Ciste Gníomhaíochtaí Pobail Faoin gClár um Fheabhsú Pobail

Tá an Clár Feabhsúcháin Pobail  (CAF) arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien TD an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail (CAF). Tá maoiniú de €9 milliún curtha i leataobh chun tacú le grúpaí pobail a raibh tionchar ag COVID-19 orthu.  Is é an leithdháileadh do Chiarraí ná €284,817.

Iarrann Comhairle Contae Chiarraí agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chiarraí (LCDC) iarratais ar mhaoiniú faoin Ciste Gníomhaíochtaí Pobail faoin gClár um Fheabhsú Pobail de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe & Pobail.

Tacóidh an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail le grúpaí pobail, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste lena gcostais reatha agus oibriúcháin neamhphá. Beidh grúpaí in ann an maoiniú a úsáid freisin chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna agus chun trealamh a cheannach. Seo a leanas roinnt samplaí:

Costais reatha neamhphá*   Leictreachais, dramhaíola, teasa

Costais eile neamhphá*   Costais cíosa/léasa agus billí árachais

Costais chaipitiúla   Deisiúcháin/feabhsuithe riachtanacha ar áiseanna, ceannach trealaimh amhail boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, forscáthanna agus trealamh oiliúna (is liosta neamh-uileghabhálach é seo de thionscadail a d’fhéadfadh maoiniú a fháil)

*Chun monatóireacht agus rialachas cuí a chinntiú, tá sé á mhaíomh ag an Roinn gur costais oibríochta/reatha a bhaineann leis an tréimhse seo amháin – an 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022 – atá incháilithe.

Cé atá incháilithe le hiarratas a dhéanamh?
Is féidir le grúpa pobail nó le grúpa deonach neamhbhrabúsach iarratas a dhéanamh.
Níl eagraíochtaí ná daoine aonair tráchtála incháilithe do mhaoiniú

Le hIarratas a Dhéanamh

  • Moltar d’iarratasóirí na treoirlínte iarratais a léamh sula líonann siad an fhoirm iarratais ar líne.
  • Ba chóir iarratais a dhéanamh ar líne, ag baint úsáid as an nasc seo a leanas:
    https://arcg.is/0PPun9
    Tearmaí Coinníollacha – Ciste Gníomhaíochtaí Pobail
    Treoirlínte – Ciste Gníomhaíochtaí Pobail
  • Cinntigh le do thoil go bhfuil gach doiciméad a theastaíonn chun an t-iarratas a chomhlánú san áireamh, nó d’fhéadfadh sé go mbeadh d’iarratas neamhbhailí dá bharr.
  • Ní mór iarratais a bheith istigh roimh istigh Luan 28ú Feabhra, 2022.
  • Ba chóir ceisteanna a sheoladh trí r-phost community@kerrycoco.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Pobail & Turasóireachta ar (066) 7183680.
  • Tá foirmeacha iarratais ar fáil i nGaeilge ar iarratas.

Coinnigh i gcuimhne, le do thoil, go gcaithfidh seachadadh do thionscadail a bheith laistigh de theorainneacha srianta COVID-19 a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm agus go gcloítear le treoirlínte agus prótacail uile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

D’fhéadfadh sé go mbeadh na tairiscintí ar mhaoiniú níos lú ná an tsuim a bhí á lorg ag an iarratasóir. Ba chóir d’iarratasóirí a bheith ar an eolas go bhféadfadh go leor eagraíochtaí a bheith ag déanamh iarratais ar an gClár. Dá bhrí sin, in imthosca den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis na hiarratais go léir a chomhlíonann na coinníollacha nó d’fhéadfadh sé gur suim níos lú ná an tsuim a bhí á lorg a bheadh i gceist.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680