Ceadúnais Bhailithe Dramhaíola
Ag smaoineamh ar ábhar a chartadh? Bí cinnte go bhfuil ceadúnas bailithe dramhaíola ag an té a bhaileoidh do dhramhaíl nó d’fhéadfá trioblóid a tharraingt ort féin. D’fhéadfaí fíneáil €5,000 a ghearradh ort as bailitheoir dramhaíola neamhúdaraithe a úsáid.
Is gá do dhaoine a théann i mbun bailiú dramhaíola ceadúnas bailithe dramhaíola a bheith acu. Cinntítear leis seo gur daoine freagracha iad agus go dtéann an dramhaíl chuig suíomh údaraithe. Tá oibleagáid ort gan do dhramhaíl a thabhairt ach do bhailitheoir údaraithe.
- Is ionann dramhaíl agus aon rud a chartann tú, beag beann ar an luach atá air.
- Is minic a dhéanann bailitheoirí dramhaíola neamhúdaraithe dumpáil mhídhleathach agus is tusa fós atá freagrach.
- Sula dtabharfaidh tú dramhaíl d’aon duine, iarr orthu a gceadúnas bailithe dramhaíola a thaispeáint duit. Ní mór an cineál dramhaíola atá tú a chartadh a bheith liostaithe ar an gceadúnas.
- Ní mór a n-ainm agus a n-uimhir cheadúnas bailithe dramhaíola a bheith ar fheithicil bailitheoirí dramhaíola údaraithe. Ní mór freisin a n-ainm agus a n-uimhir cheadúnas bailithe dramhaíola a bheith ar aon fhógra.
Is féidir é a sheiceáil a thuilleadh ach dul chuig suíomh gréasáin Oifig Náisiúnta Cheadúnais Bailithe Dramhaíola www.nwcpo.ie nó trí theagmháil le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Chiarraí.
Cuimhnigh – Do Bhruscar, Do Fhreagracht
Naisc úsáideacha – www.mywaste.ie/
Dein teagmháil linn
An Rannóg Comhshaoil,
Sráid na Mainge,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Ph: 066/7162000
Bruscair 1800/326228
Faics: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie