CCanna Rátaí Tráchtála
- Conas a dhéantar Rátaí a Mheas?
- Céard é an Ráta Bliantúil Luachála agus conas a dhéantar é a ríomh?
- Cé a íocann Rátaí?
- Céard a tharlaíonn mura n-íocaim mo Rátaí?
- Cén dualgas atá ar úinéirí/íocóirí rátaí i ndáil le haistriú maoine?
- Má tá m’áitreabh folamh an bhfuil mé i dteideal aisíocaíocht a fháil?
- An bhfuil údarás ag an gComhairle íocaíocht a fhritháireamh i gcoinne rátaí dlite?
- An féidir liom mo luacháil a athbhreithniú?
- Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Luachála?
- An féidir toradh iarratais athbhreithnithe a achomharc?
- Nuair atá cinneadh déanta ag an Oifig Luachála maidir le luacháil, agus mura bhfuil achomharc taiscthe, an féidir é a athbhreithniú?
- An bhfuil aon Mhaoin Díolmhaithe ó Rátaí?
- An féidir liom iarratas a dhéanamh ar Dhíolúine Pháirteach le haghaidh Halla Pobail Spóirt?
- Céard é an Tobhach Réadmhaoine Iontrála (TRI)?
- An bhfuil laghdú i gceist le haghaidh cuid d’áitreabh a bhfuil úsáid á baint as mar Bhaile?
- Foirmeacha
Séanadh: Is chun críocha treorach amháin atá an fhaisnéis atá á soláthar agus níl sé beartaithe gur léirmhíniú deifnídeach dlíthiúil a bheidh ann ar reachtaíocht rialaithe iomchuí.
Conas a dhéantar Rátaí a Mheas?
Déantar Ráta an Mhuirir a ríomh tríd an ‘Luacháil Inrátaithe’ a mhéadú faoin ‘Ráta Bliantúil ar an Luacháil (ARV)’. Tá ‘Luacháil Inrátaithe’ maoine á cinneadh ag An Coimisinéir Luachála. Is iad Comhaltaí Chomhairle Contae Chiarraí a shocraíonn an ráta ARV ag a gcruinnithe buiséid. Tá an ARV atá glactha ag an gComhairle faoi láthair cothrom le €79.25. I ndiaidh dhíothú na gComhairlí Baile in 2014, tá próiseas coigeartaithe ARV fós ar siúl i gceithre iar-Údarás go dtí go sroichfear an ARV de €79.25 a bhfuil glactha leis.
Céard é an Ráta Bliantúil Luachála agus conas a dhéantar é a ríomh?
I ndiaidh breithniú a dhéanamh ar Bhuiséad Bliantúil (féach ar na Tuarascálacha Airgeadais) gach bliain, déanann na comhaltaí tofa cinneadh maidir leis an Ráta Bliantúil Luachála don bhliain dar gcionn. Déantar an t-easnamh idir an costas a bhaineann le gach seirbhís a sholáthar agus an t-ioncam ón maoiniú Rialtais a mhaoiniú trí rátaí a bhailiú.
Cé a íocann Rátaí?
Is é an duine atá faoi dhliteanas rátaí a íoc an duine nó an chuideachta atá ag sealbhú na maoine inrátaithe ag ‘Dáta Déanta an Ráta’ ach tá na heisceachtaí seo a leanas i gceist:-
- Má tá an mhaoin folamh ag Dáta Déanta an Ráta, tá úinéir na maoine faoi dhliteanas.
- Sa chás go nglacann áititheoir eile seilbh i ndiaidh dháta sonraithe an ráta, is féidir leis an údarás áitiúil a chinneadh gur cheart don áititheoir nua cion den ráta a íoc comhréireach lena g(h)airm.
Ba cheart duit an cheist seo nó muirir eile atá dlite do Chomhairle Contae Chiarraí a phlé go sonrach le d’Aturnae nuair a bhíonn léasanna nó aistrithe maoine á n-ullmhú.
Cathain a bhfuil Rátaí Iníoctha?
Eisítear an Sonrasc Rátaí gach bliain, i rith mhí an Mhárta de ghnáth, agus tá sé iníoctha in dhá thráthchuid, tá an chéad tráthchuid (50%) móide aon riaráistí gan íoc (más ann dóibh) iníoctha nuair a eisítear an Bille Rátaí. Tá an dara tráthchuid iníoctha ar an 1 Iúil.
Céard a tharlaíonn mura n-íocaim mo Rátaí?
Tionscnófar imeachtaí dlí má theipeann ort do Rátaí a íoc roimh an tréimhse shonraithe, lena n-áirítear Toghairm Cúirte más cuí. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh Comhairle Contae Chiarraí an fiach a chlárú mar mhorgáiste breithiúnais ar an maoin.
Cén dualgas atá ar úinéirí/íocóirí rátaí i ndáil le haistriú maoine?
Foráiltear in Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 le haghaidh raon leathan athchóirithe ar fheidhmeanna, struchtúir agus nósanna imeachta údaráis áitiúil, agus áirítear ina measc roinnt athruithe a bhaineann le rátaí tráchtála. Leagann Alt 32 den Acht, a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2014 oibleagáid ar úinéirí maoine, nó a ngníomhairí, fógra a thabhairt don Údarás Áitiúil nach déanaí ná 14 lá i ndiaidh an aistrithe, sa chás go bhfuil leas i maoin inrátaithe á aistriú agus go n-athraíonn an dliteanas a bhaineann le hathruithe rátaí. Mura gcuirtear Comhairle Contae Chiarraí ar an eolas faoi athrú leasa laistigh de 14 lá ó dháta an aistrithe, beidh pionós i gceist i ndáil leis an neamhchomhlíonadh sa mhéid is go mbeidh an t-úinéir faoi dhliteanas do mhéid atá cothrom le leibhéal na ndliteanas gan íoc (suas le huasmhéid de dhliteanas 2 bhliain). Fanfaidh aon phionós dlite agus atá gan íoc ag úinéir maoin iomchuí ina mhuirear ar an maoin mar gheall ar neamhfhógairt.
Meabhraítear an méid seo a leanas do gach íocóir rátaí:
• Tá siad faoi cheangal de réir an dlí gach ráta tráchtála a urscaoileadh atá dlite uathu sula bhfágann siad maoin nó sula ndíoltar nó sula n-aistrítear leas i maoin.
• Sa chás go bhfuil an mhaoin á díol ag an úinéir, tá an dualgas air/uirthi na rátaí uile a bhfuil sé nó sí faoi dhliteanas ina leith dáta aistrithe na maoine a urscaoileadh.
• Fanfaidh aon rátaí dlite agus atá gan íoc ag úinéir maoin iomchuí ina mhuirear ar an maoin.
• Ceanglaítear ar thionóntaí/áititheoirí atá ag fágáil gach dliteanas rátaí a urscaoileadh roimh mhaoiniú a aistriú/áitreabh a fhágáil.
• Sa chás go bhfuil rátaí dlite ag an am díolacháin neamhíoctha, is féidir an dlí a chur ar cheachtar den dá pháirtí nó an dá pháirtí i ndáil le neamhíoc aon chuid de na rátaí.
Alt 32 – Is féidir an Fhoirm a íoslódáil anseo
Féach ar CCanna Alt 32 anseo
An ngearrtar ús ar riaráistí ar chuntais rátaí?
Tá ar údaráis áitiúla, faoi Alt 12 den Acht um Bainistíocht Rátaí agus Oibleagáidí Eile 2019 (LGROMA 2019), ús a ghearradh ar rátaí atá thar téarma. Ón 1 Eanáir 2027, cuirfear ús le haon bhillí ó 2026 nach bhfuil íoctha.
Ríomhtar an t-ús ar rátaí atá thar téarma bunaithe ar an méid atá gan íoc, ar líon na laethanta a fhanann na muirir gan íoc le linn na bliana airgeadais áitiúla, agus ar ráta úis laethúil de 0.0219%. Is ionann an ráta laethúil seo agus ráta úis bliantúil de 8%. Cuirtear ús i bhfeidhm ar rátaí atá thar téarma ó thús na bliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin, rud a thugann roinnt deiseanna do ráta-íocóirí a gcuid muirear a íoc gan pionós a thabhú.
Tá Comhairle Contae Chiarraí tiomanta do bheith ag obair go dearfach le gach ráta-íocóir. Moltar do ghnólachtaí atá i ndeacrachtaí airgeadais teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Ioncaim nó lena mbailitheoir ioncaim ainmnithe, ionas gur féidir socruithe íocaíochta a phlé chun cabhrú leo a n-oibleagáidí rátaí tráchtála a chomhlíonadh agus chun ús a sheachaint.
Is féidir Foirm Iarratais ar Aisíocaíocht Rátaí a íoslódáil anseo.
Is féidir Foirm Dhearbhaithe maidir le Maoin Fholamh a íoslódáil anseo nó déan teagmháil le Roinn na Rátaí ag an uimhir 066 7162100 nó seol ríomhphoist chuig revenue@kerrycoco.ie
An bhfuil údarás ag an gComhairle íocaíocht a fhritháireamh i gcoinne rátaí dlite?
Tá. Má tá íocaíocht dlite do dhuine nó cuideachta agus má tá rátaí dlite ag an duine nó cuideachta chéanna, is féidir íocaíocht a fhritháireamh i gcoinne an ráta.
An féidir liom mo luacháil a athbhreithniú?
Is gnách gurb iad Údaráis Áitiúla a dhéanann iarratais ar athbhreithniú luachála, ach is féidir le haon úinéir nó áititheoir maoin inrátaithe iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú go díreach le An Oifig Luachála ar an gcoinníoll go bhfuil athrú ábhartha in imthosca i gceist ó rinneadh an mhaoin a luacháil roimhe sin. Go hachomair, is éard atá i gceist le hathrú ábhartha in imthosca athrú fisiciúil nó foirgneamh nua, scartáil iomlán nó pháirteach, nó foroinnt nó cónascadh maoin iomchuí. Glactar le hathrú ar stádas Luachála (e.g. ó stádas teaghlaigh go stádas tráchtála nó a mhalairt) mar athrú ábhartha in imthosca freisin.
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais don Choimisinéir Luachála ar Athbhreithniú Luachála i ndiaidh “Athrú Ábhartha in Imthosca” (Foirm R1)
Go ginearálta, cruthóidh Comhairle Contae Chiarraí liosta d’áitribh nua atá le luacháil go huathoibríoch – nó de na háitribh ina bhfuil athruithe suntasacha curtha i gcrích. Féadfaidh aon duine ar sealbhóir leasa é/í i maoin dá dtagraítear in Acht Luachála 2001, nuair a íoctar an táille fhorordaithe, iarratas ar athbhreithniú luachála a chur faoi bhráid an Choimisinéara Luachála.
Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Luachála?
Seo a leanas sonraí teagmhála na hOifige Luachála:
An Oifig Luachála
Bloc 2, Ionad Irish Life,
Sráid na Mainistreach Íochtarach,
Baile Átha Cliath 1, D01E9X0
Teileafón (01) 817 1000
ríomhphost: info@valoff.ie
Suíomh gréasáin: www.valoff.ie
An féidir toradh iarratais athbhreithnithe a achomharc?
Tá gnáthamh achomharc bunaithe do dhaoine nach bhfuil sásta le cinneadh an Choimisinéara ag an gcéim Athbhreithnithe. Eisíonn an Oifig Luachála foirmeacha iarratais achomharc nuair a eisítear Teastas nó Fógra Luachála mar thoradh ar an iarratas athbhreithnithe. Na foirmeacha seo a íoslódáil ó Shuíomh Gréasáin na hOifige Luachála. Tá rátaí arna meas ag an luacháil éifeachtach reatha i ndiaidh thoradh an athbhreithnithe iníoctha de réir dlí fós, fad is atá an t-achomharc á bhreithniú. Má tá aon aisíocaíocht nó méadú infheidhme i ndáil le cuntas na n-íocóirí rátaí cuirfear aon aisíocaíocht i bhfeidhm nuair a bhíonn toradh an achomhairc eisithe don Údaráis Áitiúil. Ní mór achomhairc a thaisceadh laistigh de 40 lá ó dháta sonraithe ag an gCoimisinéir Luachála agus ní mór táille chuí a sholáthar le foirm chomhlánaithe, atá iníoctha leis an gCoimisinéir Luachála.
Má tá an t-íocóir rátaí míshásta le toradh ghnáthamh an achomhairc is féidir leis/léi achomharc a chur faoi bhráid An Binse Luachála. Tá rátaí arna meas ag an luacháil éifeachtach reatha iníoctha de réir dlí fad is atá binse achomhairc á bhreithniú. Má tá aon aisíocaíocht nó méadú infheidhme i ndáil le cuntas na n-íocóirí rátaí cuirfear aon aisíocaíocht i bhfeidhm nuair a bhíonn an toradh eisithe don Údaráis Áitiúil.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi Achomhairc & Binse Achomharc déan teagmháil leis an Oifig Luachála ag an uimhir 01 8171000, seoladh ríomhphoist info@valoff.ie nó féach ar www.valoff.ie Seo thíos an seoladh teagmhála: Bloc 2, Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath. D01 E9X0
Nuair atá cinneadh déanta ag an Oifig Luachála maidir le luacháil, agus mura bhfuil achomharc taiscthe, an féidir é a athbhreithniú?
Ní féidir. Mura bhfuil achomharc taiscthe laistigh den amfráma iomchuí, níl aon cheart achomhairc bhreise ann.
An bhfuil aon Mhaoin Díolmhaithe ó Rátaí?
Tá, Maoin Teaghlaigh, Hallaí Pobail, Talamh Feirme agus Foirgnimh Feirme, maoin atá áitithe ag an Stát, Scoileanna, agus Séipéil etc. Tá liosta iomlán maoine nach bhfuil inrátaithe le fáil i Sceideal 4 de An tAcht Luachála 2001
An féidir liom iarratas a dhéanamh ar Dhíolúine Pháirteach le haghaidh Halla Pobail Spóirt?
Leasaíonn An tAcht Luachála (Leasú) 2015, a tháinig i bhfeidhm ar an 8 Meitheamh 2015, i ndáil le Clubanna Spóirt Pobail Sceideal 4 de An tAcht Luachála 2001 agus forálann sé do dhíolúine pháirteach ó rátaí tráchtála do Chlubanna Spóirt Pobail atá cláraithe faoi Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904. Leanfaidh Clubanna Spóirt Pobail nach bhfuil cláraithe faoi Acht 1904, agus atá ag feidhmiú ar bhonn seachbhrabúsach, de bheith díolmhaithe ó rátaí agus ní gá dóibh iarratas a dhéanamh.
Faoin díolúine pháirteach, ní bheidh Clubanna Spóirt Pobail atá cláraithe faoi Registration of Clubs (Ireland) Act 1904 faoi dhliteanas le haghaidh rátaí tráchtála ar fhoirgnimh, nó ar chodanna d’fhoirgnimh, atá in úsáid díreach le haghaidh spórt pobail agus ní chun ioncam a ghiniúint, nó ioncam a ghiniúint ó rannpháirtithe i spórt pobail, nó ag eagraíochtaí pobail a úsáideann an foirgneamh nó cuid den fhoirgneamh chun críocha pobail. Tá foirgnimh nó codanna d’fhoirgnimh, a úsáidtear le haghaidh nó i gcomhar le díol nó ól alcóil nó bia a ithe, úsáid mhiondíola nó fruiliú chun brabús a dhéanamh (seachas a bhfuil sonraithe san alt roimhe seo) faoi dhliteanas rátaí a íoc.
Athbhreithneoidh An Oifig Luachála na luachálacha a bhaineann le Clubanna Spóirt Pobail atá ag baint tairbhe as an leasú ar Sceideal 4. Ceanglaíonn an próiseas seo go gcomhlánaíonn agus go seolann Clubanna Spóirt Pobail iarratas (Foirm R2) ar aghaidh i dteannta leis na doiciméid tionlacain liostaithe thíos.
Ba cheart an t-iarratas comhlánaithe (Foirm R2) agus na doiciméid tionlacain a sheoladh sa phost nó a leagan isteach de láimh chuig Iarratais na gClubanna Spóirt, An Oifig Luachála, Bloc 2, Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 E9X0.
Tá CCanna maidir le díolúine pháirteach do Hallaí Pobail Spóirt le fáil anseo.
Céard é an Tobhach Réadmhaoine Iontrála (TRI)?
Is éard atá i gceist leis an tobhach réadmhaoine bliain iontrála muirear a chuireann an t-údarás áitiúil i bhfeidhm i ndáil le gach maoin nuathógtha nó nuadhéanta ar feitheamh rátaí tráchtála a thobhach. Cuireadh tús leis in 2007 faoi Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006. Ní ghearrfar Rátaí Tráchtála i ndáil le haon foirgneamh ar leith don tréimhse chéanna. Beidh feidhm leis an tobhach ó dháta measúnaithe Luacháil Inrátaithe na maoine go dtí deireadh na bliana sin. Gearrfar rátaí tráchtála ó thús na chéad bhliana eile. Tá an ríomh/dliteanas cosúil le Rátaí Tráchtála.
Tá Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006 ar fáil ar shuíomh gréasáin Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann.
An bhfuil laghdú i gceist le haghaidh cuid d’áitreabh a bhfuil úsáid á baint as mar Bhaile?
Ní áirítear i Luachálacha Inrátaithe maoine, a ndearnadh luacháil orthu ó mhí na Bealtaine 2002 ar aghaidh, ach luacháil ar ghné tráchtála na maoine. Dá réir sin, ní thugtar liúntais teaghlaigh i ndáil le maoin den chineál sin mura bhfuil athrú tagtha ar imthosca ó rinneadh an luacháil dheireanach. Soláthraítear liúntas atá cothrom le haon trian den Luacháil Inrátaithe don mhaoin, a bhfuil cuid dó ag feidhmiú ar bhonn teaghlaigh agus cuid dó ag feidhmiú ar bhonn tráchtála. Tá an faoiseamh seo faoi réir liúntas uasta de €22.86 RV. Má shíleann tú go bhfuil tú i dteideal liúntas teaghlaigh, ba cheart duit iarratas i scríbhinn a sheoladh chuig An Roinn Rátaí, Comhairle Contae Chiarraí, Halla Cuimhneacháin Thomáis Áis, Sráid Deiní, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 PVW3 agus ba cheart duit d’uimhir chuntais rátaí a shonrú.
Má tá tú míshásta leis an liúntas seo nó má shíleann tú nach leor an liúntas is féidir leat iarratas a chur chuig An Coimisinéir Luachála chun do luacháil inrátaithe a chionroinnt i gcodanna teaghlaigh agus tráchtála. Ba cheart an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Roinn Rátaí agus a chur faoi bhráid An Oifig Luachála
Foirmeacha
- Foirm Dochair Dhírigh
- Foirm Buanordaithe
- Foirm Alt 32
- Iarratas ar Aisíocaíocht Rátaí
- Foirm Dhearbhaithe maidir le Maoin Fholamh
Dein teagmháil linn
An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm