An Scéim um Béilí Lasmuigh a Mhéadú
Dírítear sa Scéim Suíocháin & Oiriúintí don Ghnó Turasóireachta & Fáilte ar leibhéal áirithe um thacaíocht airgeadais a thabhairt do ghnóthaí turasóireachta & fáilte i lár na mbailte mór chun trealamh a cheannach nó a uasghrádú a chuirfidh breis suíocháin lasmugh ar fáil agus, dá réir sin, an cumas béilí lasmuigh a mhéadú don samhradh 2021. Cabhróidh an scéim seo le húinéirí neamhspleácha chun eispéireas béilí lasmuigh a chruthú ar bhonn rialaithe agus inrochtana. Is do ghnóthaí atá cheana féin ann atá an maoiniú seo.
- D’oscail an Scéim Suíocháin & Oiriúintí don Ghnó Turasóireachta & Fáilte do na hiarratais ar an 12 Aibreán 2021 agus dúnfar é ar an 30 Meán Fómhair 2021.
Féadfar an Fhoirm Iarratais ina bhfuil Téarmaí gaus Coinníollacha na Scéime a uaslódáilanseo.
- Tá an scéim oscailte do tharraingtí, óstáin, bialanna, caifí, tábhairní nó gnóthaí eile turasóireachta agus fáilte mar a ndíoltar bia le n-ithe ar an láthair.
- Ní mór d’iarrthóirí cloí le cóid phleanála, riachtanais dlíthiúla agus riachtanais eile géiliúlachta.
- Féadfaidh iarrthóirí cur isteach ar dheontas faoi bhun €4,000 (suas le 75% de chostas seachas VAT an trealamh a cheanaítear).
- Caiteachas Intofa:
– Boird Lasmuigh
– Cathaoireacha
– Scáthanna Báistí
– Téitheoirí Leictreonacha
– Scáileáin/teanntráin ghaoithe
– Seastáin Plandaí
– Ardán adhmaid - Ní mór an t-airgead a chaitheamh idir 1 Aibreán 2020 (anuraidh) agus 30 Meán Fómhair 2021.
- Caithfidh iarrthóirí fála agus grianghrafanna den troscán in situ a thaispeáint.
- Má bhíonn an troscán lasmuigh ar bhóthar poiblí/cosán, beidh gá le Ceadúnas Troscán Sráide agus ní mór Iarratas a sheoladh isteach faoi Chuid 254 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000. Caithfear an tIarratas ar Cheadúnas Troscán Sráide a cheadú agus eiseofar Ceadúnas go dtí an iarrthóir, ina dhiaidh sin seolfar é sin i dteannta an fhoirm iarratais don Scéim Suíocháin & Oiriúintí don Ghnó Turasóireachta & Fáilte chun cur isteach ar an nDeontas. Má dhiúltaítear don iarrthóir, diúltófar don iarratas.
Féadfar an Ceadúnas Troscán Sráide (Cuid 254) a uaslódáil anseo.
Déan Teagmháil
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie