Cathaoirleach a Cheapadh go dtí na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Nua i dtaca le Comhairle Contae Chiarraí
Tá léirithe suime á lorg ag Comhairle Contae Chiarraí chun iad a bhreithniú maidir le ceapachán mar Chathaoirleach ar Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil nua atá le cur ar bun i ngach limistéar Údaráis Aitiúil i gcomhréir leis an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2024.
Próiseas an Iarratais
Ba chóir léirithe suime a chur isteach leis an ríomhphost go dtí john.osullivan@kerrycoco.ie.
Ba chóir go n-áireofaí leis an léiriú suime iad so a leanas:
- Litir chlúdaigh ina léirítear suim agus ina leagtar amach oiriúnacht agus taithí ábhartha i leith an chion feidhme;
- CV mionsonraithe.
Cinntigh, le do thoil, go dtagraítear don Chathaoirleach ar an gComhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil i líne an ábhair den teachtaireacht ríomhphoist.
Déanfar gach iarratas a bheidh faighte a admháil leis an ríomhphost nuair a bheidh an dáta deiridh istigh. Mura bhfaigheann iarratasóir admháil laistigh de SHEACHT LÁ ón dáta deiridh, is cóir dó nó di teangmháil a dhéanamh le lcdc@kerrycoco.ie
Dáta deiridh
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 5.00 i.n. ar an 16 Lúnasa 2024
Ceangaltán
Eolas breise – Cathaoirleach ar Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil nua do Chiarraí
Dein teagmháil linn
An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680