Ciste Tacaíochta Pobail 2021

Sheol Méara Chomhairle Contae Chiarraí an Clr. Patrick Connor-Scarteen agus
Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí Moira Murrell an Ciste Tacaíochta Pobail 2021
inniu.

Tá gairm ar mhaoiniú fógartha ag an gComhairle anois don Chiste Tacaíochta Pobail 2021 a
chuireann tacaíochtaí ar fáil do thionscadail agus tograí pobalbhunaithe i gCiarraí.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí i gContae Chiarraí a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu an
pobal áitiúil a chur chun cinn agus a fhorbairt nó forbairt tionscadail a rachaidh chun leasa grúpa sa
phobal. Caithfidh go mbeidh iarratais ar mhaoiniú bainteach le ceann amháin den cheithre cineál
catagóirí tacaíochta seo a leanas:

1. Pobail a Atógáil agus a Athnascadh
2. Tionscnaimh Pobail na mBailte Slachtmhara agus na dTionscadal Áiseanna
3. Nuálaíocht Gheilleagrach Pobail
4. Turasóireacht, Féilte agus Imeachtaí Pobalbhunaithe

Is é an dáta dúnta d’iarratais comhlánaithe ná Aoine, 18 Meitheamh, 2021 agus tá foirmeacha
iarratais ar fáil ar líne, tríd an nasc seo a leanas: https://arcg.is/0PWfG1

Ba chóir ceisteanna a chur trí mheán ríomhphoist chuig an gCeantar Bardasach a bhaineann le do
chuid iarratais nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Pobail agus Turasóireachta ar
(066) 7183680

CB Thrá Lí r-phost: csftralee@kerrycoco.ie
CB Chill Airne r-phost: csfkillarney@kerrycoco.ie
CB Lios Tuathail r-phost: csflistowel@kerrycoco.ie
CB An Neidín: csfkenmare@kerrycoco.ie
CB Oileán Chiarraí-Chorca Dhuibhne: csfcastlcorca@kerrycoco.ie

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680