Ciste Aitheantais Pobail 2024
Léirithe Suime
D’fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail sonraí maidir le ciste breise do luach €50 milliún chun tacú le forbairt infrastruchtúir agus áiseanna pobail mar aitheantas ar an méid a dhéanann pobail anseo i gCiarraí in óstáil daoine nua atá ag teacht isteach sa chontae mar fhreagra ar ghéarchéim na hÚcráine. Tá an ciste seo leithdháilte ar Údaráis Áitiúla bunaithe ar líon na ndaoine nua a tháinig isteach ann. Faoi scéim 2024, tá leithdháileadh de €3,946,095 faighte ag Comhairle Contae Chiarraí. Tá tuilleadh sonraí faoin bhfógra ar fáil ón Leathanach Gréasáin DRCD
Tá téarmaí an chiste leagtha amach in “Imlíne na scéime”,doiciméad a bhí ag gabháil leis an bhfógra maoinithe agus atá mar bhunús do na prionsabail maidir le dáileadh an chiste laistigh de Chontae Chiarraí. Tá an maoiniú dírithe ar na pobail, na sráidbhailte agus na bailte sin ina bhfuil na leibhéil is airde do dhaoine nua tar éis teacht isteach iontu.
Don bhliain 2024, tá roinnt athruithe suntasacha ar an scéim maoinithe ó scéim 2023 ar nós:
- Is é an t-íosleibhéal maoinithe do thionscadal aonair ná €50,000 agus beidh uasdeontas aonair de €500,000 i bhfeidhm. Níl sé ceadaithe tionscadail níos lú a chomhcheangal chun an íosmhéid de €50,000 a bhaint amach
- Ní mór do thionscadail os cionn €200,000 faisnéis bhreise a sholáthar a leagann amach an sainriachtanas atá leis an tionscadal. Tá teimpléad chun cás gnó aonair a sholáthar curtha ar fáil ag DRCD. I gcúinsí fíor-eisceachtúla agus sa chás go bhfuil riachtanas soiléir aitheanta ag an Údarás Áitiúil féadfaidh an Roinn smaoineamh ar dhul thar an tairseach €500,000.
- Déanfar an Ciste (CRF 2024) a sheachadadh thar thréimhse 2025 agus 2026 agus ní mór íosmhéid 50% den leithdháileadh maoinithe a tharraingt anuas in 2025.
- Is féidir tograí maoinithe a chur faoi bhráid DRCD thar spriocdátaí iarratais ar leith in 2024 agus 2025. Ní mór do gach Údarás Áitiúil ar a laghad 20% den leithdháileadh maoinithe a chur in áirithe le haghaidh aighneachtaí roimh spriocdháta iarratais 2025, agus fógrófar sonraí ina leith níos déanaí.
Déanfar an chuid is mó den mhaoiniú a bheidh ar fáil a dháileadh trí Ghlao Poiblí ar Thionscadail Incháilithe thar dhá shainbheart maoinithe:
Beart 1
Leithdháilfear Ciste de thart ar €770,000 do thionscadail chaipitil ar scála beag go meánscála “a sholáthróidh tairbhí inláimhsithe do phobail” le tionscadail idir luach €50,000 agus €200,000 atá molta ag grúpaí pobail, eagraíochtaí cultúrtha, clubanna spóirt srl. ar fud an chontae.
Le haghaidh Beart 1, tabharfar tús áite do thionscadail incháilithe atá molta ag eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil baint dhíreach acu le tacaíocht a sholáthar do phobail agus do dhaoine nua atá tar éis teacht anseo agus atá ailínithe le Fóram Comhtháthaithe Pobail Chiarraí agus na Foirne Freagartha Limistéir Áitiúla do thionscadail agus d’áiseanna gur féidir le gach ball den phobal a úsáid.
Beart 2
Déanfar ciste de thart ar €2.3 milliún a dháileadh ar Phobail, Bailte agus Sráidbhailte atá ag óstáil na daoine nua seo chun tionscadail chaipitiúla claochlaitheacha a mhaoiniú, tionscadail a dhéanfaidh timpeallacht eacnamaíochta agus shóisialta na gceantar seo a athbheochan agus a fheabhsú. Rachaidh luach na dtionscadal faoin mbeart seo ó níos mó ná €200,000 go huasmhéid de €500,000.
Mar atá leagtha amach in Imlíne na Scéime, ní mór do thograí faoin gcatagóir seo “a léiriú go bhfuil an maoiniú dírithe ar na pobail, na sráidbhailte agus na bailte sin ina bhfuil na leibhéil is airde de dhaoine atá tar éis teacht isteach iontu agus go bhfuil gá leis an infheistíocht.”
Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcaithfidh na tionscadail go léir a mholtar faoin mbeart seo an Cás Gnó teimpléad i bhFoirm Iarratais Bheart 2 a líonadh isteach, mionsonraí breise a thabhairt faoi na riachtanais a aithníodh san áit, an méid rannpháirtíochta agus comhoibrithe a bhí i gceist le roghnú na tionscadail agus cumas an ghrúpa pobail na tionscadail seo a chur chun cinn de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha de Imlíne na Scéime. Go sonrach, ní mór d’iarratasóirí cumas a léiriú chun sreabhadh airgid a bhainistiú le linn chéim críochnaithe an tionscadail agus chun fianaise a sholáthar ar íocaíochtaí a tarraingíodh anuas.
I gcásanna eisceachtúla, féadfar an t-uasluach tionscadail de €500,000 faoi Bheart 2 a shárú, bunaithe ar Chás Gnó a bheith curtha i gcrích ag an údarás áitiúil, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna go bhfuil maoiniú breise ag teastáil, rudaí ar nós riachtanais áitiúla shubstaintiúla, i gcás ina bhfuil a lán daoine nua tar éis teacht isteach in aon áit amháin, leibhéil ísle infheistíochta roimhe seo nó cúiseanna eile a bhaineann go sonrach leis an gceantar.
I gcás Bheart 2, tabharfar tús áite do thionscadail phobail a chomhlíonfadh cuspóirí an Phlean Forbartha Contae, an Phlean Ceantair Áitiúil nó an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail de réir mar is cuí nó a chríochnódh nó a chomhlánódh tionscadail nó bearta reatha a chomhlíonfaidh cuspóirí na bpleananna seo.
Léireoidh leithdháiltí maoinithe 2024 an tsamhail leithdháilte náisiúnta i.e. leithdháiltí atá ailínithe le líon pro-rata na n-iontrálacha nua a bheidh á óstáil i ngach láthair in Aibreán 2024.
Tá na cineálacha tionscadal atá incháilithe do mhaoiniú faoi gach beart leagtha amach i Roinn D den Imlíne Scéime anseo thíos:
- forbairt, feabhsú nó athchóiriú ar áiseanna pobail nó cultúrtha ar nós áiteanna súgartha, siúlbhealaí, páirceanna, gairdíní pobail, cláir chumarsáide agus limistéir spraoi.
- forbairt, feabhsú nó athchóiriú ar chlub áitiúil agus ar áiseanna spóirt, áiseanna ar nós linnte snámha pobail, seomraí feistis, leithris, áiseanna digiteacha ar nós cláir scórála / cláir faisnéise srl.
- feabhas a chur ar áiseanna scoile/paróiste atá ar oscailt le húsáid ag an bpobal tar éis uaireanta scoile;
- trealamh a cheannach do chlubanna, féilte, imeachtaí pobail agus eagraíochtaí áitiúla m.sh. trealamh ceoil, ealaíon nó spóirt;
- bonneagar iompair ar nós feithiclí pobail a cheannach, scáthláin bus agus cláir faisnéise freastalaithe a cheannach; agus
- foirgnimh a cheannach agus a athchóiriú agus/nó talamh a cheannach chun áiseanna pobail a fhorbairt mar áiteanna súgartha / MUGA’s nó páirceanna baile / gairdíní pobail, limistéir spraoi srl. le haghaidh úsáid an phobail nuair a aithnítear riachtanas soiléir. (ní mór don údarás áitiúil an ceannach a riar)
Tabhair faoi deara go bhfuil sé mar cheanglas faoin scéim líon na ndaoine nua atá ag teacht isteach sa bhaile nó sa sráidbhaile a léiriú agus ní mór na huimhreacha seo a chur san áireamh i bhfoirmeacha iarratais comhlánaithe. Tabharfar aird freisin agus measúnú agus faomhadh á dhéanamh ar gach tionscadal trasna Bheart 1 agus Beart 2 ar roinnt rudaí eile ar nós:
- Comhlíonadh na dtéarmaí atá leagtha amach i Scéim an Chiste Aitheantais Pobail go háirithe na tionscadail incháilithe a bhfuil cuntas orthu i Roinn D agus an riachtanas go mbeidh tionscadail ar mhaithe an phobail go ginerálta.
- Ailíniú leis an bPlean Forbartha Contae, leis an bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail agus nuair is cuí, leis an bPlean Gníomhaíochta Aeráide. Go sonrach, beidh ar iarratasóirí a léiriú conas a mheasann a dtionscadal cúrsaí athraithe aeráide / bithéagsúlachta;
- Cumas an tionscadal a thabhairt chun críche laistigh de na hamlínte atá leagtha síos in Imlíne na Scéime, sin é, 50% de tharraingt anuas maoinithe in 2025 agus 100% faoi Shamhain 2026;
- Ní mór na rialacha agus na rialacháin airgeadais, soláthair phoiblí agus chuntasaíochta chuí a chomhlíonadh mar atá leagtha amach i Roinn M de Choinníollacha Maoinithe na Scéime;
- Deimhniú nár úsáideadh an maoiniú mar fhoinse cómhaoinithe do Scéimeanna Ranna Rialtais eile ar nós an Ciste Aitheantais Pobail 2023 nó go bhfuil fianaise curtha ar fáil a thaispeánann go bhfuil an t-iarratas comhlántach nó ag céim eile de thionscadal atá ann cheana féin;
- Ní mór do thograí comhoibriú dlúth le pobail agus leasanna gnó a léiriú i ndearadh agus i seachadadh na dtionscadal molta;
- Ní mhór don raon, meascán, cáilíocht agus tionchar na dtionscadal molta féachaint a thabhairt don mhaoiniú atá ar fáil;
- Nithe tábhachtacha eile le machnamh a dhéanamh orthu ná go mbeadh toilithe pleanála agus/nó toilithe úinéirí talún i bhfeidhm, nuair is gá, nó i gcás léasa, fianaise go bhfuil léas bailí i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach lú ná 15 bliana;
Tá Foirmeacha Iarratais do Thionscadail Bheart 1 agus Bheart 2 ar fáil thíos agus ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach go dtí communityrecognition@kerrycoco.ie roimh 5:00pm Dé Céadaoin 31 Iúil 2024
Féadfar fiosrúcháin maidir leis an gCiste seo agus leis an nGlao Poiblí ar Iarratais a dhéanamh trí ghlaoch a chur ar 066 7183652 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig communityrecognition@kerrycoco.ie
Dein teagmháil linn
An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680