Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chiarraí

Sábháilteacht Pobail: Cur chuige nua

Tugadh an téarma “sábháilteacht pobail” isteach chun rannpháirtíocht an phobail a spreagadh, rud a bhfuil sé i gceist leis go n-oibríonn gach cuid den phobal le chéile chun mothúcháin sábháilteachta níos mó a chothú ina bpobal.

Mar atá leagtha amach i mbeartas sábháilteachta pobail na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, is é atá i gceist le sábháilteacht pobail ná daoine a bheith sábháilte agus a bheith ag mothú go bhfuil siad sábháilte ina bpobail féin. D’fhorbair an Roinn an Beartas Sábháilteachta Pobail seo agus aird á tabhairt ar eochairphrionsabal a sainaithníodh i dtuarascáil na bliana 2018 ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn, is é sin nach freagracht atá ar an nGarda Síochána agus ar an nGarda Síochána amháin í an phóilíneacht agus go mbeidh tionchar suntasach ag cur chuige comhpháirtíochta straitéisí, ina dtugtar raon soláthraithe seirbhíse agus an pobal le chéile, ar chabhrú le daoine a bheith níos sábháilte ina bpobail agus a mheas go bhfuil siad níos sábháilte ina bpobal.

Téann an cur chuige nua sábháilteachta pobail i bhfad níos faide ná an fhreagairt thraidisiúnta póilíneachta agus éilítear leis ar gach comhlacht stáit iomchuí agus ar gach eagraíocht dheonach iomchuí obair le chéile ar bhealach comhleanúnach i gcomhpháirt leis an bpobal áitiúil chun tús áite a thabhairt do shaincheisteanna ina limistéar féin agus chun aghaidh a thabhairt orthu sin. Tá an cur chuige nua comhpháirtíochta sin á thabhairt isteach chun rannpháirtíocht mhéadaithe pobail agus cumhachtú méadaithe pobail a spreagadh, rud a bhfuil sé i gceist leis go n-oibríonn gach cuid den phobal le chéile chun mothúcháin agus eispéiris sábháilteachta níos mó a chothú i gceantair ar fud na hÉireann.

Tá an Beartas Sábháilteachta Pobail mar chuid d’athrú bunúsach atá ar siúl faoi láthair maidir le conas a dhéanfar beartas an rialtais i ndáil le sábháilteacht pobail a chur i ngníomh agus a chur chun feidhme. Leis an gcur chuige “uile-rialtais” sin, leagfar díriú na seirbhísí rialtais iomchuí uile ar chosc agus ar luath-idirghabhálacha. Is féidir le cur chuige comhroinnte i leith réiteach fadhbanna a chinntiú nach dtiocfaidh cásanna a d’fhéadfadh a bheith dochrach chun cinn in aon phobal ar leith. Maidir le cosc dochair agus idirghabhálacha a dhéanamh go réamhghníomhach, ba cheart don tseirbhís atá sa riocht is fearr chun iad a dhéanamh iad a dhéanamh, agus an méid sin a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach comhtháite le seirbhísí eile.

An tAcht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024

Moladh breise sa Tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn ba ea gur cheart an cur chuige nua sin i leith sábháilteacht pobail a bhunú sa reachtaíocht. Tugtar aghaidh leis an moladh sin san Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, a tosaíodh an 2 Aibreán 2025. Baineann Cuid 3 den Acht seo le sábháilteacht pobail agus foráiltear léi do bhonneagar áitiúil agus náisiúnta a bhunú chun tacú leis an gcur chuige nua i leith sábháilteacht pobail, lena n-áirítear Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla.

Bonneagar Náisiúnta Sábháilteachta Pobail

Leis an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024 (‘an tAcht’), foráiltear do roinnt príomhstruchtúr agus príomhuirlisí chun tacú leis an mBeartas Sábháilteachta Pobail agus le Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla:

  • Straitéis náisiúnta le haghaidh sábháilteacht pobail a fheabhsú: tacú le comhlachtaí poiblí agus le pobail agus iad ag obair le chéile chun sábháilteacht pobail a fheabhsú. Chomh maith leis sin, soláthrófar leis an straitéis creat beartais uileghabhálach agus clár gníomhartha, rud a bheidh mar bhonn agus thaca ag cur chuige uile-rialtais i leith sábháilteacht pobail. Samhlaítear go ndéanfar an straitéis a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Rialtais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thosach feidhme an Achta.
  • Coiste ainmnithe de chuid an Rialtais: féadfar é a bhunú chun formhaoirseacht agus cuntasacht pholaitiúil ardleibhéil a sholáthar don Rialtas.
  • Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail: ceannaireacht shinsearach agus stiúradh sinsearach a sholáthar le haghaidh an straitéis náisiúnta a chur chun feidhme agus le haghaidh comhar idirghníomhaireachta a chothú. Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe atá ar leibhéal an Rúnaí Chúnta, nó ar leibhéal coibhéiseach, ó chomhlachtaí iomchuí Rialtais (atá liostaithe i gCuid 3 den Acht) agus ó ghníomhaireachtaí iomchuí (atá liostaithe sna rialacháin don Ghrúpa Stiúrtha), rud a thacaíonn le tiomantas an Rialtais don chur chuige nua sin.
  • Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail: stiúradh straitéiseach a chur le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla, agus oiliúint, treoir agus tacaíochtaí eile a sholáthar dóibh; faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna sábháilteachta pobail áitiúla; taighde agus meastóireachtaí a chothú, a sheoladh nó a choimisiúnú maidir le hoibriú na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta. Is ar fáil anseo atá tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna na hOifige Náisiúnta agus faoin dóigh a dtacóidh sí le Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla.
Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla beidh siad freagrach as na seirbhísí iomchuí stáit uile agus an pobal a thabhairt le chéile ar leibhéal an údaráis áitiúil agus imreoidh siad ról lárnach in aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin atá os comhair pobail ar fud na tíre. Feidhmeoidh na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta sin mar ardáin chomhoibríocha a thabharfaidh seirbhísí iomchuí stáit, ionadaithe pobail agus geallsealbhóirí le chéile chun ábhair imní sábháilteachta áitiúla a shainaithint agus chun tús áite a thabhairt dóibh, chun pleananna sábháilteachta pobail áitiúla a fhorbairt, agus chun iarrachtaí ilghníomhaireachta a chomhordú chun aghaidh a thabhairt orthu.

Feidhmeanna na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Tá feidhmeanna na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta liostaithe in alt 116 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, agus tá siad mar a leanas:

Feidhmiú mar fhóram plé: feidhmiú mar ardán le haghaidh ábhair imní sábháilteachta pobail a phlé agus le haghaidh cineálacha comhordaithe cur chuige a fhorbairt i leith sábháilteacht pobail a fheabhsú ar an leibhéal áitiúil.

Pleananna sábháilteachta pobail áitiúla a fhorbairt gach trí bliana: plean sábháilteachta pobail áitiúil a fhorbairt agus a ghlacadh gach trí bliana. Ní mór an Straitéis Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail (nuair a bheidh sí ar fáil) agus aon treoir ón Oifig Náisiúnta a chur san áireamh sna pleananna.

Próiseas comhairliúcháin phoiblí le haghaidh Pleananna Sábháilteachta Pobail Áitiúla: comhairliúcháin phoiblí a sheoladh chun tosaíochtaí agus cuspóirí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a shainaithint le linn an Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil a fhorbairt.

Pleananna sábháilteachta pobail áitiúla a chur chun feidhme: faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na bPleananna Sábháilteachta Pobail ar bhonn leanúnach i gcomparáid le tagarmharcanna nó táscairí cuí.

Faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean: athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean sábháilteachta pobail uair amháin ar a laghad i saolré an phlean agus, tar éis an athbhreithnithe sin, an plean a leasú de réir mar is cuí.

Comhoibriú le geallsealbhóirí: comhoibriú agus comhordú le geallsealbhóirí iomchuí i ndáil le gníomhartha faoi Phlean Sábháilteachta Pobail Áitiúil, faoi Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail arna dhéanamh de bhun alt 66B den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, agus faoi aon phleananna eile atá iomchuí dá limistéar feidhme.

Tuairimí a thabhairt ar phleananna póilíneachta áitiúla: i gcás go mbeidh plean póilíneachta áitiúil atá iomchuí do limistéar feidhme na Comhpháirtíochta Sábháilteachta á ullmhú, nó gur ullmhaíodh plean den sórt sin, tuairimí a thabhairt ar an ullmhúchán sin nó ar an dul chun cinn ar chur chun feidhme aon phlean den sórt sin don oifigeach rannáin iomchuí don rannán den Gharda Síochána nó don chuid de lena mbaineann an plean.

Cruinnithe poiblí a óstáil: cruinnithe poiblí a óstáil maidir le nithe a bhaineann le sábháilteacht pobail ina limistéar feidhme.

Fóraim Sábháilteachta Pobail Áitiúla: tacú le fóraim sábháilteachta pobail comharsanachta áitiúla limistéarbhunaithe agus iad a chomhordú i limistéar feidhme na Comhpháirtíochta Sábháilteachta, i gcás gur cuí.

Tuairisciú: tuarascáil bhliantúil, agus aon tuarascálacha eile den sórt sin a éilítear, a ullmhú agus a chur faoi bhráid na hOifige Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail.

Cuspóirí agus Torthaí

Beidh cuspóirí agus torthaí beartaithe na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla mar a leanas:

  • tús áite a thabhairt do shaincheisteanna arna sainaithint ag an bpobal mar ábhair imní sábháilteachta;
  • rannpháirtíocht agus ionadaíocht an phobail ar Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta a chinntiú;
  • Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil a fhorbairt a léireoidh na tosaíochtaí arna sainaithint ag an bpobal;
  • feabhas a chur ar chomhoibriú ilghníomhaireachta i limistéar na Comhpháirtíochta Sábháilteachta;
  • cur le muinín an phobail as soláthraithe seirbhíse; agus
  • soláthraithe seirbhíse a choimeád cuntasach don phobal maidir leis na gníomhartha comhaontaithe arna sainaithint sa Phlean Sábháilteachta Pobail Áitiúil a chomhlíonadh.
Treoirphrionsabail
  1. Cur Chuige Uile-Rialtais

Cur chuige Uile-Rialtais atá nasctha le straitéisí agus struchtúir eile rialtais náisiúnta agus áitiúil chun díriú na seirbhísí rialtais uile lena mbaineann a leagan ar shábháilteacht pobail, go háirithe ar chosc agus ar luath-idirghabhálacha. Ba cheart an díriú a bheith ar réitigh chomhtháite iomlánaíocha a fhorbairt i leith saincheisteanna sábháilteachta pobail, ar acmhainní a chur le chéile agus ar dhea-chleachtais a roinnt.

  1. Comhoibriú agus Comhpháirtíocht

Ba cheart d’eagraíochtaí pobail agus do ghníomhaireachtaí rialtais obair le chéile i gcomhpháirt leis an bpobal áitiúil agus lena eagraíochtaí ionadaíocha chun tús áite a thabhairt do shaincheisteanna ina limistéar féin agus chun aghaidh a thabhairt orthu sin.

Tá tuilleadh mionsonraí faoin bprionsabal arb éard é cur chuige comhoibríoch comhpháirtíochta a ghlacadh ar fáil anseo.

  1. Dochar a Chosc

Is é atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar bhunchúis na coireachta ná dul i ngleic leis na saincheisteanna agus na míbhuntáistí sóisialta, eacnamaíocha agus struchtúracha bunúsacha a rannchuidíonn le pobail a bheith neamhshábháilte nó a bheith ag mothú go bhfuil siad neamhshábháilte. Ba cheart do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta féachaint le tús áite a thabhairt do ghníomhartha lena gcuirtear cosc ar dhochar agus lena dtugtar aghaidh go réamhghníomhach ar phríomh-shaincheisteanna bunúsacha. Leis sin, cumasófar freagairt chomhordaithe agus éifeachtach.

  1. Tacaíocht Spriocdhírithe do Phobail faoi Mhíbhuntáiste

Is minic a fhulaingíonn pobail i limistéir atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch torthaí atá diúltach go díréireach i ndáil le sábháilteacht pobail. Is dóichí go mbeidh tionchar orthu ag na príomh-shaincheisteanna bunúsacha a rannchuidíonn le pobail a bheith neamhshábháilte nó a mhothú go bhfuil siad neamhshábháilte, amhail bochtaineacht, imeallú, bonneagar neamh-leordhóthanach agus rochtain theoranta ar sheirbhísí. Is príomhchuspóir de chuid na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla é tacaíocht spriocdhírithe fhianaisebhunaithe a sholáthar do na pobail sin, agus é mar aidhm acu timpeallachtaí sábháilte agus cuimsitheacha a chothú do theaghlaigh, do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí áitiúla.

  1. Cur Chuige Rannpháirtíoch

Tá cur chuige rannpháirtíoch fréamhaithe sa chreideamh go bhfuil sé de cheart ag pobail a gcuid riachtanas agus leasanna féin agus na freagraí is gá chun freastal ar na riachtanais sin a shainaithint. Ba cheart do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla próisis agus sásraí a fhorbairt chun tacú le cuimsiú agus rannpháirtíocht an phobail éagsúil ar fad agus chun tacú le comhairliúchán fiúntach leis. Is uirlis an-úsáideach í an Guide for Inclusive Community Engagement in Local Planning and Decision Making ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta nuair atáthar ag pleanáil cur chuige rannpháirtíoch i leith rannpháirtíocht an phobail.

  1. Cuimsiú Sóisialta

Bíonn pleanáil rannpháirtíoch éifeachtach agus fhiúntach ag brath ar rannpháirtíocht na ndaoine sin arb iad a nguthanna na guthanna is imeallaithe. Is minic a bhíonn an tionchar is mó orthu ag na cinntí sin nach gcuirtear a n-eispéiris agus a n-ábhair imní san áireamh iontu. Tá sé tábhachtach a chinntiú go mbeadh guth láidir ag pobail atá imeallaithe agus faoi mhíbhuntáiste i gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta. Ba cheart é sin a léiriú i gcomhaltas na Comhpháirtíochta Sábháilteachta agus sna sásraí atá i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir le daoine agus grúpaí atá eisiata ó thaobh cúrsaí sóisialta de páirt a ghlacadh i bpleanáil agus i gcinnteoireacht.

  1. Cuntasacht

Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a bheith cuntasach don phobal as gníomhartha comhaontaithe a chomhlíonadh. Tá pobail agus daoine den phobal ina rannpháirtithe gníomhacha i bhfreagairtí sábháilteachta pobail a shainaithint agus a sholáthar agus, dá bhrí sin, tá siad cuntasach as gníomhaíocht a chur i gcrích freisin. Ní mór do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla iad féin mar chomharghrúpa, eagraíochtaí is comhaltaí, agus geallsealbhóirí eile a choimeád cuntasach as na gníomhartha sin a chur i ngníomh.

  1. Cur Chuige Fianaisebhunaithe

Ba cheart a chinntiú go dtreorófar cinntí agus gníomhartha le fianaise agus le hionchur ó chomhaltaí pobail, agus na cinntí sin a bhunú ar na sonraí atá ar fáil le linn eolas stairiúil agus reatha an phobail agus a gheallsealbhóirí a chur san áireamh.

  1. Meas ar Thaithí agus Rannchuidiú na gComhaltaí Uile agus Aitheantas don Taithí agus Rannchuidiú sin

Ba cheart aitheantas a thabhairt don taithí agus don rannchuidiú a thugann gach comhalta den Chomhpháirtíocht Sábháilteachta leo agus ba cheart meas a thabhairt ar an taithí agus ar an rannchuidiú sin, agus ba cheart cineálacha cur chuige a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bhaineann leas as láidreachtaí agus saineolas gach comhalta.

Comhaltas

Ceann amháin de na boinn leis an gcur chuige comhpháirtíochta is ea go bhfuil gach pobal difriúil agus go bhfuil fadhbanna agus saincheisteanna difriúla acu. Ba cheart an comhaltas a chumrú chun go n-áiritheofar an ionadaíocht is leithne do leasanna na hearnála sábháilteachta pobail, do leasanna déimeagrafacha agus do leasanna pobail i limistéar riaracháin na Comhpháirtíochta Sábháilteachta Pobail Áitiúla, agus chun go mbainfear na torthaí sábháilteachta pobail is fearr amach don limistéar sin.

Struchtúr na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Struchtúr na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Tá croístruchtúr na Comhpháirtíochta Sábháilteachta leagtha amach i bhFíor 1 thuas. Beidh 30 comhalta ar a mhéad ag an gComhpháirtíocht Sábháilteachta. Is é an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce a cheapann na comhaltaí uile de Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla.

An Chéad Chruinniú

Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chiarraí ar an 2 Nollaig 2025

An Chéad Chruinniú Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chiarraí

Déan teagmháil linn

Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chiarraí
communitysafety@kerrycoco.ie
chairkerrylcsp@kerrycoco.ie
www.gov.ie/communitysafety

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680