An Ciste Aitheantais Pobail 2023

Léiriú Spéise
Tá sonraí maidir le ciste €50 milliún fógartha ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun tacú le bonneagar agus áiseanna pobail a fhorbairt mar aitheantas ar a mhéid atá an pobal ag cabhrú le daoine nuathagtha a óstáil sa chontae mar fhreagairt ar ghéarchéim na hÚcráine. Rinneadh an ciste seo a leithdháileadh ar Údaráis Áitiúla ar bhonn líon na ndaoine nuathagtha atá lonnaithe ann. Fuair Comhairle Contae Chiarraí €4,403,073.

Tá téarmaí an mhaoinithe leagtha amach sa cháipéis ‘Imlíne Scéime’ a ghabh leis an bhfógra maoiniúcháin agus tá an doiciméad seo mar bhunús do na prionsabail do dháileadh an mhaoinithe i gContae Chiarraí, go háirithe agus an maoiniú á dhíriú ar na pobail, na sráidbhailte agus na bailte is mó ina bhfuil daoine nuathagtha lonnaithe.

Dáilfear formhór an mhaoinithe atá ar fáil trí Ghlao Poiblí ar Thionscadail Incháilithe thar dhá bheart maoiniúcháin sonrach:

Beart 1
Dáilfear ciste de thuairim agus €3.3 milliún ar Phobail, Bailte agus Sráidbhailte ina mbeidh óstaíocht á tabhairt do dhaoine nuathagtha chun maoiniú a dhéanamh ar thionscadail chaipitil chlaochlaitheacha ar scála a dhéanfaidh timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta na gceantar sin a athbheochan agus a fheabhsú.

Mar atá leagtha amach san Imlíne Scéime, le moltaí faoin gcatagóir seo; “ní mór a léiriú seo go bhfuil an maoiniú dírithe ar na pobail, na sráidbhailte agus na bailte sin is mó ina bhfuil daoine nuathagtha lonnaithe agus ina léirítear an gá soiléir atá le hinfheistíocht, agus gur iontu go háirithe atá infheistíocht á déanamh.”

Sna leithdháiltí maoiniúcháin léireofar an tsamhail leithdháilte náisiúnta i.e. arna ailíniú le líon pro rata na ndaoine nuathagtha i ngach áit ar an Dáta Deiridh chun iarratais a fháil.

Beart 2
Leithdháilfear Ciste suas le €400,000 i gcomhair tionscadail chaipitil bheaga agus mheánmhéide “a sholáthróidh sochair inláimhsithe do phobail” suas le huasmhéid €40,000 in aghaidh an tionscadail incháilithe a mholann grúpaí pobail, eagraíochtaí cultúrtha, clubanna spóirt etc. ar fud an chontae.

Na cineálacha tionscadal atá incháilithe do mhaoiniú faoi gach Beart, tá siad leagtha amach i Roinn D den Imlíne Scéime agus áirítear orthu sin:

  • forbairt, feabhsú nó athchóiriú áiseanna pobail nó cultúrtha lena n-áirítear limistéir súgartha, siúlbhealaí, páirceanna, gairdíní pobail/gairdíní na gcéadfaí lena n-áirítear boird chumarsáide, cuibhrinn, agus limistéir áineasa;
  • áiseanna clubanna agus spóirt áitiúla a fhorbairt, a fheabhsú nó a athchóiriú, lena n-áirítear áiseanna amhail linnte snámha pobail, seomraí feistis, leithris, áiseanna digiteacha amhail cláir scórála/faisnéise etc.;
  • feabhsú ar áiseanna scoile/paróiste atá oscailte don phobal ar fad tar éis uaireanta scoile;
  • trealamh a cheannach do chlubanna áitiúla, d’fhéilte, d’imeachtaí pobail agus d’eagraíochtaí, e.g. trealamh ceoil, ealaíon nó spóirt;
  • bonneagar iompair amhail feithiclí pobail, foscadáin bus agus boird faisnéise a cheannach; agus
  • ceannach agus athchóiriú foirgneamh agus/nó ceannach talún chun áiseanna pobail a fhorbairt amhail limistéir súgartha/MUGAnna nó páirceanna baile/gairdíní pobail, limistéir áineasa etc. lena n-úsáid ag an bpobal i gcás ina léireofar gá soiléir a bheith lena leithéid.

Tugtar faoi deara gur riachtanas de chuid na scéime é líon na ndaoine nuathagtha sa bhaile nó sa sráidbhaile a léiriú agus ní mór na huimhreacha seo a chur san áireamh sna foirmeacha iarratais comhlánaithe.

Tabharfar aird ar roinnt tosca i measúnú agus i gceadú na dtionscadal uile ar fud Bheart 1 agus Bheart 2 lena n-áirítear:

  • Comhlíonadh na dtéarmaí a leagtar amach in Imlíne Scéime an Chiste Aitheantais Pobail, go háirithe na tionscadail incháilithe a leagtar amach i Roinn D inti;
  • Ailíniú leis an bPlean Forbartha Contae agus leis an bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail;
  • An cumas an tionscadal a chur i gcrích laistigh de na hamlínte a fhorordaítear san Imlíne Scéime i.e. tarraingt anuas 60 % den mhaoiniú in 2023 agus tarraingt anuas 100 % faoi 2024;
  • Ní mór gach riail agus rialachán cuí airgeadais, soláthair phoiblí agus chuntasaíochta a chomhlíonadh (Tagraítear freisin do Roinn M — Coinníollacha Maoiniúcháin san Imlíne Scéime);
  • Deimhniú nár úsáideadh an maoiniú mar fhoinse cómhaoinithe do Scéimeanna Ranna Rialtais eile;
  • Ní mór do thograí a léiriú go ndéanann siad comhoibriú dlúth le pobail agus le leasanna gnó i ndearadh agus i seachadadh na dtionscadal atá beartaithe;
  • Raon, meascán, cáilíocht agus tionchar na dtionscadal atá beartaithe, ag féachaint don mhaoiniú atá ar fáil;
  • Breithnithe ábhartha eile;

Tá Foirmeacha Iarratais le haghaidh Tionscadail Bheart 1 agus Bheart 2 ar fáil thíos agus ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe ukrainecommunityresponse@kerrycoco.ie faoi 5:00i.n. Déardaoin, 2 Márta 2023

Is féidir ceisteanna a bhaineann leis an gCiste seo agus leis an nGlao Poiblí ar Iarratais a dhéanamh trí ghlaoch ar 066 7183660 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig ukrainecommunityresponse@kerrycoco.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680