte 500 oíche leaba cuairteoirí nó turasóireachta ar a laghad a ghiniúint i lóistín íoctha. Ní mór íoschaiteachas tionscadail de €10,000 a léiriú i gcás féilte agus imeachtaí rannpháirtíochta araon.

Tabhair do d’aire: Níl aon chinnteacht ann go ndéanfar measúnú ar mhaoiniú agus déanfar iarratais incháilithe a mheas ar bhonn iomaíoch i gcoinne na gcritéar atá leagtha amach i dTreoirlínte an Chláir.

Ní mór do gach Tionscadal cloí le srianta agus treoirlínte an Rialtais. Tá tuilleadh eolais ar Threoir Sláinte Poiblí ar fáil ar shuíomhanna gréasáin an FSS agus an Rialtais agus déantar é a nuashonrú go minic. https://www.gov.ie/en/https://www.hse.ie/eng/

Is é Dé Máirt an 1 Márta 2022 an dáta deiridh chun foirmeacha iarratais comhlánaithe agus doiciméid thacaíochta a fháil.

Ní chuirfear iarratais a fhaightear tar éis an dáta seo san áireamh.

Is féidir teacht ar an bhFoirm Iarratais agus ar na Treoirlínte ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Ciarraí: http://www.kerrycoco.ie/tourism/ nó ríomhphost TourismOffice@kerrycoco.ie

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta