Ceisteanna Coitianta

1.  An dteastaíonn Ceadúnas Madraí uaim?

Má tá madra agat, ní mór go mbeadh ceadúnas madraí agat.

Táillí Ceadúnais
• Cosnaíonn Ceadúnas Madraí Aonair €20.
• Cosnaíonn ceadúnas madraí saoil €140.

Más mian leat Ceadúnas Madraí Aonair nó Saoil a cheannach ó An Post cliceáil anseo nó tabhair cuairt ar d’Oifig Poist áitiúil.

  • Cosnaíonn Ceadúnais Madraí Ghinearálta €400 sa bhliain.

Ní féidir Ceadúnais Madraí Ghinearálta i gcomhair líon neamhshonraithe madraí in aon réadmhaoin amháin a cheannach ach go díreach ó Chomhairle Contae Chiarraí ag oifig na Seirbhísí Timpeallachta ar Shráid na Mainge, Trá Lí nó trí ghlaoch ar an uimhir 066 7162000.

Díolúintí ó Cheadúnas a Bheith Agat
• Ní theastaíonn ceadúnas do mhadraí treorach
• Má tá an madra níos óige ná ceithre mhí d’aois agus á choinneáil lena m(h)áthair nó lena m(h)áthair altrama
• Tá tuilleadh eolais le fáil in Acht um Rialú Madraí, 1986

2. Conas is féidir liom Teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Maorachta Madraí?

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís maorachta madraí ag Póna Madraí Chomhairle Contae Chiarraí, Bóthar Mhaitiú Talbóid, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 K004 trí ghlaoch ar an uimhir 066 – 7183700 nó trí Ríomhphost a sheoladh chuig dogpound@kerrycoco.ie

Is féidir rochtain a fháil ar an bpóna trí choinne a dhéanamh idir Luan – Aoine 10.00am – 1.00pm agus 2.00pm – 5.00pm

3. Cé bhfaighidh mé madraí atá le hathshocrú?

Tabhair cuairt ar ár leathanach facebook https://www.facebook.com/kerrycountycouncildogpound/ chun eolas a fháil maidir le madraí atá le hathshocrú

Táillí Athshocraithe

4.  An dteastaíonn suaitheantas aitheantais ó mo mhadra?

Teastaíonn: De réir an dlí, ceanglaítear suaitheantas aitheantais a bheith ar choiléar gach madra. Ní mór go mbeadh coiléar ar gach madra ar a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara greanta ar dhiosca nó ar shuaitheantas. Mura gcinntítear an méid sin d’fhéadaí fíneáil ar an láthair €200 a ghearradh ar dhuine. Cabhróidh sé sin má chailltear nó má ghoidtear do mhadra. Is féidir iad sin a cheannach i gclinicí tréidlia agus i siopaí peataí éagsúla.

5.  Ar cheart dom micrishlis a chur i mo mhadra?

Ba cheart. Ceanglaítear de réir an dlí anois micrishlis a chur i ngach madra, coileáin san áireamh, faoi na Rialacháin um Micrishlisiú Madraí, 2015 (I.R. Uimh. 63 de 2015). Má théann madra ar iarraidh, tá seans níos fearr ann go n-aimseoidh tú é nó í má tá sé nó sí micrishlisithe. Déan teagmháil le do thréidlia chun eolas a fháil faoi mhicrishlisiú.

6.  Céard ba cheart dom a dhéanamh faoi mhadraí ag tafann?

Déileáiltear in Alt 25 d’Acht um Rialú Madraí, 1986, le núis a bhaineann le madraí ag tafann. Mura bhfaigheann tú freagra sásúil ó úinéir an mhadra, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a fhorordaítear faoin Acht um Rialú Madraí. Tá na foirmeacha seo ar fáil ó údaráis áitiúla.

7. Céard iad na pórtha ar a dtugtar Pórtha Srianta?

Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí, 1998, tá na pórtha seo a leanas sainaitheanta mar phórtha a d’fhéadfadh a bheith contúirteach, dá bhrí sin, ní mór go mbeadh béalóg ar na pórtha seo i gcónaí nuair a bhíonn siad in áiteanna poiblí, ar shlabhra/ar iall atá sách láidir agus nach bhfuil níos faide ná 2m agus á rialú ag duine atá níos sine ná 16 bhliain d’aois atá in ann an madra a rialú:

  • Tarbh-bhrocaire Meiriceánach
  • Tarbh-bhrocaire Sasanach
  • Tarbh-bhrocaire Staffordshire
  • Tarbhmhaistín
  • Pinséir Dobermann
  • Sípéir Gearmánach (Alsáiseach)
  • Dronnach Róidéiseach
  • Rótvaidhléir
  • Aicíte Sheapánach
  • Tósa Seapánach

Chomh maith leis sin, cuimsítear gach madra den chineál ar a dtugtar Iallmhadra go coitianta, agus gach tréithchineál nó crosphór nó cineál madra eile a bhfuil cur síos déanta air sna Rialacháin um Rialú Madraí, 1998.

8. An gá dom mo pheata a neodrú?

Moltar go láidir go gach úinéir peata a m(h)adra a neodrú mura bhfuil sé beartaithe aige nó aici é nó í a phórú ar bhealach freagrach agus cineálta. Laghdóidh sé sin líon na gcoileán gan iarraidh. Chomh maith leis sin, tá níos lú seans ann go mbeidh madraí fireanna neodraithe ag dul ar strae nó ionsaitheach. Chomh maith leis sin, cabhraíonn na nósanna imeachta sin chun an baol go mbeidh galair lena mbaineann baol báis ag cur isteach ar do pheata.

9. Céard é Bunachas Pórúcháin Madraí?

Is áitribh iad seo ina gcoimeádtar seisear nó níos mó madraí baineanna, atá níos sine ná sé mhí d’aois agus tá in ann pórú. Ní mór duit clárú le d’Údarás Áitiúil má chomhlíonann tú na critéir sin. Má tá bunachas pórúcháin nua á bhunú agat ní mór duit clárú le d’údarás áitiúil ar dtús. Is cion é feidhmiú gan a bheith cláraithe le d’údarás áitiúil.

10. Conas is féidir liom a bheith i m’úinéir madra freagrach?

Nasc don PDF dar teideal “Úinéireacht Madra Fhreagrach “ anseo.

11.Sa chás go ndéantar ionsaí ar bheostoc, céard ba cheart dom a dhéanamh?

Sa chás go ndéantar ionsaí ar bheostoc, déan teagmháil le na Gardaí nó leis an bPóna Madraí. Ba cheart go dtuigfeadh úinéirí madra go mbeidh úinéir an mhadra faoi dhliteanas damáistí agus gortaithe déanta aige nó aici d’aon bheostoc (de réir alt 21 d’Acht um Rialú Madraí, 1986).

An tAcht um Rialú Madraí,  1986

Téir I dtreangbháil linn

Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm  & 2.00pm – 5.00pm  ón Luan go Aoine