Beartas & Reachtaíocht Cháilíocht an Aeir

  • Treoir “Aer Glan don Eoraip” (CAFE) an AE: I láthair na huaire, tá caighdeáin cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh d’Éirinn á mbunú trí Threoir CAFE. Tá na teorainneacha seo leagtha amach sa tábla thíos, bainte ón Straitéis Aeir Ghlain – Rannóg 8.3:
Truailleán Meántréimhse Teorainnluachanna AE
PM2.5 (Gach uair an chloig) Lá amháin    
PM2.5 Bliain féilire 25µg/m3  
PM10 (Gach uair an chloig) Lá amháin 50 µg/m3 Gan níos mó ná 35 lá sa bhliain
PM10 Bliain féilire 40 µg/m3  
Ózón (O3) Meán laethúil uasta 8 n-uair an chloig 120 µg/m3 Gan níos mó ná 25 lá sa bhliain féilire, ar an meán thar 3 bliana
NO2 Uair an chloig amháin 200 µg/m3 Gan níos mó ná 18 lá sa bhliain féilire
NO2 Bliain féilire 40 µg/m3  
  • An Straitéis Aeir Ghlain d’Éirinn: Leagtar amach sa Straitéis an creat beartais náisiúnta trína sheachadfar na feabhsuithe riachtanacha ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh. Tá sonraí na Straitéise ar fáil tríd an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/publication/927e0-clean-air-strategy/
  • An tAcht um Thruailliú Aeir: Is príomhphíosa de Reachtaíocht náisiúnta é an tAcht i ndáil le truailliú aeir agus cáilíocht an aeir. Clúdaíonn an tAcht fadhbanna cosúil le toirmeasc agus cosc an truaillithe aeir, ceadúnú astaíochtaí tionsclaíocha áirithe i measc rudaí eile. Chomh maith leis sin, leagtar amach ann cumhachtaí forfheidhmithe agus roghanna atá ar fáil d’údaráis áitiúla nuair a bhítear ag déileáil le fadhbanna truaillithe aeir. Nasc leis an Acht um Thruailliú Aeir

Sa bhreis ar an Acht, tá roinnt Rialachán bunaithe anois, agus tá sonraí maidir leo le fáil thíos.

  • Rialacháin maidir le Breoslaí Soladacha – Is é dó breoslaí soladacha tí (e.g. gual, adhmad fliuch, móin) príomhfhoinse na n-astaíochtaí mínábhair cháithnínigh (PM5) in Éirinn. D’fhéadfadh éifeacht dhíreach a bheith ag leibhéil ardaithe cáithníneach san aer comhthimpeallach ar shláinte an duine, go háirithe i gcás na ndaoine a bhfuil riochtaí ainsealacha nó géar-riochtaí riospráide orthu. Shainaithin sonraí monatóireachta cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh roinnt réimsí inar cúis imní iad leibhéil ábhair cháithnínigh san aer comhthimpeallach i rith shéasúr téimh an gheimhridh, go háirithe i rith coinníollacha aimsire fuara, séimhe.

Chun feabhsuithe a dhéanamh ar cháilíocht an aeir, bhunaigh an rialtas rialacháin athbhreithnithe maidir le breosla soladach in 2022. Baineann na rialacháin seo (I.R. 529 de 2022) le díol agus le dáileadh breoslaí soladacha atá le húsáid in áitreabh teaghlaigh agus ceadúnaithe ar fud an Stáit.  Sa chomhthéacs seo, cuimsítear i “ndíol” gach miondíolachán, díolachán ar líne agus díolachán trí mheán eile, díolachán ó dhoras go doras etc.

Faoi na rialacháin, ní féidir ach “Breoslaí Soladacha Ceadaithe” a chur ar fáil le ceannach agus ní mór do na breoslaí sin critéir astaíochtaí shonracha a chomhlíonadh.  Ba cheart d’aon duine atá ag ceannach breosla sholadaigh d’úsáid teaghlaigh an lipéad a sheiceáil chun a fháil amach an bhfuil an fhoclaíocht seo a leanas air,  “Tá Rialacháin an Achta um Thruailliú Aeir á gComhlíonadh ag na hÁbhair” agus ba cheart go mbeadh an uimhir chláraithe a d’eisigh an GCC don táirgeoir breosla le feiceáil freisin.

Ní thoirmisceann ná nó shrianann na rialacháin gearradh nó dó móna nó móin a bheith á tabhairt mar bhronntanas dóibh siúd a bhfuil cearta bainte móna traidisiúnta acu. Ní cheadaítear díol móna tríd an idirlíon agus trí mheáin eile, agus ó áitreabh miondíola agus áiteanna poiblí, áfach.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le cáilíocht an aeir agus na rialacháin maidir le breosla soladach, lena n-áirítear ceisteanna coitianta, ar fáil trí na naisc seo a leanas:

https://www.gov.ie/en/publication/e3da2-air-quality/?referrer=http://www.gov.ie/cleanair/
http://docstore.kerrycoco.ie/KCCWebsite/environment/let-s-clear-the-air.mp4

  • Rialacháin maidir le Péinteanna Deco agus Rialacháin maidir le Tuaslagóirí – Is é an aidhm atá leis na rialacháin sin an riosca a bhaineann le neamhchosaint ar Chomhdhúile Soghalaithe Orgánacha (CSOnna) a laghdú. Ní mór do thionscail agus d’oibreoirí tráchtála a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe sna rialacháin Teastas Comhlíonta a fháil óna nÚdarás Áitiúil. Chomh maith leis sin, cuireann na rialacháin srianta ar ábhar CSO táirgí áirithe a chuirtear ar an margadh laistigh den Stát.

Tá liostaí na n-oibritheoirí i gContae Chiarraí a bhfuil teastais chomhlíonta acu faoi láthair faoi na rialacháin le fáil sna cláir seo a leanas:

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na rialacháin le fáil tríd na naisc seo a leanas:

Físeán GCC faoi Bhailchríochnaitheoirí Feithicle
https://youtu.be/GvTC62Bn_I4?feature=shared

  • Rialacháin maidir le Gala Peitriliam – Is é an aidhm atá leis na rialacháin seo Comhdhúile Soghalaithe Orgánacha (CSOnna) isteach san atmaisfeár a laghdú ó ghníomhaíochtaí athbhreoslaithe peitril ag stadanna freastail. Ní mór do stadanna freastail a sholáthraíonn peitreal Teastas Comhlíonta a fháil óna nÚdarás Áitiúil.

Tá sonraí an phróisis iarratais ar fáil ó Roinn Comhshaoil Chomhairle Contae Chiarraí.

  • Ceadúnú Rialachán maidir le Gléasra Tionsclaíoch – Ní mór do thionscail a chuireann próisis thionslaíocha áirithe i gcrích atá liostaithe sa Tríú Sceideal den Acht um Thruailliú Aeir ceadúnas a fháil óna nÚdarás Áitiúil. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, mar gheall ar athruithe ar an reachtaíocht ábhartha, go bhfuil go leor de na próisis atá liostaithe sa sceideal ábhartha anois faoi réir údaraithe á dhéanamh ag an GCC.

Tá sonraí an phróisis iarratais ar fáil ó Roinn Comhshaoil Chomhairle Contae Chiarraí.

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie