Ciste tacaíochta pobail 2025

Sheol Méara Chomhairle Contae Chiarraí an Clr. Breandán Fitzgerald agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí Martin O’Donoghue an Ciste Tacaíochta Pobail 2025 ar an Aoine, 13ú Nollaig, 2024.

Tá gairm ar mhaoiniú fógartha ag an gComhairle anois don Chiste Tacaíochta Pobail 2025 a chuireann tacaíochtaí ar fáil do thionscadail agus tograí pobalbhunaithe i gCiarraí.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí i gContae Chiarraí a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu an pobal áitiúil a chur chun cinn agus a fhorbairt nó forbairt tionscadail a rachaidh chun leasa grúpa sa phobal. Caithfidh go mbeidh iarratais ar mhaoiniú bainteach le ceann amháin den cheithre cineál catagóirí tacaíochta seo a leanas:

  1. Pobail Nasctha, Ionchuimsitheacha & Sheasmhacha
  2. Tionscnaimh Bailte Slachtmhara Pobail, Tograí Conláiste & Tograí Inbhuanaithe ó thaobh na Timpeallachta de
  3. Nuálaíocht Gheilleagrach Pobail
  4. Turasóireacht, Féilte agus Imeachtaí Pobalbhunaithe
  5. Tionscnaimh Sábháilteachta Pobail Áitiúil

Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta don Chiste Tacaíochta Pobail 2025 go dtí Aoine 24ú Eanáir, 2025 agus tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne, tríd an nasc seo a leanas: https://arcg.is/0Wz0bO

Ba chóir ceisteanna a chur trí mheán ríomhphoist chuig an gCeantar Bardasach a bhaineann le do chuid iarratais nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Pobail, Ealaíon agus Cultúir ar (066) 7183680

CB Thrá Lí r-phost:                                        csftralee@kerrycoco.ie
CB Chill Airne r-phost:                                  csfkillarney@kerrycoco.ie
CB Lios Tuathail r-phost:                             csflistowel@kerrycoco.ie
CB An Neidín:                                               csfkenmare@kerrycoco.ie
CB Oileán Chiarraí-Chorca Dhuibhne:       csfcastlcorca@kerrycoco.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680