An Clár Feabhsúcháin Pobail 2021

Tá an Clár Feabhsúcháin Pobail (CEP) arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Iarrann Comhairle Contae Chiarraí agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chiarraí (LCDC) iarratais ar mhaoiniú faoin gClár
Feabhsúcháin Pobail de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe & Pobail 2021.

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt
Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien TD an Clár Feabhsúcháin Pobail (CEP). Tá maoiniú de €4.5 milliún curtha i leataobh
chun tacú le grúpaí pobail a raibh tionchar ag COVID-19 orthu. Is é an leithdháileadh do Chiarraí ná €142,409.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Is féidir le grúpa pobail nó le grúpa deonach neamhbhrabúsach iarratas a dhéanamh.
Níl eagraíochtaí tráchtála ná daoine aonair tráchtála incháilithe do mhaoiniú.

Cé na tionscadail atá incháilithe do mhaoiniú?
Cuirtear liosta nach bhfuil uileghabhálach ar fáil sa mhéid seo a leanas de thionscadail a d’fhéadfadh maoiniú a fháil faoin
gclár:

▪ Oiriúnú d’ionaid phobail agus d’áiseanna do bhearta a bhaineann le COVID-19
▪ Cothabháil aon uaire áitribh
▪ Trealamh a cheannach do chlubanna óige agus/nó oiriúnuithe ar shaoráidí do bhearta a bhaineann le COVID-19
▪ Oibreacha feabhsúcháin chun áiseanna sábháilte spóirt/áineasa a chruthú
▪ Feabhsúcháin ar pháirceanna baile agus ar chomhlimistéir agus spásanna/áiteanna poiblí sábháilte compordacha a
sholáthar don aos óg agus do dhaoine aosta araon.
▪ Feabhsúcháin ar an réimse poiblí agus tionscadail rochtana, ar aon dul le straitéis Aoisbhá Chiarraí
▪ Sráid-dréachtú
▪ Mionathruithe ar spásanna súgartha/áineasa
▪ Tionscadail de chineál éifeachtúlachta fuinnimh
▪ Ceannach trealaimh
▪ Oiriúnuithe nó trealamh a theastaíonn de bharr COVID-19
▪ Trealamh TF a cheannach le haghaidh úsáid an phobail agus chun oiliúint do dhaoine scothaosta a éascú

Ar leithligh, tá an deontas CEP seo ar fáil le haghaidh costas a bhaineann le hathoscailt saoráide nó inbhuanaitheacht
na saoráide. Ina measc seo tá costais amhail billí fóntais, srl. Chun monatóireacht agus rialachas iomchuí a chinntiú, tá
an Roinn ag rá nach bhfuil ach costais a bheidh dlite le híoc in 2021 incháilithe

Tabharfaidh an LCDC tosaíocht freisin do mholtaí tionscadail nach bhfuair maoiniú poiblí le linn COVID le 12-18 mí
anuas, faoi réir cháilíocht fhoriomlán an tionscadail.

Coinnigh i gcuimhne, le do thoil, go gcaithfidh seachadadh do thionscadail a bheith laistigh de theorainneacha srianta COVID-19 a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm agus go gcloítear le treoirlínte agus prótacail uile na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte.

D’fhéadfadh sé go mbeadh na tairiscintí ar mhaoiniú níos lú ná an tsuim a bhí á lorg ag an iarratasóir. Ba chóir d’iarratasóirí a bheith ar an eolas go bhféadfadh go leor eagraíochtaí a bheith ag déanamh iarratais ar an gClár. Dá bhrí sin, in imthosca den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis na hiarratais go léir a chomhlíonann na coinníollacha nó d’fhéadfadh sé gur suim níos lú ná an tsuim a bhí á lorg a bheadh i gceist.

Spriocghrúpaí
Tá an maoiniú seo dírithe ar shaoráidí pobail a fheabhsú do dhaoine aonair agus do phobail a dtéann míbhuntáiste i bhfeidhm orthu mar a shainaithnítear san LECP.

Conas iarratas a dhéanamh
Ba chóir iarratais a dhéanamh ar líne, ag baint úsáid as an nasc seo a leanas: https://arcg.is/1byG1u

Cinntigh le do thoil go bhfuil gach doiciméad a theastaíonn chun an t-iarratas a chomhlánú san áireamh, nó d’fhéadfadh sé go mbeadh d’iarratas neamhbhailí dá bharr.
Ní mór iarratais a bheith istigh roimh 5 i.n. ar an Aoine, 16ú Iúil, 2021.

Ba chóir ceisteanna a sheoladh trí r-phost community@kerrycoco.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Pobail & Turasóireachta ar (066) 7183680.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680