Ciste Tacaíochta Pobail 2023

Sheol Méara Chomhairle Contae Chiarraí an Clr. John Francis Flynn agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí Moira Murrell an Ciste Tacaíochta Pobail 2023 inniu.

Tá gairm ar mhaoiniú fógartha ag an gComhairle anois don Chiste Tacaíochta Pobail 2023 a chuireann tacaíochtaí ar fáil do thionscadail agus tograí pobalbhunaithe i gCiarraí.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí i gContae Chiarraí a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu an pobal áitiúil a chur chun cinn agus a fhorbairt nó forbairt tionscadail a rachaidh chun leasa grúpa sa phobal. Caithfidh go mbeidh iarratais ar mhaoiniú bainteach le ceann amháin den cheithre cineál catagóirí tacaíochta seo a leanas:

  1. Pobail a Atógáil agus a Athnascadh
  2. Tionscnaimh Pobail na mBailte Slachtmhara agus na dTionscadal Áiseanna
  3. Nuálaíocht Gheilleagrach Pobail
  4. Turasóireacht, Féilte agus Imeachtaí Pobalbhunaithe

Is é an dáta dúnta d’iarratais comhlánaithe ná Dé Céadaoin, 8ú  Feabhra 2023 agus tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne, tríd an nasc seo a leanas:

Ba chóir ceisteanna a chur trí mheán ríomhphoist chuig an gCeantar Bardasach a bhaineann le do chuid iarratais nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Pobail agus Turasóireachta ar (066) 7183680

CB Thrá Lí r-phost:                                        csftralee@kerrycoco.ie
CB Chill Airne r-phost:                                   csfkillarney@kerrycoco.ie
CB Lios Tuathail r-phost:                               csflistowel@kerrycoco.ie
CB An Neidín:                                                csfkenmare@kerrycoco.ie
CB Oileán Chiarraí-Chorca Dhuibhne:          csfcastlcorca@kerrycoco.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680